FÍSEÁN: ‘Tá mé ag imeacht liom ar jetplane!’ – Jason ag fágáil Ros na Rún tar éis 22 bliain agus jab mar phíolóta faighte ag Ciabhán Ó Murchú

Tá Ciabhán Ó Murchú, a bhfuil páirt Jason á déanamh aige ar Ros na Rún le 22 bliain anuas, agus a bhí le feiceáil sa chéad radharc den chéad eagrán den sobaldráma ar TG4, ag fágáil slán leis an sobalbhaile anocht

FÍSEÁN: ‘Tá mé ag imeacht liom ar jetplane!’ – Jason ag fágáil Ros na Rún tar éis 22 bliain agus jab mar phíolóta faighte ag Ciabhán Ó Murchú

Na haisteoirí Ciabhán Ó Murchú agus Brídín Ní Mhaoldomhnaigh i radharc as 'Ros na Rún'

Beidh Ciabhán Ó Murchú, a bhfuil páirt Jason a déanamh aige ar Ros na Rún le 22 bliain anuas, ag fágáil slán leis an sobalbhaile Gaeltachta anocht agus post úr faighte ag an aisteoir mar phíolóta le comhlacht aerlíne.

15 bliain a bhí Ó Murchú, arb as an Spideál i gConamara dó, nuair a leag sé cos ar sheit Ros na Rún den chéad uair. Go deimhin, bhí Ó Murchú agus an t-aisteoir Bríd Ní Neachtain, a bhíodh mar mháthair ag Jason i Ros na Rún, ar na chéad daoine a bhí le feiceáil riamh ar an sobaldráma Gaeilge nuair a craoladh ar TG4 é i 1996.

Ciabhán Ó Murchú sa chéad radharc den chéad chlár riamh de Ros na Rún a craoladh ar TG4 i 1996

Anocht, 22 bliain níos déanaí, beidh Jason ag fágáil slán le Ros na Rún.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Murchú, go raibh sé “an-bhuíoch” as na blianta a chaith sé le Ros na Rún agus go raibh “an t-ádh dearg” air a bheith ag obair ina theanga dhúchais mar aisteoir.

“D’fhás mé aníos ar Ros na Rún agus is páirt mhór do mo shaol é. Is cuimhin liom m’obair bhaile a dhéanamh ar an seit tar éis na scoile.

“Bhí go leor laethanta maithe agam ann agus cé go bhfuil sé brónach ar bhealach a bheith ag imeacht as, tá sé tagtha chuig an bpointe go bhfuil sé in am rud éigin nua a dhéanamh,” ar sé.

Chuir Ó Murchú suim i gcúrsaí eitleáin nuair a bhí sé ina ghasúr óg.

“Bhínn ag dul ar cuairt chuig mo sheanmháthair i Sasana agus thabharfadh sí mé chuig iarsmalanna, agus áiteanna a raibh seaneitleáin de chuid an Dara Cogadh Domhanda ann.

“Agus mé ag fás aníos, ní rud é a cheap mé go mbeinn in ann tabhairt faoi mar gheall ar an gcostas agus ní raibh aon eolas agam cén chaoi a ngabhfadh duine ag foghlaim faoi rudaí mar sin.”

Blianta ina dhiaidh sin d’éirigh Ó Murchú fiosrach arís agus fuair sé eolas ar líne maidir le ceadúnas píolóta tráchtála a fháil.

“Cé go bhfuil sé daor agus nach rud éasca é le déanamh, fuair mé amach nach raibh sé dodhéanta. Bhí na costais beagáinín níos ísle ná mar a shamhlaigh mé.

“Thuig mé tar éis tamaill gur rud é a d’fhéadfaí a dhéanamh thar cúpla bliain dá mbeinn cúramach agus go bhféadfainn a bheith ag obair, ag sábháil airgid agus ag staidéar ag an am céanna.”

Chuir Ó Murchú tús leis an chéad chéim den phróiseas chun ceadúnas píolóta tráchtála a fháil ceithre bliana ó shin agus tá sealanna caite aige i mbun cúrsaí traenála sa Spáinn agus sa Pholainn idir an dá linn.

Fuair sé an ceadúnas píolóta tráchtála bliain go leith shin agus fuair sé dea-scéal mar gheall ar an phost úr i mí Eanáir.

“Ar nós go leor jabanna, is é an chéad phost an ceann is deacra le fáil,” ar sé.

Beidh Jason ag fágáil slán le Ros na Rún anocht, Déardaoin ag a 8.30in ar TG4.

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Tá mé ag imeacht liom ar jetplane!’ – Jason ag fágáil Ros na Rún tar éis 22 bliain agus jab mar phíolóta faighte ag Ciabhán Ó Murchú'

  • Bríd "Rogha Bhríde"

    Go n-éirí an, eh, rúidbhealach leat a Chiabháin!
    Sár agallamh a rinne tú le MTS fósta!