Gníomhaíocht 1:
Gníomhaíocht 2:
- Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.
Gníomhaíocht 3 – Ceisteanna Ginearálta:
- Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
- Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.
- Cén fáth ar deineadh an mhír seo?
- Cén fáth a dtaitníonn an fómhar le Cathal?
- Cén fáth a luaitear an céatadán 30%?
- Luaigh dhá rud atá le rá ag uimhir 11 agus é ag caint leis an bhfoireann.
- Cé hé Micheál Ó Coileáin?
- Deir Cathal an frása “togáil amach”. An bhfuil tú in ann Gaeilge eile a chur ar an bhfrása sin?
- Luaigh rud amháin atá le rá ag na himreoirí faoin bpeil Ghaelach.
- Tá an seanfhocal ‘Beidh lá eile ag an bPaorach’ le cloisteáil sa mhír. Déan an seanfhocal a mhíniú i d’fhocail féin?
- Déan cur síos ar an méid atá le feiceáil sa phictiúr thíos. Cén fáth a bhfuil a fhios againn nár tógadh an pictiúr seo in Éirinn?
Gníomhaíocht 4 – Líon na Bearnaí:
Gníomhaíocht 5 – Obair duit féin
- Lig ort gur tú an cathaoirleach ar an gclub peile áitiúil. Scríobh ríomhphost chuig Cathal ag rá go bhfaca tú an mhír seo agus go mbeadh suim agat nasc a chruthú idir an dá chlub.
- Is féidir focail agus frásaí a chuardach ar teanglann.ie agus focloir.ie.
- Breathnaigh sa Phunann Teanga le haird a thabhairt ar bhotúin a rinne tú agus saothair eile á scríobh agat.
- Bí cinnte go gcuireann tú do shaothar sa Phunann Teanga.
Ábhar machnaimh:
- Na rudaí a thaitin leat faoin mír.
- Ceist éigin atá agat tar éis na míre.
- Cúpla pointe faoi do chlub féin.
- Bealach éigin le nasc a chruthú idir an dá chlub.
Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Peileadóirí na Catalóine'