Fear sna fichidí maraithe i dtimpiste bhóthair i nGaeltacht Chonamara

Bhí trí charr sa timpiste ar an R336 idir Bearna agus na Forbacha a tharla ag 11.25pm aréir.

Fear sna fichidí maraithe i dtimpiste bhóthair i nGaeltacht Chonamara

Maraíodh fear sna fichidí i dtimpiste bhóthair i mBearna i nGaeltacht Chonamara aréir. Bhí trí charr sa timpiste ar an R336 idir Bearna agus na Forbacha a tharla ag 11.25pm aréir.

Cuireadh fios ar na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála agus deimhníodh ag láthair na timpiste go raibh tiománaí ceann de na carranna básaithe. Tugadh a chorp go dtí ospidéal Ollscoil na Gaillimhe, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis.

Tuairiscíodh nár gortaíodh aon duine eile san eachtra.

Tá an bóthar idir Bearna agus na Forbacha dúnta agus tá an trácht á chur ar mhalairt slí. Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic an timpiste teagmháil a dhéanamh leo.

 

Fág freagra ar 'Fear sna fichidí maraithe i dtimpiste bhóthair i nGaeltacht Chonamara'