Fíricí nach mian le mórán a admháil agus iarrthóirí tearmainn á bplé

Ní bheidh saol polaitiúil an stáit folláin go dtí go léiríonn ár bpáirtithe toil aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne lom a shéantar rómhinic

Fíricí nach mian le mórán a admháil agus iarrthóirí tearmainn á bplé

Spreag ar tharla nuair a champáil iarrthóirí tearmainn ar feadh ceithre lá sa cheantar ina bhfuil cónaí ar an scríbhneoir na tuairimí go léir sa cholún seo. Léirigh teacht agus imeacht na n-eachtrannach idir neart agus laige i gcur chuige an phobail agus na n-údarás.

Cé nach ionann campáil ar bhruach canálach ar feadh ceithre lá agus dídean i mbuan-ionad cónaithe, tharraing scéal Bhaile Phib aird ar fhíricí nach dtuigtear nó a shéantar scaití agus cúrsaí inimirce á bplé.

Tarraingíodh aird ar chuid de na fíricí sin sna breithiúnais thábhachtacha san Ard-Chúirt i rith na seachtaine i gcásanna a bhain le dídean d’iarrthóirí tearmainn.

Rialaíodh i gcás amháin, ar iarratas Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC), nach bhfuil an stát ag fóirithint mar ba chóir ar bhunriachtanais iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Tá a mbunchearta á sárú, a dúirt an Breitheamh Barry O’Donnell.

Sa chás eile, a phléitear thíos, rialaíodh nach raibh aon cheart dlíthiúil ag pobal bac a chur ar lonnú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

Léirigh an dá bhreithiúnas cuid de na fíricí a shéantar rómhinic nó nach gcuirtear san áireamh in aon chor. Seo deich gcinn.

  1. Ní féidir iarrthóirí tearmainn a choinneáil amach as an tír. Níl doras ar fáil a bhféadfaí é a dhúnadh chun iarrthóirí tearmainn a choinneáil amach as an oileán, ná as an stát.

Ní féidir daoine a ruaigeadh as an stát ach oiread má dhiúltaítear dá n-iarratais, mura bhfuil stát eile toilteanach glacadh leo. Níl ciall mar sin le héilimh go gcoiscfí nó go gcuirfí srian ar theacht na n-inimirceach, nó gur chóir iad a dhíbirt gan mhoill.

  1. Is léir ó na figiúirí mar sin féin an feabhas a theastaíonn ar an gcóras a bhreithníonn iarratais agus ar fhoilsiú faisnéise faoi fheidhmiú an chórais.

D’iarr 5,197 duine tearmann sa stát anuraidh agus diúltaíodh ar an gcéad éisteacht do bheagnach 60% dá n-iarratais.

Eisíodh 948 ordú díbeartha in 2023. Chuir na Gardaí132 ordú i bhfeidhm de réir an chuntais a thug an tAire Helen McEntee sa Dáil i mí Aibreáin.

D’fhág 213 duine an stát go deonach, ach níl a fhios ag an Roinn Dlí agus Cirt cá bhfuil formhór na ndaoine eile ar diúltaíodh dá n-iarratais.

  1. Ní réitíonn díbirt inimirceach ó áit go háit fadhb ar bith, go háirithe nuair nach mbíonn aon rogha ag iarrthóir tearmainn ach puball a chur suas ar bhruach canálach nó i bpáirc. Bhí thart ar 259 fear a bhí ag iarraidh tearmainn gan dídean sa stát ag deireadh na bliana seo caite. Tá 2,352 gan dídean faoi láthair.
  2. Oireann sé do na hantoiscigh a rá gur ar iarrthóirí tearmainn atá an milleán go bhfuil Éireannaigh i gcruachás nó i mbaol – nó go mbeidh siad má chuirtear dídean áitiúil ar fáil dóibh.

Ar ndóigh bíonn cúis réasúnta imní ag pobail áirithe ina mbeartaítear soláthar dídine d’eachtrannaigh, ach tá leas á bhaint ag na hantoiscigh as seanchleas dainséarach. Níl fianaise ar bith ar fáil a léiríonn mar shampla go n-ionsaíonn níos mó fir ón iasacht ná fir as Éirinn mná ach ní chuireann easpa fianaise as do na hantoiscigh.

  1. Tá eagar éifeachtach ar líne ar ghrúpaí a bhaineann leas as míshuaimhneas i gceantair ina moltarionad dídine a lonnú chun teannas agus fuath a chothú, chun Gardaí a ionsaí agus chun foirgnimh a chur trí thine. Níl gach dream a théann i mbun agóide freagrach as a leithéid ach níl cuid acu gan locht.

Ní leasc leis na hantoiscigh bréaga, bréagaisnéis agus ráflaí a scaipeadh le cabhrú lena gcás. Faraor, níl córas ná modh oibre aimsithe ag na húdaráis chun chur ina gcoinne.

  1. Is fusa bóthar a bhlocáil, foirgneamh a chur trí thine, nó cloch a chaitheamh le Garda ná polasaí casta, costasach agus inchreidte a chur i bhfeidhm. Is fusa freisin faitíos a chur ar dhaoine, agus leas a bhaint as an idirlíon chun bagairt orthu.

Tugann agóidíocht – nó chun a bheith níos beaichte imeaglú – taobh amuigh de theach an Taoisigh agus de thithe ionadaithe tofa eile, agus gan dlí nua a bheith rite fós chun bac a chur ar a leithéid, le fios go bhfuil an lámh in uachtar ag na hantoiscigh.

Tá sé thar am bagairt oscailte dá leithéid a chosc, agus an dlí a neartú chun bagairt ar líne, go háirithe, a shrianadh.

  1. Tá mionlach nach beag sa tír a chreideann teoiricí comhcheilge. Mar shampla, dúirt 22% de na vótálaithe a ceistíodh mar chuid de shuirbhé a rinne Red C thar ceann an Choimisiúin Toghcháin gur chreid siad gur theastaigh breis inimirce ó fheidhmeannaigh thofa (mar a thug an suirbhé ar airí rialtais) ionas go mbeadh ‘vótálaithe géilliúla’ sa tír.

Ní féidir daoine a chreideann raiméis dá leithéid a shásamh, ach is fiú iarracht a dhéanamh a líon a laghdú.

  1. Spreagann lonnú ionaid d’iarrthóirí tearmainn gearáin réasúnta uaireanta ó dhaoine a bhfuil imní réasúnta orthu faoin tionchar a bheadh ag ionad ar chúrsaí gnó nó ar thurasóireacht.

Sin ráite, áfach, ní féidir an dlí a chur i leataobh mar gheall ar ghearáin. Mar a mhínigh an Breitheamh David Holland san Ard-Chúirt Déardaoin agus iarratas ex parte go gcuirfí stop le lonnú iarrthóirí tearmainn i nDún Droma á dhiúltú aige.

Ní raibh aon cheart ag pobal, a dúirt an Breitheamh, veto a chur ar dhaoine a bheadh ina gcónaí ina measc ná aon cheart ach oiread iad a sheiceáil. Tugadh le fios i ráitis a cuireadh faoina bhráid gur mó seans gur buirgléir é iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta ná daoine eile ach dúirt an Breitheamh Holland nár ghéill sé in aon chor don áitiú sin.

  1. Taobh amuigh de chorr-ionadaí áitiúil, seachnaíonn formhór na bpolaiteoirí achrainn a spreagann caint ar bhunú ionaid nua d’iarrthóirí tearmainn. Ní haon iontas é gur le súil áitiúil a bhreathnaíonn siad ar gach conspóid. Ní réiteoidh mífhreagracht ná áitiúlachas ná seachantacht an fhadhb atá le réiteach, áfach: conas dídean a chur ar fáil d’iarrthóirí tearmainn ar bhonn cinnte cothrom ionas nach gceapfar go bhfuil róbhrú ar cheantair áirithe.
  2. Níl aon bhaint dhíreach ag soláthar dídine d’iarrthóirí tearmainn le soláthar tithíochta do shaoránaigh. Sin ráite, neartódh polasaí inchreidte a chuirfeadh béim ar thithíocht éigeandála d’Éireannaigh tarraingteacht pháirtí ar bith a d’fhógródh a leithéid roimh an olltoghchán – dá mbeidís ábalta a chur ina luí ar an bpobal go gcuirfí i bhfeidhm é gan rómhoill.
  3. Ní gan stró, ná ar an gcaighdeán céanna, a chuirfear dídean ar fáil d’iarrthóirí tearmainn agus d’Éireannaigh. Ach ní bheidh saol polaitiúil an stáit folláin go dtí go léiríonn ár bpáirtithe toil aghaidh a thabhairt ar an dá dhúshlán in éineacht, agus ar an bhfírinne lom a shéantar rómhinic.

Fág freagra ar 'Fíricí nach mian le mórán a admháil agus iarrthóirí tearmainn á bplé'