Féachaigí ar na 10 scór is fearr ó Chraobh Iomána na Bliana seo

Cé nárbh í craobh 2015 an ceann is fearr a bhí riamh ann, chonaic muid scóranna den scoth i rith an tsamhraidh mar sin féin

Aaron Cunningham (An Clár) v Luimneach – 24.05.15

An chéad chluiche i gCraobh na Mumhan na bliana seo agus taispeánadh dúinn cén fáth a bhfuil traidisiún láidir ag baint leis an gcomórtas. Is mar ionadaí a tháinig Aaron Cunningham isteach san imirt ach d’aimsigh sé dhá chúl den scoth, an dara ceann an ceann is fearr díobh.

Tony Kelly (An Clár) v Luimneach – 24.05.15

Iománaí na Bliana i 2013, thaispeáin Kelly a bhuanna ar fad leis an scór seo. Fuair sé seilbh an tsliotair ar an gcliathán clé, isteach leis i dtreo an chúil agus, cé gur chosúil go raibh an uillinn i bhfad róghéar, d’éirigh leis an sliotar a sheoladh thar an trasnán.

Maurice Shanahan (Port Láirge) V Corcaigh – 07.06.15

Chuidigh 1-9 ó Shanahan do Phort Láirge an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh sa choimhlint seo, an cúl ag teacht deich nóiméad roimh leath ama. Tar éis dó an sliotar a ghabháil san aer, bháigh Shanahan í i gcúinne an chúil é. Gach seans go mbeadh a dheartháir Dan féin bródúil as an gceann sin.

Mícheál Kelly (Ros Comáin) v Ard Mhacha – 06.06.15

Agus an t-am caite, bhí Ros Comáin dhá phointe chun deiridh i gcluiche ceannais Chorn Mhic Riocaird nuair a bhronnadh poc saor orthu 21m amach. D’éirigh le Mícheál Kelly a iarracht a stiúradh thar an ochtar a bhí sa chúl chun an bua a thabhairt do na Connachtaigh.

Joe Canning (Gaillimh) v Cill Chainnigh – 05.07.15

Bhí cluiche sách ciúin ag Canning i gcluiche ceannais Chúige Laighean ach ní raibh ach seans amháin ag teastáil uaidh chun a rian a fhágáil ar chúrsaí. Andy Smith a sheol an pas isteach i dtreo Canning agus in aon ghluaiseacht amháin, rug Canning uirthi, chas sé, agus bhuail sé an liathróid thar Eoin Murphy sa chúl.

Eoin Larkin (Cill Chainnigh) v Gaillimh – 05.07.15

Is féidir comparaíd a dhéanamh idir pointe Larkin agus cúl Joe Canning sa chluiche céanna. B’fhéidir go raibh cúl fear Phort Omna níos fearr ach thaispeáin scór Larkin, an ceann deireanach i mbua éasca go maith ar na Gaillimhigh, an bunchumas atá ag tosaithe Chill Chainnigh uile agus é ag seoladh iarracht ón taobhlíne thar a ghualainn agus thar an trasnán gan stró ar bith.

Shane Bennett (Port Láirge) v Baile Átha Cliath – 26.07.15

raibh an ardteist críochnaithe ach le cúpla seachtain ag Bennett faoin am a thug sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath sa chraobh. Tháinig an deis seo chuige ag tús an dara leath agus cé nár chuir sé an sliotar faoi smacht mar a bhí i gceist aige a dhéanamh ar dtús, chuir sé críoch den scoth leis  an ngluaiseacht.

Jonathan Glynn (Gaillimh) v Corcaigh – 26.07.15

raibh fiú nóiméad caite sa choimhlint seo faoin am go raibh Gaillimh curtha chun cinn ag Jonathan Glynn le sárchúl. Níorbh fhéidir fear Ard Raithin a stopadh sa chluiche sin agus é ag críochnú le gradam laoch na himeartha, mar aon le hagallamh nach ndéanfar dearmad air.

Austin Gleeson (Port Láirge) v Cill Chainnigh – 09.08.15

D’aimsigh an fear óg poc sleasa i gcoinne Bhaile Átha Cliath sa chluiche ceathrú ceannais chomh maith ach bhí an ceann seo i gcoinne na gCat sa chluiche leathcheannais ar fheabhas ar fad agus léiriú á thabhairt aige ar cheann de na scileanna is fearr atá le fáil san iomáint.

Jason Flynn (Gaillimh) v Cill Chainnigh – 06.09.15

Bhí cúpla rogha ann chomh fada is a bhain sé le Flynn; an poc saor diamhar a fuair sé a chluiche ceannais nó an pointe ón taobhlíne i gcoinne Thiobraid Árann a chothromaigh na scóir agus an t-am caite. Is é an iarracht seo sa chluiche ceannais, áfach, agus an scil dhochreidte a thaispeáin sé, a roghnaigh muide.

Fág freagra ar 'Féachaigí ar na 10 scór is fearr ó Chraobh Iomána na Bliana seo'