Tá an-tóir ar líne ar fhíseán de bhuachaill óg trí bliana d’aois agus é ag canadh leagan breá Gaeilge den rann ‘Baa Baa Black Sheep’ i mBenalmádena na Spáinne. Ba í máthair an bhuachalla a chuir an físeán amach ar Twitter inné agus tá sé á roinnt go tréan ó shin agus ardmholadh ag daoine don amhránaí óg.
Is léir óna teachtaireacht go raibh an-bhród ar Connla McCann, máthair an bhuachalla, as taispeántas a mic agus go ndearna sí suntas den iontas a bhí ar an ‘200’ turasóir Sasanach a bhí ag éisteacht leis.
Is féidir féachaint ar an bhfíseán thíos.
When ur 3yr old sings Baa Baa Blacksheep in Irish in front 200 British holiday-ers & they don’t understand a word
When ur 3yr old sings Baa Baa Blacksheep in Irish in front 200 British holiday-ers & they don’t understand a word ?? pic.twitter.com/jCUkkq1WPc
— Connla McCann (@connlamccann) 28 Meitheamh 2016
Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Mearbhall ar thurasóirí Sasanacha ag leagan Gaeilge de ‘Baa Baa Black Sheep’'