FILÍOCHT: Filleadh ar an gCathair le Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Gníomhaíochtaí bunaithe ar fhilíocht na Sraithe Sóisearaí

FILÍOCHT: Filleadh ar an gCathair le Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Gníomhaíocht 1 – Ag Tuar:

  • Filleadh ar an gCathair an teideal atá ar an dán seo.
  • Déan iarracht a thuar cad é téama/scéal an dáin.
  • Nodanna –tréithe na cathrach, sásta filleadh abhaile, an chathair i gcomparáid leis an tuath.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Éisteacht

  • Éist leis an taifeadadh seo don dán.
  • Éist leis an gcéad chúig líne arís agus déan cúpla focal/frása a scríobh.
  • Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.
  • Ansin is féidir libh éisteacht leis an gcuid eile den agallamh.

Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:

  • Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
  • Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
  • Éist leis/léi ag aithris an dáin.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.

Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 6 – Cur in Ord

  • Thíos tá achoimre/míniú gearr ar an dán.
  • Ag obair le do pháirtí, agus gan féachaint ar an dán, déan iarracht é a chur san ord ceart.
    1. Ag féachaint ar an ngealach ó mo bhalcóin
    2. Agus mé ag éisteacht le ceol na tráchta
    3. Cuireann gás sceite sceitimíní uirthi.
    4. Bíogann na soilse geala codanna folaithe mo chroí.
    5. Gheobhaidh mé faoiseamh
    6. Tagann an oíche go mí-náireach trí na foirgneamh arda.
    7. Tá an file ag teacht ar ais chuig an gcathair 1
    8. Faigheann sí boladh na cathrach gach áit 2
    9. Is cinnte nach féidir luí na gréine a fheiceáil gan bhac.
    10. Is maith léi an boladh seo.
    11. Tá an chathair gafa leis an am i láthair.
    12. Tá seo le feiecáil go neamhbhalbh ar na ballaí gach tráthnóna.

Gníomhaíocht 7 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cén fáth, meas tú, ar scríobh an file an dán seo?
  2. An bhfuil an file sásta a bheith ag filleadh ar an gcathair? Cén fáth?
  3. Cén cur síos a dhéanann sí ar an gcathair?
  4. Cén tuiscint atá agat ar an líne “blasaim allas na cathrach faram?”
  5. Tá go leor íomhánna sa dán seo. Tabhair do thuairim féin ar cheann acu.
  6. An féidir leat teideal eile a chumadh don dán seo?

Gníomhaíocht 8 – Nascanna ábhartha eile

  • Seo nasc chuig leathanach eile ar an suíomh seo ina bhfuil ábhar agus gníomhaíochtaí faoin dán An tEarrach Thiar le Máirtín Ó Direáin.
  • Ag obair le do pháirtí déan plé ar na comparáidí agus codarsnachtaí idir an dá dhán.
  • Seo nasc chuig leathanach eile ar an suíomh seo ina bhfuil alt faoi thábhacht na háite dúchais mar aon le gníomhaíochtaí.
  • Seo nasc chuig leathanach eile ar an suíomh ina bhfuil ábhar/gníomhaíochtaí maidir le haiste a scríobh ar shaol na tuaithe.
  • Seo nasc chuig eagrán den phodchraoladh Beo ar Éigean ina bhfuil na láithreoirí ag phlé shaol na tuaite is na cathrach.
  • Seo nasc chuig an tsraith Bliain in Inis Mór.
  • Seo nasc chuig suíomh ina bhfuil fáil ar mhír as agallamh raidió le hAilbhe Ní Ghearbhuigh.

Gníomhaíocht 9 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN

  • Déan díospóireacht a ullmhú ar cé acu is fearr saol na tuaithe nó saol na cathrach/an bhaile mhóir. Is féidir an rang a dheighilt ina dhá chuid nó i bhforine. bhfoirne.
  • Tá ábhar faoi dhíospóireachtaí ar fáil anseo.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie agus do Punann.
  • Nuair a thugann an múinteoir aiseolas duit ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
  • Bain úsáid as abair.ie le héisteacht leis an saothar á léamh amach sna canúintí éagsúla.
  • Beidh ar gach duine an díospóireacht a dhéanamh os comhair an ranga.
  • Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga. 

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.

Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Filleadh ar an gCathair le Ailbhe Ní Ghearbhuigh'