Físeán: Corp + Anam 2

Tá an tIriseoir Coiriúlachta Cathal Mac Iarnáin ar ais agus é faoi bhrú arís. Agus deireadh lena phósadh, cén seans a bheas aige nuair nach bhfuil duine ar bith aige chun teacht i gcabhair air nuair a daortar chun príosúin é féin? Pléann an dara sraith de Corp + Anam le faillí agus caimiléireacht an chórais dlí in Éirinn. Labhair Tuairisc.ie le Darach Mac Con Iomaire (stiúrthóir/scríbhneoir) agus Paddy Hayes (léiritheoir) faoi Corp + Anam 2, a gcuirfear tús leis ar TG4 ar an 27 Samhain.