FÍSEÁN: 2.5 milliún amharc ag páistí as an bhFrainc dá bhfíseán ceoil faoi Chonamara

Ba é an t-amhránaí Michel Sardou a scríobh an t-amhrán faoin gceantar Gaeltachta i 1981 ach tá a leagan féin den amhrán taifeadta ag an mbanna Kids United, a bhfuil cáil mhór bainte amach acu sa Fhrainc

FÍSEÁN: 2.5 milliún amharc ag páistí as an bhFrainc dá bhfíseán ceoil faoi Chonamara

Tá beagnach 2,500,000 amharc ag an bhfíseán ceoil Les lacs du Connemara a chuir an banna ceoil Kids United, cúigear páistí as an bhFrainc, ar a leathanach YouTube ag tús na míosa.

Ba é an t-amhránaí Michel Sardou a scríobh an t-amhrán faoin gceantar Gaeltachta i 1981 ach tá a leagan féin den amhrán taifeadta ag an mbanna a bhfuil cáil mhór bainte amach acu sa Fhrainc.

Tá an cúigear le feiceáil san fhíseán nua agus iad ag canadh faoi lochanna Chonamara agus áilleacht an cheantair, agus grúpa damhsóirí agus ceoltóirí Gaelacha in éineacht leo.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: 2.5 milliún amharc ag páistí as an bhFrainc dá bhfíseán ceoil faoi Chonamara'