FÍSEAN: Féile Scannán Idirnáisiúnta

Féach ar an bpíosa físe seo ó TG4 agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

 

Gníomhaíocht 1:

Gníomhaíocht 2:

  • Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.

Gníomhaíocht 3: Ceisteanna Ginearálta:

  • Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Cén fáth ar deineadh an mhír seo?
  • Cé hí Rosie Ryan?
  • Cén fáth a bhfuil ‘Le Caoinchead: Warner Bros’ scríofa ar an scáileán?
  • Cé mhéad saothar a bheidh le feiscint i rith na féile?
  • Cén fáth a gcuirtear agallamh ar Bhrenda Ní Shúilleabháin?
  • Luaigh dhá rud atá le rá aici.
  • Cén bhaint atá ag an bpictiúr thíos leis an scéal? Déan cur síos ar an méid atá le feiceáil agus ag tarlú ann.

Gníomhaíocht 4: Líon na Bearnaí:

Féach/Éist leis an mír físe arís agus déan iarracht na bearnaí seo a líonadh.

Gníomhaíocht 5: Ábhar plé le do pháirtí:

  • Ag obair le do pháirtí déan cur síos gairid ar chreatlach scéil do scannán.
  • Cé hiad na príomhcharachtair agus na príomhimeachtaí a bheadh sa scannán?
  • Déan taifead fuaime ar na smaointe seo agus seol ar aghaidh iad chuig grúpaí eile sa rang le haiseolas/smaointe a fháil uathu.

Fág freagra ar 'FÍSEAN: Féile Scannán Idirnáisiúnta'