FÍSEÁN: ‘Onóir é seo do thraidisiún ársa litríochta ar minic í á ceilt’ – Duais Herbert do Nuala Ní Dhomhnaill i Vársá

Ag searmanas speisialta in Amharclann na Polainne aréir, fuair Nuala Ní Dhomhnaill mórghradam idirnáisiúnta litríochta

FÍSEÁN: ‘Onóir é seo do thraidisiún ársa litríochta ar minic í á ceilt’ – Duais Herbert do Nuala Ní Dhomhnaill i Vársá

Bronnadh an mórghradam idirnáisiúnta litríochta Duais Herbert ar an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill ag searmanas speisialta in Amharclann na Polainne i Vársá aréir.

Seo an chéad uair a bronnadh an duais litríochta seo, a mbíonn $50,000 ag dul léi, ar bhean.

Ag labhairt di ag an ócáid bhronnta, dúirt Nuala Ní Dhomhnaill gur aitheantas a bhí i gcinneadh na moltóirí do litríocht na Gaeilge.

“Ba mhaith liom thar aon ní eile a fhógairt gur ionann agaibh an duais seo a bhronnadh ormsa agus onóir a thabhairt do thraidisiún ársa litríochta a bhí go minic á cheilt,” a dúirt an file.

Dúirt Ní Dhomhnaill nach raibh an tsláinte rómhaith aici le tamall de bhlianta, gur bhásaigh a fear céile, gur thréig inspioráid na filíochta í agus gur bhraith sí gur “seanbhean” í a bhí “ag foghlaim an bháis”.

“Chruthaigh sibhse nárbh fhíor dom san,” a dúirt sí agus buíochas á ghabháil aici le lucht bronnta na duaise as misneach a thabhairt di aghaidh a thabhairt ar an saol arís.

Thagair sí ina hóráid do na heachtraí ina saol a mhúnlaigh í mar fhile agus mar bhean, do na laochra litríochta a thug spreagadh di agus do na “cainteoirí maithe” Gaeilge a bhí timpeall uirthi i gCorca Dhuibhne le linn a hóige, dream a raibh a gcuid cainte “chomh slachtmhar ó thaobh struchtúir agus a bhí sí ó thaobh céille”.

Dúirt Ní Dhomhnaill gur léirigh an fógra i mí an Mhárta gur uirthise a bhronnfaí Duais Herbert na bliana seo cruachás litríocht na Gaeilge in Éirinn, mar a mbíonn sí féin “faoin radar don gcuid is mó”.

“Níor dhein oiread is duine amháin ós na meáin Bhéarla in Éirinn teangbháil liom faoi. Bhí cúpla seachtain ann sular luadh é san Irish Times nuair a scríobh an scríbhneoir Gaoluinne Alan Titley alt i mBéarla faoi inar dhein sé an pointe gurb ionann an litríocht in Éirinn i gcónaí agus litríocht an Bhéarla amháin.”

Dúirt sí gur “dearbhú millteach” a bhí sa duais ar fhiúntas agus ar thairbhe “saothar a saoil, ag cur ar phár i nGaoluinn agus sa bhfilíocht gur ann don bhean, ina croí agus ina héirim sa bhfichiú agus san aonú haois is fiche”.

Dúirt an file gurb í an fhilíocht a thugann slán í agus nach bhféadfadh sí maireachtaint dá héagmais. Dúirt sí go raibh méid áirithe draíochta sa bhfilíocht, “an rud arb é malairt ‘caithréim na tola’ é – caithréim na neamhthola, b’fhéidir”.

I ndiaidh do Nuala Ní Dhomhnaill a hóráid a thabhairt agus cuid dá dánta a aithris in Amharclann na Polainne, dúirt an t-amhránaí Eilís Ní Chinnéide roinnt d’amráin mhóra na Mumhan ar thagair an file dá dtábhacht ina cuid cainte.

Is féidir an ócáid ar fad a fheiscint anseo.

Nuair a fógraíodh gur ar an bhfile as Éirinn a bhronnfaí Duais Herbert i mbliana, dúirt cathaoirleach choiste na moltóirí Edward Hirsch, file agus údar as Meiriceá, go raibh tábhacht idirnáisiúnta ag baint le saothar Uí Dhomhnaill.

“Roghnaíomar file cróga agus ceannródaíoch a bhfuil tábhacht ag baint léi ar bhonn áitiúil, ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn idirnáisiúnta. File í a chabhraigh le hathbheochan a teanga féin,” arsa Edward Hirsch.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Onóir é seo do thraidisiún ársa litríochta ar minic í á ceilt’ – Duais Herbert do Nuala Ní Dhomhnaill i Vársá'

  • Darragh Ó Caoimh

    Tréaslaím a gradam léi. An-mhórtasach bheith im Ghael.