Feabhas ag teastáil ón bPortaingéil chun an ceann is fearr a fháil ar na Turcaigh

Seans go bhfeicfear cúpla athrú ag Roberto Martinez ar an bhfoireann a bhuaigh in aghaidh na Seiceach i rith na seachtaine

Feabhas ag teastáil ón bPortaingéil chun an ceann is fearr a fháil ar na Turcaigh

Rogha an Lae

Tá an dá fhoireann seo ar bharr an tábla i láthair na huaire tar éis dóibh a gcéad chluichí a bhuachan agus fios acu go gcinnteoidh siad áit i mbabhta an 16 le bua eile tráthnóna.

Theastaigh cúl deireanach ón bPortaingéil chun na cosa a thabhairt leo i gcoinne Phoblacht na Seice sa chéad bhabhta agus taispeántas leamh go maith a thug foireann Roberto Martinez.

Tá an fhadhb chéanna ag an bPortaingéil is atá ag Sasana agus iad ag iarraidh áit a fháil do na himreoirí ionsaithe iontacha uile atá ar fáil dóibh agus níor oibrigh pleananna Martinez in aghaidh na Seiceach. Bhí Bruno Fernandes rófhada siar, bhí ról róscaoilte ag Bernardo Silva agus is beag tionchar a bhí ag Rafael Leão ar an gcluiche.

Chun leigheas a fháil ar an bhfadhb, d’fhéadfadh an bainisteoir Silva a chur ar an gcliathán in áit Leão, Fernandes a bhogadh chun cinn agus leithéidí João Palhinha a thabhairt isteach i lár na páirce, taobh le Vitinha, a raibh cluiche maith aige in aghaidh Phoblacht na Seice.

Fear amháin cinnte a bheidh ag imirt ná Cristiano Ronaldo, cé gur lú a leag sé cos ar an liathróid ná aon imreoir eile ón bPortaingéil sa chluiche. Chuir an Phortaingéil an liathróid trasna sa bhosca 30 uair sa chluiche Dé Máirt, níos minice ná aon fhoireann eile sa chomórtas go dtí seo agus iad ag iarraidh buntáiste a bhaint as na buanna atá fágtha ag Ronaldo seachas é a chur ag rith.

Caithfidh na Portaingéalaigh a bheith níos fearr tráthnóna ná mar a bhíodar sa chéad chluiche sin mar bhí an Tuirc cumasach go maith sa bhua 3-1 a bhí acu ar an tSeoirsia, an cluiche is fearr a imríodh sa chomórtas go dtí seo.

Scóráil Mert Müldür agus Arda Güler dhá chúl dochreidte sa chluiche sin agus léirigh na Turcaigh go rabhadar sásta tabhairt faoin gcúl aon uair a bhfuair siad an deis. Bhí níos mó iarrachtaí ar chúil ag an Tuirc, 22, ná mar a bhí ag aon fhoireann eile sa chéad bhabhta cluichí agus tháinig na hiarrachtaí sin ó 11 imreoir.

Tharlódh nach mbeadh na Turcaigh chomh dírithe sin ar an tréanionsaí i gcoinne na Portaingéile inniu ach má thagann an liathróid i dtreo Müldür nó Güler lasmuigh den bhosca, bí cinnte nach mbeidh ach rud amháin ar intinn acu.

Cluichí

An tSeoirsia v Poblacht na Seice – 2.00in (Grúpa F)
An Tuirc v An Phortaingéil – 5.00in (Grúpa F)
An Bheilg v An Rómáin – 8.00in (Grúpa E)

Fág freagra ar 'Feabhas ag teastáil ón bPortaingéil chun an ceann is fearr a fháil ar na Turcaigh'