FÍSEÁN: ‘Ba chóir foirne nach labhraíonn Gaeilge a dhíbirt as Comórtas Peile na Gaeltachta’

Deir Tommy Jim Mac Gearailt ó Chumann Caide na Gaeltachta gur chóir cumainn a dhíbirt as Comórtas Peile na Gaeilge murab í an Ghaeilge a dteanga

FÍSEÁN: ‘Ba chóir foirne nach labhraíonn Gaeilge a dhíbirt as Comórtas Peile na Gaeltachta’

Tá sé ráite ag ball de choiste áitiúil Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019 gur cheart go ndíbreofaí as an gcomórtas bliantúil foirne nach labhraíonn Gaeilge.

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta ag ceiliúradh 50 bliain a bhunaithe an deireadh seachtaine seo i gCorca Dhuibhne, ach tá conspóid ann le roinnt mhaith blianta faoin easpa Gaeilge a bhíonn in úsáid ag cumainn áirithe a bhíonn ag glacadh páirte ann. Go dtí seo níor cuireadh pionós ar aon chumann de bharr a dteip ó thaobh na teanga de.

Agus é ag labhairt ar 7Lá na seachtaine seo ar TG4, dúirt Tommy Jim Mac Gearailt, Oifigeach Forbartha Chumann Caide na Gaeilge, go bhfuil sé in am ag lárchoiste Chomórtas Peile na Gaeltachta breis cigireachta a dhéanamh le cinntiú gurb í an Ghaeilge teanga na gcumann go léir a bhíonn ag reáchtáil an chomórtais nó ag glacadh páirte ann. Mura ndéanfar sin, tá an Gearaltach, a bhfuil baint aige le heagrú Chomórtas na bliana seo, den tuairim go mbeidh an comórtas i mbaol.

“Is léir nach bhfuil polasaí ann ó thaobh an teanga ag an lárchoiste agus dá mbeadh, ní thitfeadh sé seo amach,” a deir Mac Gearailt.

“Is cuma liomsa cad as a dtagann an fhoireann, ó Bhéal Feirste nó Nua-Eabhrac nó aon áit eile, chomh fada agus go gcloíonn siad leis an riail ba chóir a bheith ann, sin é an teanga a úsáid. Má tá polasaí ann go bhfuil sé sin i gceist, aon duine a bhriseann an polasaí sin, caithfear iad a dhíbirt.”

Agus é ag labhairt ar an gclár céanna, dúirt Seán Ó hEarcáin, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta, nach raibh siad in ann aon phionós a ghearradh ar chumann nach raibh an Ghaeilge in úsáid acu ag an gcomórtas.

“Níl aon rialacha againn [ó thaobh labhairt na Gaeilge]. Níl aon rialacha i ndáiríre gur féidir linn a chur i bhfeidhm. Ní féidir linn pionós a chur ar dhaoine. Má dhiúltaíonn siad an Ghaeilge a labhairt, níl aon rud is féidir linn a dhéanamh faoi,” a d’admhaigh Ó hEarcáin.

“Bhí riail ann fadó ó shin i gcluichí peile, dá labhródh duine i mBéarla go mbeadh cic saor nó rud éigin mar sin ina gcoinne ach níl an riail sin sa leabhar ag Páirc an Chrócaigh agus ní féidir linn an riail sin a chur i bhfeidhm.”

Dúirt Ó hEarcáin chomh fada agus atá stádas oifigiúil Gaeltachta ag ceantar ina bhfuil cumann lonnaithe nach féidir iad a choinneáil amach as an gcomórtas agus nach é cúram an lárchoiste teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta a “dhearbhú nó a chinntiú”.

Dúirt Mac Gearailt gur cheart níos mó a dhéanamh ar son na teanga agus nárbh aon leithscéal teorainneacha na Gaeltachta.

“Is cuma sa diail cén t-aitheantas atá acu, mura bhfuil an Ghaelainn in úsáid acu níor cheart go nglacfaí leo sa Chomórtas,” a dúirt sé.

“Ní Comórtas Peile na Gaeltachta in aon chor é má leanann sé ar aghaidh mar sin. Ní bheidh Comórtas Peile na Gaeltachta ann mar ní comórtas peile Gaeltachta é, ní bheadh ann ach comórtas peile agus ní hin an bhunaidhm a bhí leis an gComórtas ó thús.

“An bhunaidhm a bhí ag an gComórtas ó thús ná an cultúr agus an teanga a chur chun cinn agus a fhorbairt agus go mbeadh caidreamh idir na Gaeltachtaí ar fad.”

Dúirt sé go raibh sé mar dhualgas ar lucht eagraithe an chomórtais an Ghaeilge a chur chun cinn agus go raibh súil aige go ndéanfadh Cumann Caide na Gaeltachta é sin agus iad ag reáchtáil an chomórtais an deireadh seachtaine seo.

“Beidh muid os comhair phobal na tíre ar fad agus is fúinne atá sé a thaispeáint gur féidir le daoine maireachtaint lena dteanga agus an dea-shampla a thabhairt.”

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Ba chóir foirne nach labhraíonn Gaeilge a dhíbirt as Comórtas Peile na Gaeltachta’'

  • Cluain Sceach

    Ceart ar fad ag Tommy Jim. Fear lách. Sin mar atá le fada, faraoir.