An baol ann go ndéanfaí ‘dochar’ d’othair mar gheall ar easpa seirbhísí Gaeilge sa chóras sláinte

Deirtear i dtaighde nua go bhfuil sé soiléir go bhfuil an baol ann go bhféadfaí dochar a dhéanamh d’othair mar gheall ar easpa seirbhísí i nGaeilge sa tsíciatracht agus sa tsíceolaíocht

An baol ann go ndéanfaí ‘dochar’ d’othair mar gheall ar easpa seirbhísí Gaeilge sa chóras sláinte

D’fhéadfaí seirbhís sláinte níos fearr a chur ar fáil dá gcoimeádfaí taifead níos fearr faoi líofacht Gaeilge othar agus dochtúirí, a deirtear i dtaighde nua.

Deirtear sa taighde, a foilsíodh san Irish Medical Journal, go bhfuil sé soiléir chomh maith go bhfuil an baol ann go bhféadfaí dochar a dhéanamh d’othair mar gheall ar easpa seirbhísí i nGaeilge sa tsíciatracht agus sa tsíceolaíocht.

Tagraítear chomh maith sa pháipéar taighde do shuirbhéanna a léiríonn go dteipeann uaireanta ar theiripeoirí urlabhra agus teanga cumas teanga pháistí dátheangacha a mheas i gceart.

Deirtear go mbíonn a fhios ag na teiripeoirí gur chóir i gcónaí gach teanga a mheas i gcás othair a bhfuil níos mó ná teanga amháin acu, ach go ndéantar dearmad go minic ar an nGaeilge.

Fágann an teip sin, a deirtear, go mbíonn an baol ann go ndéantar diagnóis mhícheart nó go dtagann torthaí bréagdheimhneacha i gceist agus go gcuirtear cóir leighis ar fáil nuair nach gá a leithéid.

Dúirt dochtúirí a ghlac páirt sa taighde, ar cainteoirí Gaeilge agus baill d’Acadamh na Lianna iad, go raibh forlámhas ag an mBéarla sa chóras sláinte.

Dara leifteanant agus mac léinn leighis in Aerfhórsa Stáit Aontaithe Mheiriceá é Kyle Carr príomhúdar an taighde, Experiences and perceptions of physicians utilising the Irish language.

Tá máistreacht ag Carr san ilteangachas ó Ollscoil na Gaillimhe, agus deir sé gur fhoghlaim sé roinnt Gaeilge le linn a thréimhse ag staidéar in Éirinn.

“Tá cuid mhaith Gaeilge agam agus d’fhoghlaim mé an chuid is mó di nuair a bhí mé sa Ghaillimh,” a dúirt Carr agus é faoi agallamh ag The Medical Independent.

Deir Carr gur chóir go mbeadh liosta lárnach ann de dhochtúirí teaghlaigh agus comhairleoirí a bhfuil Gaeilge acu.

“D’fhéadfadh sin cabhrú le dochtúir óg a bhfuil Gaeilge aige agus a bhfuil a chleachtadh míochaine á fhorbairt aige an Ghaeilge a chur i lár an chleachtaidh sin mar theanga a úsáidtear go minic.

“D’éirigh sé soiléir sa staidéar seo nach bhfuil aon bharántas agat fiú sa Ghaeltacht go bhfaighidh tú seirbhís ó dhuine le Gaeilge.”

Deir Carr agus comhúdar an taighde, an Dr Stanislava Antonijevic-Elliott, go bhfuil sé an-tábhachtach go ndéanfaí uasdátú ar chórais bhogearraí le go mbeidh siad ábalta ainmneacha Gaeilge á láimhseáil. Agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag obair faoi láthair

ar chóras EHR [Taifead Leictreonach Sláinte] náisiúnta nua, deir Carr gur deis mhaith a bheadh ann taifead nó bunachar níos fearr a bhunú de chainteoirí Gaeilge.

Deir údair an taighde chomh maith go raibh sé tábhachtach go mbeadh tuilleadh deiseanna oiliúna ann do dhochtúirí a mbeadh suim acu a bheith ag obair trí Ghaeilge. Luaitear, mar shampla, Teanga an Leighis, modúl speisialta Gaeilge a bhíodh in Ollscoil na Gaillimhe ach nach bhfuil fáil air ó thús na paindéime.

Deir Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil sé i gceist Teanga an Leighis a thabhairt ar ais mar chuid de chlár nua in 2025/2026.

“Is dóigh liom go mbeadh sé éasca go maith Teanga an Leighis a thairiscint i ngach scoil leighis in Éirinn,” a deir Kyle Carr.

Fág freagra ar 'An baol ann go ndéanfaí ‘dochar’ d’othair mar gheall ar easpa seirbhísí Gaeilge sa chóras sláinte'