FÍSEÁN: Blaiseadh beag ar fáil den chéad fhadscannán Gaeilge eile a bheidh sna pictiúrlanna

Tá roinnt gradam idirnáisiúnta buaite cheana féin ag an scannán a bheidh le feiceáil sna pictiúrlanna i mí Mheán Fómhair

FÍSEÁN: Blaiseadh beag ar fáil den chéad fhadscannán Gaeilge eile a bheidh sna pictiúrlanna

Tá réamhbhlaiseadh den fhadscannán nua Gaeilge Róise & Frank ar fáil anois. 

Tá roinnt gradam idirnáisiúnta buaite cheana féin ag an scannán a bheidh le feiceáil sna pictiúrlanna i mí Mheán Fómhair. 

Bhuaigh Róise agus Frank Gradam an Lucht Féachana agus duais airgid ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Sonoma a bhí ar siúl in California. Bronnadh Gradam an Lucht Féachana ar an scannán ag Féile Santa Barbara in California cúpla mí ó shin.

Ghnóthaigh an scannán gradam aisteoireachta don ensemble is fearr ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus bhuaigh Róise & Frank gradaim don Scannán, Stiúrthóir, agus Aisteoir is Fearr ag Féile Scannán Stócólm le deireanaí freisin.

Is i nGaeltacht Phort Láirge a rinneadh Róise agus Frank faoin scéim Cine4, scéim a fhaigheann maoiniú ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Stiúrtha agus scríofa ag Rachael Moriarty agus Peter Murphy, ríomhann an scannán scéal Róise (Bríd Ní Neachtain), baintreach atá faoi bhrón ag bás a fir chéile. Éiríonn sí mór le madra a d’fhéadfadh a bheith ina fear céile athionchollaithe. Ceapann a mac (Cillian Ó Gairbhí) go bhfuil sí go hiomlán as a meabhair.

Tá ualach gradam buaite ag scannáin de chuid Cine4 le tamall anuas agus moladh mór faighte ag leithéidí An Cailín CiúinFoscadh agus Arracht.

Beidh an scannán Róise & Frank ar siúl i bpictiúrlanna na hÉireann ón 17 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Blaiseadh beag ar fáil den chéad fhadscannán Gaeilge eile a bheidh sna pictiúrlanna'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Beidh an scannán ‘Róise & Frank’ chomh maith leis an scannán ‘An Cailín Ciúin’ á thaispeáint ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna, Indreabhán ag Club Scannán Sailearna, mar chuid de shéasúr scannán an Fhómhair, a bheas ag tosnú le ‘Róise & Frank’ ar an 29 Meán Fómhair.