Feachtas bailithe airgid do mhuintir Gaza tosaithe ag oibrithe ranna Gaeilge an AE

Tá lucht eagraithe an fheachtais, atá ag obair i ranna Gaeilge an AE, ag iarraidh breis is €100,000 a bhailiú d’Achainí Phráinneach Ghluaiseacht na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg

Feachtas bailithe airgid do mhuintir Gaza tosaithe ag oibrithe ranna Gaeilge an AE

Tá feachtas bailiúcháin tosaithe ag grúpa d’fhostaithe in institiúidí an Aontais Eorpaigh chun airgead a thiomsú chun teacht i gcabhair orthu siúd atá buailte ag an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza.

Tá lucht eagraithe an fheachtais, atá ag obair i ranna Gaeilge an AE, ag iarraidh breis is €100,000 a bhailiú d’Achainí Phráinneach Ghluaiseacht na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg chun bia, dídean, uisce agus cúnamh leighis a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar.

Deir na húdaráis sláinte in Gaza, atá á rialú ag Hamas, go bhfuil ar a laghad 29,000 duine maraithe sa stráice ó cuireadh tús le hionsaithe díoltais Iosrael. Maraíodh thart ar 1,200 duine in ionsaí Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair, ionsaí inar tógadh thart ar 240 duine eile ina ngialla.

Deir lucht eagraithe an fheachtais SOS GAZA nach féidir “a bheith dall ar an ngéarchéim dhaonnúil uafásach i nGaza”.

“Ó bhí mí Dheireadh Fómhair ann, maraíodh na deicheanna de mhílte daoine i nGaza, idir fhir, mhná agus pháistí beaga; fágadh beagnach 20,000 páiste ina ndílleachtaí; gortaíodh na scórtha mílte daoine; síobadh agus scriosadh na mílte foirgneamh; díbríodh beagnach 1.9 milliún duine as a n-áit chónaithe agus tá a mbeo i gcontúirt laethúil, ó bhuamáil, ó easpa bia, uisce agus dídine, agus ó ghalair atá ag leathadh go tréan mar gheall ar na dálaí ainniseacha maireachtála agus an easpa cúnaimh leighis,” a deirtear.

“Is uafásach an slad agus an sléacht é ar shibhialtaigh gan chosaint. Ach ní féidir linn géilleadh don éadóchas. Tá sé ag dul do mhuintir Ghaza go gcuideoimis leo cibé bealach is féidir linn.”

Tá tacaíocht airgid á lorg agus é iarrtha freisin ar dhaoine sos comhraic buan a éileamh.

Fág freagra ar 'Feachtas bailithe airgid do mhuintir Gaza tosaithe ag oibrithe ranna Gaeilge an AE'

  • Colmcille Ó Monacháin

    Is féidir tacú leis an fheachtas anseo: https://gofund.me/3a9d2759

  • WTF

    Bail ó Dhia oraibh.