Fear as Dún Búinne na Mí maraithe agus é ag troid le fórsaí na hÚcráine

Liostáil Rory Mason sa Léigiún Idirnáisiúnta um Chosaint na hÚcráine mí an Mhárta agus chuaigh chun na hÚcráine ag troid le fórsaí na tíre sin

Fear as Dún Búinne na Mí maraithe agus é ag troid le fórsaí na hÚcráine

Tá sé deimhnithe inniu gur maraíodh fear 23 bliain d’aois as Dún Búinne na Mí seachtain ó shin agus é ag troid le fórsaí na hÚcráine i réigiún Kharkiv.

Liostáil Rory Mason sa Léigiún Idirnáisiúnta um Chosaint na hÚcráine mí an Mhárta agus chuaigh chun na hÚcráine ag troid le fórsaí na tíre sin. Meastar go bhféadfadh suas le 16,000 eachtrannach a bheith ag troid le fórsaí na hÚcráine. Sa nGearmáin a bhí Rory ag obair sular thug sé aghaidh ar an Úcráin.

D’eisigh an Léigiún ráiteas ag rá go raibh an tÉireannach páirteach sa bhfrithionsaí in Kharkiv agus gur maraíodh é “ar pháirc an áir” nuair a ionsaíodh a aonad. Dúirt urlabhraí an Léigiúin go raibh siadsan i dteagmháil lena mhuintir agus go ndéanfaidís féin agus fórsaí na hÚcráine na socruithe lena chorp a thabhairt abhaile i gcomhairle lena theaghlach.

Roinn Gnóthaí Eachtracha na tíre seo a thug scéala a bháis dá mhuintir agus tá cúnamh taidhleoireachta á cur ar fáil dóibh.

I ráiteas ar son an teaghlaigh dúradh go raibh an t-eolas a bhí ar fáil faoin tubaiste teoranta ó tharla gur maraíodh é i zón cogaidh agus gurb é a bhí uathu anois ná a chorp a thabhairt abhaile lena thórramh. Faoi bhrón ina dhiaidh, fágann sé a athair, a mháthair, a dheartháir agus a dheirfiúr.

Dúirt a athair “go raibh an-bhrón orthu ach go raibh siad an-bhródúil as crógacht, tiomantas agus easpa leithleachais Rory as liostáil le cuidiú leis an Úcráin”.

D’eisigh Coláiste Pheadair i nDún Búinne, an mheánscoil ar ar fhreastail Rory, ráiteas ag déanamh comhbhróin le teaghlach Rory “ag an am coscrach seo”.

D’fhógair Uachtarán na hÚcráine aréir go raibh dul chun cinn gasta déanta ag fórsaí na tíre sna trí réigiún: Kherson, Kharkiv agus Donetsk. Ach dúirt Dmitry Peskov, urlabhraí na Creimile go n-athghabhfadh an Rúis gach orlach de na críocha sin arís. “Ag an Rúis a bheidh siad sin go deo, gheofar ar ais iad,” a dúirt Peskov.

Tá pictiúir á scaipeadh anois de chuid den 300,000 duine a preasáladh in arm na Rúise agus iad ag tabhairt faoin traenáil. Tuairiscítear go bhfuil na mílte a raibh sin ar a n-acmhainn tar éis bóthar a bhualadh as an Rúis leis an bpreasáil a sheachaint.

Fág freagra ar 'Fear as Dún Búinne na Mí maraithe agus é ag troid le fórsaí na hÚcráine'