Fearg fós ar léachtóir sa tSean-Ghaeilge faoi dhearcadh na Roinne Dlí ar a iarratas saoránachta

Tá Dr Fangzhe Qiu míshásta go háirithe faoi aguisín a cuireadh le freagra a tugadh sa Dáil faoina chás le déanaí

Fearg fós ar léachtóir sa tSean-Ghaeilge faoi dhearcadh na Roinne Dlí ar a iarratas saoránachta

Tá “fearg” i gcónaí ar an Dr Fangzhe Qiu leis an Roinn Dlí agus Cirt, cé go bhfuil réiteach ar deireadh leis na deacrachtaí a bhí aige iarratas a dhéanamh i nGaeilge ar shaoránacht.

Bhí an léachtóir sa tSean-Ghaeilge de bhunadh na Síne i mbéal an phobail le déanaí nuair a iarradh air féin agus a bhean chéile Lijing Peng foirm saoránachta a líonadh i mBéarla mar nach raibh a leithéid ar fáil i nGaeilge.

Cuireadh an fhoirm Ghaeilge ar fáil sa deireadh dóibh ach údar feirge don Dr Fangzhe Qiu agus a bhean i gcónaí an dearcadh atá á léiriú ag an Roinn Dlí agus Cirt faoina gcás.

Tá siad míshásta go háirithe faoi aguisín a cuireadh le freagra a tugadh sa Dáil faoina gcás le déanaí.

Bhíothas leithscéalach sa bhfreagra a tugadh agus maíodh go raibh an tAire Dlí agus Cirt agus a roinn meáite ar sheirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Ach tugadh le fios i ndeireadh thiar gur beag éileamh a bhí ar a leithéid de sheirbhís i nGaeilge.

Thug an Dr Qui le fios do Raidió na Life go raibh ag dul dó a thuiscint cén fáth go gcuirfí eolas mar sin ar fáil más admháil a bhí ann go raibh an rud a tharla dó mícheart.

“Thug an Roinn freagra ar an Teachta Dála, Aonghus Ó Snodaigh, agus d’fhreagair siad go raibh níos lú ná cúig iarratas ar shaoránacht curtha isteach i nGaeilge. Chuir sin fearg orm mar cad is brí leis? An mbeadh sé réasúnta gan seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil toisc nár chuir uimhir mhór daoine isteach [uirthi] as Gaeilge go dtí seo?”

“…Ach tá an ceart againn. Is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. Cibé uimhir a iarrann, tá ceart againne an teanga náisiúnta a úsáid agus tacú leis an teanga náisiúnta.”

Ag labhairt dó Raidió na Life d’aontaigh an Dr Qui freisin leis an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee, a dúirt le Tuairisc.ie le déanaí gur léirigh a chás an neamhaird atá á déanamh ag an stát ar an teanga.

Tá an léachtóir agus a bhean ina gcónaí sa tír seo le deich mbliana, ach d’fhéadfadh go mbeidh siad ag fanacht tamall eile go ndéanfar saoránaigh de chuid na hÉireann díobh.

Chuir siad beirt isteach ar shaoránacht anuraidh, ach cuireadh moill ar a n-iarratas toisc gur líon siad na foirmeacha amach i nGaeilge.

Chuir siad an scéal faoi bhráid an Choimisinéara Teanga agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus ghabh an roinn leithscéal leo.

In agallamh le Blas na Cathrach, ar Raidió na LIfe 106.4fm, dúirt an Dr Qiu:  “Tá muid in ann an fhoirm nua a fháil ar ghréasán na Roinne Dlí agus Cirt anois. Tá foirm nua, uimhir a hocht [ann] – do shaoránacht na hÉireann.  Ní raibh an fhoirm nua ann ar dtús ach rinne muid gearán leis an Choimisinéir Teanga agus le polaiteoirí agus i ndiaidh tréimhse fada tá an fhoirm ar fáil ar an ngréasán.”

Nuair a rinne siad a n-iarratas ar shaoránacht anuraidh, lorg siad foirm i nGaeilge ar líne mar gheall ar a meas ar an teanga ach ní raibh a leithéid ar fáil. Nuair a d’fhiosraigh siad an scéal leis an Roinn Dlí agus Cirt cuireadh foirm Ghaeilge chucu sa phost, líonadar í agus seoladh ar ais í Meán Fómhair na bliana seo caite.

“Ní bhfuair muid tada go dtí tús mí Márta i mbliana. An uair sin tháinig ár n-ábhar go léir ar ais chugainn go tobann. Bhí litir ceangailte chomh maith leis an ábhar, i mBéarla go léir, ag rá nach raibh an fhoirm i gceart, agus go gcaithimis an fhoirm is nua a íoslódáil ar an ngréasán.” Ní raibh ach leagan Béarla ann den fhoirm is déanaí ar líne.

“Chuir sé sin fearg an domhain orainn agus sheol muid gearán foirmiúil ag an gCoimisinéir Teanga agus cúpla polaiteoir, agus gabh an Roinn Dlí leithscéal linn ina dhiaidh.”

Bhí breis is mí eile ann sular ar aistríodh an fhoirm go Gaeilge le foilsiú ar líne.

An brú agus an stró breise is mó chuir as dóibh.

“Tá cáilíochtaí teagaisc an-tábhachtach dúinne agus is léachtóirí an bheirt againn mar sin níor lig muid d’aon imeachtaí cur isteach ar ár gcuid oibre. Ach bhí imní orainn, bhí brú agus stró orainn ó thaobh an phróisis.

“Tá muid ag tnúth go mór leis an tsaoránacht a fháil mar tá muid anseo le níos mó ná deich mbliana. Tuigeann muid go mbíonn moilleanna móra i mbliana mar gheall ar an bpaindéim, tuigeann muid go bhfuil fanacht fhada ann ach ní raibh aon tuiscint againn go mbeadh moill ó thaobh na teanga ann.”

Agus tá próiseas fada fós rompu.

“Chuala mé ar an nuacht go mbíonn daoine scaití ag fanacht dhá bhliain nó bliain go leith chun an deimhniú a fháil ar shaoránacht,” a dúirt sé.

Agus in ainneoin dearcadh roinnt státseirbhíseach sinsearach i leith na Gaeilge, creideann an Dr Qiu go mairfidh sí mar theanga bheo, fiú agus í faoi bhrú an Bhéarla.

“Is rud sláintiúil é an t-athrú,” a deir an tOllamh Cúnta sa tSean-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

“Mar theangeolaí, inseoidh mé duit gur beatha na teanga é an t-athrú agus an fhorbairt. Mar shampla tháinig an Ghaeilge nua-aimseartha féin ar an saol tar éis glacadh le tionchar mór an tSacs-Bhéarla, na Fraincise, na Lochlainnise agus teangacha eile. Sin a thug fuinneamh agus saibhreas don teanga.

“Tá dóchas agam ag an am céanna as an nglúin is óige, mar tá stáisiúin raidió acu, tá comórtais dánta agus ceoil acu, tá an traidisiún beo ar fud na tíre agus tá níos mó daoine óga ag foghlaim na Gaeilge chomh maith.

“Seachas sin tá mo mhac ag freastal ar Ghaelscoil agus gach lá feicim go bhfuil daoine óga ag labhairt Gaeilge sa scoil agus ar an mbóthar,” a deir an Dr Qiu.

Fág freagra ar 'Fearg fós ar léachtóir sa tSean-Ghaeilge faoi dhearcadh na Roinne Dlí ar a iarratas saoránachta'

  • Pól Ó Braoin

    Is deas an rud é go bhfuil an teanga ina beatha fós agus muid faoi bhrú laethúil an bhéarla. An modh oibre atá ag na húdaráis bhéarla atá againn anseo ná gan seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil nó ar a laghad driseacha cosáin a chur sa mbealach ort agus tú ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid agus ansin úsáid a bhaint as an laghad éilimh a leanfas an drochiompar céanna mar leithscéal gan seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil sa chéad áit. Cuireann sé cineál tomhais Zen i gcuimhne dom, muis…

  • Seán

    Saoranaigh den scoth a bheas iontu! Fáilte ar Bord!!!

  • Pípí Ó Muiris

    Pípí Ó Muiris
    Is spreagadh é an dea-shampla seo ag an Dr Fangzhe Qiu agus a bhean chéile Lijing Peng: níor ghéill siad do ‘little-Brits’ na Stát-Seirbhíse agus tá sé i bhfad thar am go nglacfadh go leor eile de phobal na hÉireann leis an sampla seo. Breis agus 128 bliain ó thug Dúbhglas de hÍde an léacht ar ‘The necessity for de-Anglicising Ireland’ nach scanrúil go deo é go bhfeidhmíonn an Stát agus roinnt de na fostaithe ann (atá íoctha ag na cáiníocóirí) ró-mhinic amhail is gur ar son na hImpireachta atá siad ag obair. Ceann de na húdair gur amhaidh atá ná nach seasann an iomarca de phobal ‘na Gaeilge’ an fód mar a rinne Dr Qiu agus a bhean.