Má chrochann tú geansaí olla ar an líne le triomú, ní mór duit níos mó ná péire pionnaí éadaigh a úsáid, nó titfidh sé.
Déanfaidh trí cinn cúis má bhíonn an t-ádh leat, b’fhearr ceithre cinn, ach má bhíonn cúig nó sé cinn le spáráil agat, cén fáth nach n-úsáidfeá iad ar fad?
Ó, agus is ea, tá mé cinnte go gcuimhneofá féin air sin, ach is fearr achar réasúnta rialta a fhágáil idir na pionnaí, seachas iad ar fad a chur ar thaobh amháin den gheansaí.
Cén bhaint atá ag an gcomhairle tís sin ar fad leis an scríbhneoireacht chruthaitheach a deir tú?
Caithfear scéalta a chrochadh ar rud éigin freisin, rud éigin ar a dtabharfaimid líne an teannais, agus is iad na buaicphointí i do scéal na pionnaí éadaigh.
Luíonn sé le réasún go mbeadh níos mó pionnaí éadaigh ag teastáil ó úrscéal ná ó ghearrscéal.
Ní hionann agus líne éadaigh dháiríre, cabhróidh sé go mór le do scéal má bhíonn taobh amháin den líne teannais – deireadh do scéil – crochta níos airde ná an taobh eile, an tús.
Agus sampla na líne agus na bpionnaí éadaigh á leanúint agat, cinnteoidh tú go gcothóidh tú teannas i do scéal ach nach maróidh tú an léitheoir bocht amach le líne theannais atá rótheann, is é sin le rá, scéal ina mbeadh gach radharc níos corraithí ná an ceann roimhe.
An bhfuil a fhios agat an chaoi a mbíonn éadach an gheansaí ag lúbadh síos rud beag idir na pionnaí éadaigh éagsúla? Is iad na cuair chuasacha sin i do scéal na radharcanna ina dtugann tú deis don léitheoir anáil a tharraingt agus teacht chuige féin ó na buaicphointí, na radharcanna, i bhfocail eile, nach dtarlaíonn an oiread sin aicsin iontu ach ina ndíreoidh tú ar an gcarachtracht, nó ar an tírdhreach.
Ach a Alex, a deir tú, líne theannais, spásáil rialta idir na buaicphointí, cuair chuasacha… nach bhfuil blas na ‘scríbhneoireachta de réir uimhreacha’ ar an stuif seo ar fad?
Tá, leoga, agus sin é an fáth go molfainn duit an obair seo a dhéanamh tar éis duit an chéad dréacht de do scéal a scríobh, seachas an líne theannais agus na buaicphointí a phleanáil amach roimh ré.
Nuair a thosaíonn tú ar an eagarthóireacht, léigh tríd an dréacht ar dtús agus seiceáil dhá rud: an bhfuil an líne theannais ag dul suas seachas síos, agus an bhfuil spásáil réasúnta cothrom idir na buaicphointí? An bhfuil ‘ligean’ rómhór sa scéal in áit ar bith nó an bhfuil an t-éadach chomh teann sin go bhfuil an baol ann go stróicfidh sé? Más amhlaidh, athshocraigh na pionnaí éadaigh.
Is fiú é sin a dhéanamh go rialta agus tú i mbun oibre ar shaothar; cuimhnigh go n-athróidh an spásáil idir na buaicphointí i do scéal de réir mar a chuirfidh tú leis nó de réir mar a bhainfidh tú de i bpróiseas na heagarthóireachta.
Ní haon eolaíocht chruinn é seo. Ní bhainfeá úsáid as rialóir agus éadaí á gcrochadh ar an líne agat ach oiread. Ach má bhíonn 200 leathanach i ndréacht d’úrscéil, abair, cuir marc éigin ar leathanach 50, ar leathanach 100, agus ar leathanach 150 (beidh sé sách soiléir céard é an chéad leathanach agus céard é an leathanach deiridh) agus seiceáil an bhfuil na marcanna sin sách gar do bhuaicphointí do scéil – ní haon dochar má bhíonn cúpla leathanach sa difear.
Gan dabht, d’fhéadfá marcanna a chur ar leathanaigh 67 agus ar leathanach 133 chomh maith (ceithre phionna éadaigh, tús agus deireadh san áireamh), nó ar leathanaigh 40, 80, 120 agus 160 (sé phionna), agus mar sin de. Arís, ní gá don spásáil a bheith go hiomlán cothrom, bí ag spraoi leis, bris na rialacha más maith leat – ach ná lig do do scéal titim den líne.
Mary Broderick
Mà thagann séidéan gaoithe agus fearthainne céard a tharlóidh do do gheansaí ansin?