FÍSEÁN: ‘Colm Bán na Síochána’ – ‘lasaigí coinneal tráthnóna, 1,500 bliain ó rugadh Colmcille’

Mar chuid den fheachtas Colm Cille 1500 atá ar siúl inniu chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhreith an naoimh i 521, tá amhrán nua cumtha ag Pádraigín Ní Uallacháin agus beidh íomhánna lasta ar fhoirgnimh in Éirinn agus in Albain

FÍSEÁN: ‘Colm Bán na Síochána’ – ‘lasaigí coinneal tráthnóna, 1,500 bliain ó rugadh Colmcille’

Táthar ag iarraidh ar dhaoine coinneal a lasadh ag 5.21pm tráthnóna inniu mar chomóradh ar 1,500 bliain shaolú Naomh Colmcille.

‘Coinneal Cholm Cille’ atá tugtha ar an bhfeachtas comórtha agus lasfar íomhánna ar fhoirgnimh ar fud na hÉireann agus na hAlban mar chuid den chomóradh ar bhreith an naoimh sa bhliain 521 AD.

Dearadh na híomhánna seo chun aird a tharraingt ar an nasc idir cultúr na hÉireann agus cultúr na hAlban, ar éirigh le Colm Cille é a dhaingniú agus a bhuanú.

Ar na háiteanna a mbeidh na híomhánna le feiceáil tráthnóna tá láthair uaighe an naoimh ar Oileán Í, Ballaí Dhoire agus Teach Laighean.

Tá Colm Cille 1500 á eagrú ag Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig agus tacaíocht chomh maith aige ó Roinn na Gaeltachta.

Chomh maith le Coinneal Cholm Cille tá póstaer speisialta comórtha déanta do Cholm Cille 1500, póstaer atá ar fáil in eagrán an lae inniu de The Irish Times.

Tá sraith dán físe, i nGaeilge na hAlban, Gaeilge na hÉireann agus Manainnis, déanta ag Marcas Mac an Tuairneir, do Cholm Cille 1500 agus rinne John McCarron dealbh speisialta don chomóradh. Foilsíodh úrscéal do dhéagóirí le Feargal Ó Béarra, cuireadh amach scannán le Déirdre Ní Mhathúna agus rinne Clamairí Ard Mhacha mír aithrise ar shaol Cholm Cille.

Colm Bán na Síochána is teideal d’amhrán nua ón amhránaí mór le rá, Pádraigín Ní Uallacháin, amhrán a dhíríonn ar an dtréimhse a thug Colm Cille ar deoraíocht in Albain. Le clos ar an amhrán tá Fin Moore ar phíb bheag na hAlban, Dónal O’Connor ar an fhidil agus Macdara Ó Graham.

“Is é is mó a spreag mé fá scéal Cholm Cille na téamaí ceangal, deoraíocht agus ionracas,” a deir Pádraigín Ní Uallacháin.

“Tagraítear dó seo uilig san amhrán: an nasc idir Éirinn agus Albain, obair agus ealaín, idir bhealaí cearta agus neamheiticiúla. Tá téama na síochána agus na deoraíochta ann chomh maith, agus an seasamh a bhí aige ag tacú le healaíontóirí a linne, filí agus maisitheoirí san áireamh.

“Aithním ann fear cineálta, cróga, ealaíonta, umhal a raibh grá domhain aige d’Éirinn agus d’Albain – fear déanta síochána a rinne meancóga, a d’aithin a laigí agus a ghlac freagracht as a ghníomhartha. Leoga, eiseamláir dár n-aimsir féin.” 

Dúirt Tristan Rosenstock, Comhordaitheoir Cholmcille 1500: “Bí linn agus las coinneal do Cholm Cille ag 5.21 p.m. anocht, rud a chuirfidh i gcuimhne dúinn bliain a bhreithe, agus sinn uilig ag ceangal le chéile le solas a chaitheamh ar a oidhreacht bhuan.”

Is féidir #Colmcille1500 a leanacht ar Instagram, YouTube agus Twitter inniu,.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Colm Bán na Síochána’ – ‘lasaigí coinneal tráthnóna, 1,500 bliain ó rugadh Colmcille’'