Fergal Keane – fear meabhrach a chaill a mheabhair

Deir an t-iriseoir cáiliúil Fergal Keane go raibh sé tugtha don ól ar an gcaoi chéanna a raibh sé tugtha don iriseoireacht chogaidh

Fergal Keane – fear meabhrach a chaill a mheabhair

‘Bhí mé ocht, nó b’fhéidir naoi mbliana nuair a bhlais mé deoch alcóil den chéad uair. Gloine ‘cider’ chomh fada le mo chuimhne.’

Bhí Fergal Keane, an t-iriseoir clúiteach leis an BBC ag caint faoina shaol agus a ghairm i Leabharlann an Lexicon i nDún Laoghaire. Agus ní raibh sé ag cur fiacail sa mhéid a bhí le rá aige faoina mheabhairshláinte féin i rith na mblianta sin.

‘Agus mé ag tuairisciú ar chogaí agus ar mharú fuilteach i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, cén fáth a raibh mé ag ól?’

Thagair sé do na nathanna cainte a d’úsáidtí in Éirinn nuair a bhí sé óg. ‘Tá ‘nerves’ ar an bhfear sin.’

‘Fuair mo dhuine ‘briseadh síos néarógach,’ a deirtí. Mar pháiste, b’fhéidir gur chuir sé ceist faoi sin – céard a chiallaigh sé?

Tá a fhios aige anois ‘go dtiteann gach rud as a chéile’. Tharla sé dó ar dtús tar éis dó an cinedhíothú i Ruanda i 1994 a thuairisciú. Agus arís tar éis na n-ionsaithe marfacha i bPáras 2015, thosaigh sé ag fáil athchuimhní ar na rudaí gránna a bhí feicthe aige. In 2008 fuair sé an chéad diagnóis oifigiúil, go raibh PTSD aige – an neamhord strus iarthrámach.

Ach roimhe sin, d’éirigh sé as an ólachán sa mbliain 2000, nuair a thuig sé gur alcólach a bhí ann.

Rugadh i Londain é agus fuair sé a chuid oideachais i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. B’aisteoirí iad a thuismitheoirí Maura Hassett agus Éamonn Keane agus is mac dearthár é leis an scríbhneoir John B. Keane, as Lios Tuathail.

I rith na mblianta leis an BBC, chlúdaigh sé cogaí fuilteacha san Iaráic, san Afganastáin, i Ruanda agus chaith sé tamall freisin ina chomhfhreagraí san Afraic Theas agus i dTuaisceart Éireann. Bronnadh an iliomad duaiseanna scríbhneoireachta, iriseoireachta agus teilifíse air i rith na mblianta sin.

Ceapann sé anois, agus é ag breathnú siar ar a shaol proifisiúnta, go raibh dúil rómhór aige sa chogaíocht, san iriseoireacht ar an ‘líne thosaigh.’ Admhaíonn sé go bhfuil an iriseoireacht sin ar nós cultas creidimh, agus go n-éiríonn daoine róthógtha léi.

B’fhéidir go raibh tionchar ag stair na hÉireann air, ceapann sé. Agus é ag fás aníos, bhí caint faoi ‘spiorad an mhairtírigh’ san aer. Ag trácht ar lár na seascaidí a bhí sé, nuair a bhí comóradh á dhéanamh ar Éirí Amach 1916. ‘Bhí traidisiún an réabhlóideachais sa chlann s’againne,’ deir sé anois. Agus ceapann sé gur imir sé tionchar air.

Ach bhí gné amháin dá shaol agus é ina lead óg a chuaigh i gcion go mór air agus a d’fhág a lorg air ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.

‘D’fhás mé aníos i dteaghlach a bhí millte ag an ólachán.’ Bhí sé cráite le huaigneas. Aithníonn sé anois go raibh tinneas millteanach ar a athair, Éamonn Keane agus go raibh ‘pian uafásach’ air. ‘Leath an phian sin amach chugamsa,’ deir sé anois.

D’fhoghlaim sé cleasanna chun déileáil leis an bpian sin ina theaghlach. B’iomaí uair i rith a shaoil mar chomhfhreagraí thar lear a d’úsáid sé cleasanna a d’fhoghlaim sé mar ghasúirín óg faiteach.

‘D’fhoghlaim mé cén chaoi le ‘seomra a léamh’. Sin scil áirithe atá an-úsáideach agus duine ag plé le trodaithe agus fir armtha. Beidh tú in ann a aithint má tá duine amháin sa gcomhluadar nach mbeidh réasúnach, nó atá réidh le spréachadh.

Ceann eile a d’fhoghlaim sé sa mbaile ná cén chaoi lena thaispeáint nach bhfuil bagairt ar bith ag baint leat. Caithfidh tú a shamhlú cén chaoi ar fhoghlaim sé é sin.

Baineann sé úsáid as an scil sin sa lá inniu agus é ag tarraingt ar bhloc bóthair. Nuair atá tú timpeallaithe ag fir ghunna, nó fiú amháin buachaillí le gunnaí, níl tú ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil bagairt ar bith ag baint leat féin.

Ina dhiaidh sin féin, ní rud sláintiúil é na mothúcháin a choinneáil faoi smacht agus faoi bhrú inmheánach an t-am ar fad. Ní bheadh a fhios ag duine cén uair a bpléascfadh rudaí amach.

Is cuimhneach le Fergal Keane gur éirigh sé bréan den chur i gcéill uair amháin ag bloc bóthair agus thosaigh sé ag sacadh faoin saighdiúir a stop é. Agus é ag tabhairt íde béil don cheannasaí agus ag cur ina leith gur mharaigh siad na sluaite sa gcogadh sa Libéir, thug an fear ceamara sonc dó ag meabhrú dó go raibh siad timpeallaithe ag daoine a raibh gunnaí acu. Chiúnaigh sé agus chúlaigh sé.

Admhaíonn sé anois, tar éis tréimhsí in ospidéil mheabhairshláinte agus tar éis na mblianta ag staonadh ón ól, go raibh sé tugtha don ól ar an gcaoi chéanna is a bhí sé tugtha don iriseoireacht chogaidh.

‘Tá dúil agam anois i saol eile ar fad,’ a deir sé anois. ‘Má tá mé in ann an ceann is fearr a fháil ar an ólachán, beidh mé in ann an dúil sa chogadh a bhualadh freisin.’

Ach ceapann sé go raibh an PTSD air agus é ina ghasúr ocht mbliana. Rinne sé cur síos dúinn ar an tromluí, an strus, an croitheadh nó bíogadh coirp a bhíodh air san oíche.

D’fhan sé sin leis i gcaitheamh a shaoil gur thosaigh sé ag fáil cóir leighis fána choinne. Ach ní féidir leis na huafáis atá feicthe aige a ligean i ndearmad. Ba i Ruanda a chonaic sé cuid de na rudaí ba mheasa. Mheall Ruanda ar ais é agus chuir sé agallaimh ar chuid de na dúnmharfóirí. ‘Ní fathaigh a bhí iontu ach daoine cosúil leatsa agus cosúil liomsa. Chuir sé mearbhall orthu go raibh siad in ann a leithéid a dhéanamh le linn an chogaidh. Thug siad leithscéalta faoin gcinedhíothú ar nós ‘Ba é an diabhail a ghlac seilbh orainn!’

Chuaigh iarracht sin na ndúnmharfóirí ‘ciall a bhaint’ as a gcuid gníomhartha uafáis féin i gcion go mór air. Cuireann sé i gcomparáid é le gníomhartha fuilteacha sa tír seo. ‘Teastaíonn scéal ó dhaoine chun an ‘troid armtha’ a mhíniú, chun gur féidir le daoine maireachtáil leis.’ Measann sé go mbímid ag cur páipéar ar na scoilteanna ach ‘tá siad fós ann, ó Chogadh na gCarad anonn go dtí an choimhlint i dTuaisceart Éireann.’

Tá Fergal Keane ina phátrún ar ‘Alcohol Action Ireland’ a bhfuil feachtas ar bun acu chun cabhrú le páistí agus daoine fásta a d’fhás aníos i gclann a raibh alcólachas ar thuismitheoirí. Meastar go bhfuil suas le 400,000 duine fásta agus 200,000 páiste in Éirinn ag déileáil le tionchar na faidhbe sin.

Fág freagra ar 'Fergal Keane – fear meabhrach a chaill a mheabhair'

  • Áine Durkin

    An-tuairisc, mar is iondúil ó Mhairéad Ní Nuadháin.

    @ Tá Fergal Keane ina phátrún ar ‘Alcohol Action Ireland’ a bhfuil feachtas ar bun acu chun cabhrú le páistí agus daoine fásta a d’fhás aníos i gclann a raibh alcólachas ar thuismitheoirí.

    Go n-éirí go geal leo!

  • Aongus Ó Coileáin

    Tuairisc den scoth. Go raibh maith agaibh.

  • Gianna

    Go raibh maith agaibh as an tuairisc sin. Chuir sé mé ag smaoineamh…an-suimiúil ar fad.