Feallmharú á lua le tuairt eitleáin ina síltear a maraíodh ceannasaí Wagner, ach Putin ina thost

Nuair a cuireadh ceist ar Uachtarán Mheiriceá Joe Biden cé a bhí freagrach as an tuairt ina síltear a maraíodh Yevgeny Prigozhin, dúirt sé, ‘Ní tharlaíonn mórán sa Rúis nach mbíonn Putin taobh thiar de’

Feallmharú á lua le tuairt eitleáin ina síltear a maraíodh ceannasaí Wagner, ach Putin ina thost

Níl faic ráite go fóill ag Vladimir Putin faoin tuairt eitleáin ina gceaptar a maraíodh Yevgeny Prigozhin, ach meastar go coitianta gurb amhlaidh gur feallmharaíodh ceannasaí Wagner, an comhlacht príobháideach míleata sa Rúis.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky nach raibh aon bhaint ag an Úcráin leis an eachtra.

“Níl aon bhaint againne leis an scéal seo, tá an méid sin cinnte. Sílim go bhfuil a fhios ag gach duine cé acu a raibh baint leis an scéal,” arsa Zelensky.

Glactar leis gur bhásaigh Yevgeny Prigozhin agus cuid dá oifigigh shinsearacha sa tuairt eitleáin a tharla dhá mhí ó chuaigh siad chun ceannairce in aghaidh lucht ceannasaíochta arm na Rúise.

Deir na húdaráis sa Rúis go raibh Prigozhin agus a chomhghuaillí mór Dmitry Utkin ar bord an eitleáin nuair a thuairteáil sé ó thuaidh de Mhoscó inné.

Níor luaigh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an tuairt eitleáin beag nó mór i gcaint a rinne sé trí nasc físe ag cruinniú mullaigh.

Cé nach fios go fóill cad ba chúis leis an tuairt, tá tuairimíocht go leor ann faoin méid a tharla agus tuairiscítear go gcreideann lucht seirbhísí cosanta i Sasana agus in áiteanna eile san Eoraip gurb amhlaidh gurb í áisíneacht faisnéise na Rúise, an FSB, ba chionsiocair leis an eachtra.

Nuair a cuireadh ceist ar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden cé a bhí freagrach as an tuairt, dúirt sé, “Ní tharlaíonn mórán sa Rúis nach mbíonn Putin taobh thiar de”.

Deir lucht tacaíochta Prigozhin gur tugadh an t-eitleán anuas d’aon ghnó.

Bhí an grúpa saighdiúirí tuarastail Wagner an-ghníomhach sa chogadh san Úcráin go dtí mí an Mheithimh seo caite nuair a chuaigh Prigozhin i mbun ceannairce agus é míshásta le cur chuige na Rúise san ionradh ar an Úcráin.

“Feall” in aghaidh na Rúise a bhí sa cheannairc nár mhair ach 24 uair an chloig, a dúirt Putin, ach rinne sé socrú le Prigozhin a chuir deireadh an-tapa leis an éirí amach.

 

Fág freagra ar 'Feallmharú á lua le tuairt eitleáin ina síltear a maraíodh ceannasaí Wagner, ach Putin ina thost'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha uilig.
    Tá ár bpaidreacha de dhith go práinneach uathu.