FÍSEÁN: Cosaint déanta ag ceannasaí an HSE ar a cur chuige i leith na Gaeilge le linn na paindéime

Cuireadh i leith Phríomhfheidhmeannach an HSE ag cruinniú de Choiste Sláinte Thithe an Oireachtais inniu go raibh a laghad eolais a cuireadh ar fáil i nGaeilge ó thús na paindéime ‘uafásach ar fad’ 

FÍSEÁN: Cosaint déanta ag ceannasaí an HSE ar a cur chuige i leith na Gaeilge le linn na paindéime

Tá ráite ag ceannasaí an HSE Paul Reid go leagann an eagraíocht sin “béim mhór” ar chumarsáid a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge faoin ngéarchéim sláinte, ach go gcuirfeadh sé fáilte roimh mholtaí maidir le feabhas a chur ar an tseirbhís i nGaeilge.

Tá cáineadh géar déanta ar na húdaráis sláinte ó thús na paindéime faoina laghad eolais atá curtha ar fáil i nGaeilge acu faoi chúrsaí Covid-19.

Cuireadh i leith Phríomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu ag cruinniú de Choiste Sláinte Thithe an Oireachtais go raibh an easpa infheistíochta atá á déanamh in eolas i nGaeilge a chur ar fáil don phobal “an-soiléir”.

An Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee a d’ardaigh cás na Gaeilge ag an gcruinniú den choiste Sláinte.

Dúirt sí go raibh a laghad eolais a cuireadh ar fáil i nGaeilge ó thús na paindéime “uafásach ar fad”.

Mhaígh Paul Reid go mbíonn an HSE ag cloí le “treoirlínte an Rialtais” i leith an dátheangachais agus go mbíonn “béim mhór” acu ar an gcumarsáid i nGaeilge. Luaigh Reid chomh maith go bhfuil Gaeilge ag an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, agus go mbíonn an Dr Henry ar fáil le labhairt i nGaeilge leis na meáin Ghaeilge.

Dúirt sé go gcuirfeadh sé fáilte roimh aiseolas ar bith faoin scéal.

 

Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee gur “údar mór imní” a laghad eolais a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí agus gur fadhb í a chaithfear dul i ngleic léi láithreach.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gur chaith an HSE níos lú ná 2% den airgead a chaith siad ar fhógraíocht faoin bpaindéim ar fhógraí Gaeilge.

D’íoc Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte os cionn €2.5 milliún ar fhógraí raidió, teilifíse agus ar na meáin shóisialta idir mí an Mhárta agus deireadh mhí Mheán Fómhair a bhain le heolas faoin bpaindéim ach níor caitheadh ach €44,600 den iomlán ar ábhar Gaeilge – 1.8%.

Mar atá léirithe ag an suíomh seo ó thús na paindéime, ní chuirtear ar fáil i nGaeilge ach fíorbheagán den eolas, den chomhairle agus de na treoirlínte faoin choróinvíreas, atá á nuashonrú gach lá i mBéarla ar shuíomh an rialtais agus ar shuíomh an HSE.

De réir na comhairle sláinte is déanaí i nGaeilge atá á cur ag an rialtas ar an phobal maidir le Covid-19 ní fiú do dhaoine nach bhfuil tinn masc a chaitheamh.

Dúirt Lorraine Clifford-Lee, ball de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais, le Tuairisc.ie gur “mór an náire é” go bhfuil comhairle sláinte phoiblí mhíchruinn dá leithéid á cur amach ag an rialtas i nGaeilge.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte le Tuairisc.ie cheana go bhfuil ábhar á fhoilsiú ar líne i mBéarla sula mbíonn an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil “de bharr a riachtanaí a bhí sé go gcuirfí eolas tábhachtach faoin tsláinte phoiblí ar fáil don phobal go gasta”.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite nár cheart dearmad a dhéanamh le linn na paindéime ar cheist “inmharthanacht na teanga náisiúnta mar theanga bheo”.

Dúirt sé gur léirigh cás na teanga le linn na paindéime Covid-19 go raibh an baol ann gur nuair is “tábhachtaí agus is práinní” an chumarsáid gur lú an seans go ndéanfar an chumarsáid sin i nGaeilge.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh “géarghá” le leasuithe a dhéanamh ar an reachtaíocht teanga lena chinntiú go ndéanfaidh an Stát “freastal níos fearr” ar phobal labhartha na Gaeilge “ina rogha teanga, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta”.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Cosaint déanta ag ceannasaí an HSE ar a cur chuige i leith na Gaeilge le linn na paindéime'

  • Bladaráil

    Ach nach bhfuil jab swap déanta acu le Údarás? Is comhairle gnó agus tacaíochtaí pobail a bhéas an HSE ag roinnt as seo amach.