Tá leagan daite d’fhíseán de bheirt chailíní ag canadh as Gaeilge os cionn 90 bliain ó shin á scaipeadh go mear ar líne.
Beirt chailíní as Lios Ceannúir i gcontae an Chláir atá le feiceáil san fhíseán, a taifeadadh i 1929, agus iad ag canadh ‘Ó cailín beag, is ea mise…’
John Breslin, comhúdar na leabhar mór-ráchairte ‘Old Ireland in Colour’ a chuir amach an físeán ar na meáin shóisialta.
Ag Leabharlanna Ollscoil Southern Carolina atá an físeán a rinne Fox Movietone News.
Ar Twitter agus Facebook a bhain John Breslin, innealtóir, cáil amach ar dtús lena leaganacha daite de ghrianghraif dubh agus bán den seansaol in Éirinn.
Beidh an tríú leabhar sa tsraith Old Ireland in Colour, le John Breslin agus Sarah-Anne Buckley, á sheoladh an mhí seo chugainn.
Beirt chailíní ag canadh “Ó, cailín beag is ea mise” as Gaeilge
(Two girls singing “Oh, I am a little girl” in Irish)Lios Ceannúir, Contae an Chláir, 1929
(Liscannor, County Clare, 1929)© @UofSCLibraries Movietone 2-919@PaletteFM #ffmpeg #quicktime pic.twitter.com/TxoRjrEUx1
— Old Ireland in Colour (@irelandincolour) August 29, 2023
Fág freagra ar 'Físeán de bheirt chailíní ag canadh as Gaeilge os cionn 90 bliain ó shin á mhearscaipeadh'