‘Fiche Bliain Faoi Bhláth’ le Muiris Ó Súilleabháin ar fáil faoi dheireadh

Ceapadh ar feadh i bhfad nach raibh fáil ar ‘Fiche Bliain Faoi Bhláth’ an dara himleabhar de chuimhní cinn Mhuiris Uí Shúilleabháin

‘Fiche Bliain Faoi Bhláth’ le Muiris Ó Súilleabháin ar fáil faoi dheireadh

Muintir Mhuiris Uí Shúilleabháin ar cuairt ar a uaigh. Pictiúr: Gráinne Kavanagh

Ar feadh i bhfad, ceapadh nach raibh fáil ar scríbhinn an dara leabhar le Muiris ó Súilleabháin. Fiche Bliain Faoi Bhláth an teideal a thug sé féin ar an dara himleabhar dá chuimhní cinn.

Tá a fhios anois go bhfuil an bunleagan a scríobh Muiris le linn dó a bheith ina gharda i gConamara, in Ollscoil Mhá Nuad. Agus tugadh cóipeanna den lámhscríbhinn dá iníon Máire Kavanagh, atá ina cónaí i gcontae na Gaillimhe, faoi Shamhain seo caite.

Anois, tá na nuachtáin thablóideacha ag déanamh scéal mór faoi ‘lámhscríbhinn chaillte’ leis an scríbhneoir cáiliúil ón mBlascaod.

Níl Máire í féin róchompordach leis an gcur síos sin. Bhí tráth ann agus ceapadh gur thug a deartháir Eoin, an t-aisteoir, an lámhscríbhinn leis go Baile Átha Cliath, le húsáid ar chlár raidió. Ach bhí barúil ag Máire an t-am ar fad, go mb’fhéidir go raibh sí i measc pháipéir an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta, áit ar frítheadh ar deireadh í.

“Bhí an Monsignor agus George Thomson an-mhór le chéile. Gach seans go raibh an lámhscríbhinn i measc pháipéir Thomson a tugadh go Maigh Nuad,” a dúirt Máire liom.

Ba é an fear acadúil as Sasana, George Thomson a chéad thug ar Mhuiris a scéal féin a insint sa leabhar Fiche Bliain ag Fás agus dlúthchairde a bhí iontu go dtí gur bhásaigh Muiris go tragóideach seachtó bliain ó shin, i dtimpiste snámha.

Bhí Máire agus a máthair Cáit an-mhór le muintir Thomson nuair a chónaigh siad i Sasana agus chabhraigh Máire le Meg Thomson (iníon George) cáipéisí Éireannacha agus Ceilteacha George a shórtáil ina leabharlann tar éis a bháis.

Agus í tagtha chuici féin tar éis cuairt an duine ón Ollscoil a bhronn lámhscríbhinn a hathar uirthi, bhí seans ag Máire breathnú ar an leabhar agus é a mheas. Tugadh cóip amháin den saothar di a bhí scríofa ag Muiris sa seanchló Gaelach agus cóip eile ina ndearnadh athscríobh air sa chló nua.

Ba mhaith le comhlacht foilsitheoireachta na hollscoile An Sagart an leabhar a fhoilsiú ach caithfear é a chur in eagar ar dtús. Chuige sin, deir Máire go mbeifear ag faire amach do scríbhneoir nó eagarthóir le scil ar leith i nGaeilge an Bhlascaoid.

I measc na scéalta atá sa leabhar faoi ghnáthshaol Garda sna 1930idí i gConamara, tá na scéalta a mbeifeá ag súil leo. Baineann siad le poitín agus crúba na n-asal agus a leithéidí. Ach sheas scéal amháin amach agus Máire ag léamh saothar a hathar.

“Chuaigh an scéal i bhfeidhm go mór orm,” a dúirt sí.

“Bhíodar ag an Aifreann Domhnach amháin agus bhí an lá go hálainn. Tháinig cailín isteach agus scéin ina súile, gan bhróga agus í ag iarraidh ar an nGarda Ó Súilleabháin teacht ag an teach. Bhí fear ansin agus é ag rámhaillí.”

An lá roimhe sin, d’fhág triúr fear Árainn le dhul ag iascach. Cé go raibh an lá go hálainn ar dtús, thit ceo fuar orthu agus thosaigh siad ag dul amú ar an bhfarraige. Thuigeadar go gcaithfidís coinneáil orthu ag rámhaíocht agus chaith an fharraige isteach ar deireadh iad ar na carraigreacha in Indreabhán, i gConamara.

Scriosadh an churach.

Bhásaigh beirt sa tragóid agus bhí an fear eile beo ar éigean. Toisc gur snámhaí maith a bhí i Muiris chuaigh sé amach sa taoille agus rópa ceangailte timpeall air, chun na corpáin a thabhairt i dtír. Fuair sé an bheirt eile i smionagar an bháid nó i ngar di ar na carraigeacha. Shnámh sé isteach leis an dá chorpán.

Insíonn an scéal ansin cén chaoi ar thug siad an drochscéala go Gaillimh i dtosach agus ansin isteach go hÁrainn – gan aon teileafón – agus faoin gcaoi ar frítheadh buidéal fuisce chun braon a thabhairt don fhear a tugadh isteach agus é spíonta.

Deir Máire go bhfuil an-chur síos sa lámhscríbhinn ar an radharc nuair a tháinig dhá bhád mhóra as Árainn go Conamara. Déanann Muiris cur síos mion ar na fir ag siúl aníos ón trá agus bean in éindí leo a bhí cosúil le ‘Bandia ón nGréig’. Scríobhann sé faoi gach ball éadaigh a bhí á chaitheamh acu, agus tugann sé cuntas ar na 15 véarsa a d’aithris an bhean os cionn corp a fir.

“Bhí mé á léamh,” arsa Máire, “agus mé ag rá liom féin – ‘Is domhan eile ar fad atá anseo’.”

Dar le Máire, ní go rómhaith a thaitin saol an gharda le Muiris. “Bhíodh sé suite sa stáisiún ag breathnú amach ar chontae an Chláir agus ag samhlú gurb é an Blascaod a bhí ann. Cuimhnigh go raibh sé amach sna 20idí nuair a d’fhág sé an t-oileán.”

Ó chuir sí na lámhscríbhinní ar leataobh tá go leor ama caite aici ag iarraidh teacht ar phlean chun an leabhar a fhoilsiú.

Scríobh mise colún anseo roinnt seachtainí ó shin ag comóradh bás Mhuiris 70 bliain go ham seo. Ní raibh an scríbhneoir ón mBlascaod ach 46 nuair a bhásaigh sé sa bhfarraige amach ó chathair na Gaillimhe.

Thart ar an am céanna an mhí seo caite, scríobh an t-iar-iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Pól Mac Donncha postáil álainn ar Facebook tar éis dó cuairt a thabhairt ar uaigh Mhuiris i Reilig Bharr a’Doire sa gCeathrú Rua. Chonaic sé coinneal lasta ar an uaigh agus ní raibh a fhios ag Pól cé a d’fhág ann í.

Ach ba iad clann agus garchlann Mhuiris féin a bhí tar éis an ócáid a chomóradh agus a d’fhág an choinneal ar lasadh ann. Ghlac siad pictiúr den chlann ag an uaigh. Líon Pól agus scríbhneoirí eile na bearnaí sa scéal ina dhiaidh sin. Is maith ann é Facebook scaití.

Nuair a d’iarr mé cóip den phictiúr den chlann, scríobh iníon Mháire, Gráinne Kavanagh chugam agus sheol sí dhá phictiúr chugam. D’inis sí dom go bhfuil an chlann ar fad an-bhródúil as Muiris agus an tsuim atá ag daoine ina scéal.

Sa mbliain 1938 a scríobh Muiris Fiche Bliain Faoi Bhláth. I bhfocla deasa i dtús an leabhair, tiomnaíonn sé an leabhar dá mhac Eoin – ó ‘Daidí, Lá ’le Pádraig 1938’.

Coinneal lasta ar uaigh Mhuiris Uí Shúilleabháin

Fág freagra ar '‘Fiche Bliain Faoi Bhláth’ le Muiris Ó Súilleabháin ar fáil faoi dheireadh'

  • Gearóid Fitzgibbon

    an bhfuil sé foilsithe fós? nach bhfuil ceann de na iliomad eagrais tacaíochta Gaeilge in ann é a dhéanamh?