FISEÁN: ‘Scannalach agus maslach’ – easaontas sa Dáil faoin méid ama atá curtha ar fáil do bhille teanga 

Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney gurb amhlaidh go bhfuil an Rialtas agus pobal na Gaeilge ag iarraidh go ndéanfaí an bille teanga a achtú gan a thuilleadh moille

Dúradh sa Dáil tráthnóna go raibh sé “scannalach agus maslach” nach bhfuil níos mó ama curtha ar fáil chun díospóireacht a dhéanamh faoin mBille Teanga sa Dáil.

Amárach a bheidh an chéad chéim eile d’aistear an bhille trí Thithe an Oireachtais agus d’éirigh tráthnóna idir an Rialtas agus an freasúra faoin méid ama atá curtha ar fáil chun é a phlé. 

Trí uair an chloig agus 20 nóiméad atá curtha ar leataobh tráthnóna amárach do Chéim na Tuarascála den bhille a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga agus cur le cearta teanga phobal na Gaeilge. 

Deir an freasúra nach leor é sin chun an bhreis is 300 leasú atá molta a phlé.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pádraig Mac Lochlainn go mba ionann sin agus 40 soicind do gach leasú. Dúirt Mac Lochlainn go raibh Sinn Féin ag éileamh go gcuirfí tuilleadh ama ar fáil Dé Céadaoin seo chugainn chun “scagadh ceart” a dhéanamh ar na leasuithe.

Dúirt Mac Lochlainn go raibh daoine ag fanacht naoi mbliana ar an mbille teanga nua agus nach ndéanfadh seachtain amháin eile “mórán difríochta” dá gciallódh sé go mbeadh an bille “ceart” sa deireadh ann.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh “díomá agus fearg” uirthi faoi chur chuige an Rialtais i leith an bhille. “Tá sé scanallach agus maslach…Nílimid chun glacadh leis,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách.

Mhaígh Catherine Connolly nach bhféadfadh an Rialtas a áitiú go bhfuil siad dáiríre faoin mbille nua agus “srian” á chur acu leis an díospóireacht faoi.

Rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney cosaint ar chur chuige an Rialtais i leith an bhille agus dúirt sé go raibh 25 uair an chloig caite ag plé na leasuithe cheana féin ag céim an Choiste den Bhille.

B’amhlaidh go raibh an Rialtas agus pobal na Gaeilge ag iarraidh go ndéanfaí an beart anois agus an bille a achtú gan a thuilleadh moille, a mhaígh Coveney.

Dúirt Catherine Connolly nach bhféadfaí glacadh beag ná mór le caint an Aire Coveney. Caitheadh oiread ama ag plé an bhille ag céim an Choiste toisc go raibh sé chomh “lochtach” sin, a dúirt sí.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách gur gheall Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers don fhreasúra go mbeadh cruinniú aige leis an bhfreasúra leis na leasuithe a phlé, rud nár tharla. 

Thart ar 320 leasú ar fad atá molta do Chéim na Tuarascála den Bhille Teanga, céim a gcuirfear tús léi sa Dáil an tseachtain seo.

Beagnach leathchéad leasú atá molta ag Aire na Gaeltachta, ina measc leasú a d’fhágfadh go mbeadh ceangal reachtúil ar an stát a chinntiú gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Ó thaobh leasuithe an fhreasúra de, tá os cionn 230 leasú molta ag Teachtaí Dála Shinn Féin agus tá 37 leasú eile ar an mbille curtha chun cinn ag an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly.

Dúirt an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl go raibh lucht Oifig na mBillí agus Rannóg an Aistriúcháin ag obair go dtí 5.10am ar maidin chun go mbeadh na leasuithe go léir réidh don phlé faoin mbille teanga amárach.

Níor glacadh le moladh Shinn Féin agus Catherine Connolly go gcuirfí tuilleadh ama ar fáil do Chéim na Tuarascála den bhille

Níl sé curtha as an áireamh ag príomhpháirtí an fhreasúra, Sinn Féin, go siúlfar amach as an Dáil amárach mar agóid in aghaidh chur chuige an Rialtais i leith achtú an bhille teanga.

Fág freagra ar 'FISEÁN: ‘Scannalach agus maslach’ – easaontas sa Dáil faoin méid ama atá curtha ar fáil do bhille teanga '

  • Seàn ÓM

    Maith thú Catherine! Coinnigh ort agus seas an fód!