Tá cinneadh déanta sa Chúirt Uachtarach go gcaithfidh príomhoide Gaelscoile, a briseadh as a phost mar gheall ar bhrionnú uimhreacha rolla, pá a íocadh leis a íoc ar ais.
Chuir an Chúirt Uachtarach ar ceal inné cinneadh a rinneadh san Ard-Chúirt faoi achomharc a rinne Bord Bainistíochta Ghaelscoil Moshíológ i nGuaire i Loch Garman. Bhain an t-achomharc sin le cinneadh a rinneadh sa Chúirt Oibreachais faoi chás phríomhoide na scoile, Aodhagán Ó Súird, a cuireadh ar fionraí in 2013 agus ar tugadh bata agus bóthar dó in 2015.
Dúradh sa Chúirt Oibreachais gur bhain mí-iompar le brionnú na gcáipéisí a bhain le líon na ndaltaí a bhí ar rolla na scoile, ach nach raibh an cinneadh Ó Súird a bhriseadh as a phost cuí agus chinn an Ard-Chúirt go ndéanfaí é a athcheapadh ina phríomhoide sa scoil agus go n-íocfaí pá leis ag dul siar go dtí an uair a briseadh as a phost é in 2015.
Dúradh i gcinneadh na Cúirte Uachtaraí inné go raibh sé de cheart ag an gCúirt Oibreachais an tuairim a bheith acu gur dífhostú éagórach a bhí i gceist ach go ndeachaigh an Ard-Chúirt thar fóir nuair a cuireadh an t-achomharc faoina bráid.
Nuair a dhéantar achomharc san Ard-Chúirt faoi chinneadh de chuid na Cúirte Oibreachais faoi dhífhostú éagórach, is ar phointe dlí a dhéantar sin, a dúirt an Príomh-Bhreitheamh, Donal O’Donnell. Ní deis a bhíonn “athéisteacht” a chur bun faoi bhuanna ná laigí an cháis, a dúirt sé.
Dúradh i mbreithiúnas scríofa na Cúirte Uachtaraí, áfach, gur cinneadh mícheart ó thaobh an dlí a bhí i gcinneadh na Cúirte Oibreachais go mbeadh an príomhoide athfhostaithe le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2017.
“Níor tugadh aird mar ba chóir do na cúinsí eisceachtúla a bhain leis an réiteach sin, ná do cé chomh praiticiúil is a bhí an t-athfhostú, ná ar an lorg a d’fhágfaí ar an scoil nó ar an bpríomhoide nua a bhí ceaptha.”
De ghnáth i gcás mar seo, is é an rud ba chóir a dhéanamh, a dúradh, ná cinneadh na Cúirte Oibreachais a chur ar leataobh le go bhféachfaí ar gach gné den scéal athuair i bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí.
Ní fhéadfaí sin a dhéanamh sa chás seo, áfach, a dúradh, toisc oiread sin ama a bheith caite ó cuireadh tús leis an gcás.
Chomh maith leis sin, ba é toradh ordú na hArd-Chúirte go raibh Aodhagán Ó Súird athcheaptha ina phríomhoide i nGaelscoil Moshíológ le nach mór bliain anuas agus go raibh an príomhoide a bhí ann imithe.
Ní bheadh sé cuí dá réir, a dúradh, ordú na Cúirte Oibreachais faoi athfhostú an phríomhoide a chur ar ceal.
Chuir an Chúirt Uachtarach ar ceal áfach ordú na hArd-Chúirte an príomhoide a athfhostú le héifeacht ó mhí na Samhna 2015, an uair a briseadh as a phost é. Ordú mícheart a bhí ansin a chuaigh thar údarás na hArd-Chúirte fad is a bhaineann sé le hachomharc ar phointe dlí.
De réir bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí, caithfidh Aodhagán Ó Súird aon phá a íocadh leis idir an 30 Samhain 2015, nuair a briseadh as a phost é, agus an 1 Meán Fómhair, an dáta ar athfhostaíodh é de réir ordú na Cúirte Oibreachais, a íoc ar ais le Bord Bainistíochta Ghaelscoil Moshíológ.
Cuireadh ar ceal chomh maith ordú na hArd-Chúirte go n-íocfaí costais dlí an phríomhoide.
Dúradh i mbreithiúnas na Cúirte Uachtaraí gur “aighneas fada casta agus fíor-achrannach” a bhí sa chás agus cáineadh an Ard-Chúirt as gan plé leis an achomharc ar phointe dlí.
“Chuaigh breithiúnas na hArd-Chúirte i bhfad níos faide ná sin, áfach. Pléadh le ceisteanna nach raibh, ar an gceann is fearr de, ach baint fhánach acu leis an bpríomhcheist, ceisteanna
ar bunaíodh conclúidí orthu agus ar deineadh breithiúnais, cuid acu a bhí dian, bunaithe orthu.
“Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh aon duine a bhíonn i mbun breithiúnais agus a ndéantar a gcuid cinntí a fhoilsiú, go háirithe nuair atá ainmneacha daoine á dtabhairt, gur minic go bhféachtar ar chinntí atá bunaithe ar an rud is dóichí a tharla agus, uaireanta, ar fhianaise theoranta, mar a bheadh bhreithiúnais chríochnúla faoi dhaoine iontu, agus tá sé tábhachtach a thuiscint go bhféadfadh saol eile sách fada a beith ag na breithiúnais sin agus go bhféadfadh siad dochar a dhéanamh a scaipfí an-fhorleathan agus go mairfeadh an dochar sin go gceann i bhfad.
“Sin cúis eile ann féin lena chinntiú nach ndéantar ach amháin cinntí atá riachtanach. Faraor chuaigh cinntí na hArd-Chúirte i bhfad níos faide ná sin.”
Fág freagra ar 'Cinneadh sa Chúirt Uachtarach go gcaithfidh príomhoide Gaelscoile pá a íoc ar ais '