Éire v Sasana – Staid Aviva, 5.00in (Beo ar RTÉ2)
Gheobhaidh lucht tacaíochta na hÉireann agus leantóirí Shasana a gcéad radharc ar bhainisteoirí nua a bhfoirne tráthnóna nuair a thabharfaidh an dá thír aghaidh ar a chéile sa chéad bhabhta i nGrúpa 2 de Shraith na Náisiún.
Tá an-chuid cainte déanta faoin ‘bhfáilte’ a chuirfear roimh Declan Rice agus Jack Grealish, beirt a d’imir d’fhoirne na hÉireann ach atá ag filleadh le Sasana, ach is é an rud is suntasaí faoi chluiche na hoíche anocht ná gurb é an chéad chluiche i gceannas ar a gcuid foirne é ag Heimir Hallgrímsson agus Lee Carsley.
Fear eile é Carsley a chaith geansaí na hÉireann agus a d’imir 40 cluiche don fhoireann shinsir. Ach is i gceannas ar Shasana a bheidh sé anocht agus é sa ról go sealadach go dtí go gceapfar comharba Gareth Southgate, a d’éirigh as i ndiaidh Euro 2024.
Bhí súil ann Carsley a cheapadh ina bhainisteoir ar Éirinn i ndiaidh Stephen Kenny ach dhiúltaigh sé don FAI agus Hallgrímsson a tugadh isteach faoi dheireadh.
Nuair a tháinig an scéal faoi Hallgrímsson i ndiaidh próiseas roghnúcháin a mhair ocht mí, ba é an chéad rud a rinne go leor de lucht sacair na hÉireann ná dul ar Google chun fáil amach díreach cé hé féin. Tá an chuma ar an scéal freisin go bhfuil an bainisteoir nua tar éis tabhairt faoi roinnt ‘gúglála’ chun fáil amach faoina chuid imreoirí nua.
Tá an tÍoslannach ceaptha ó mhí Iúil ach níor thosaigh sraitheanna sacair Shasana agus na hAlban go dtí roinnt seachtainí ó shin. Mar sin níl an oiread sin deiseanna faighte ag Hallgrímsson taisteal timpeall agus súil a chaitheamh ar a chuid imreoirí ag imirt.
John O’Shea agus Paddy McCarthy, beirt a thóg ceannas ar an bhfoireann nuair a bhí sí gan bainisteoir agus atá mar chuid d’fhoireann bainistíochta Hallgrímsson, a roghnaigh an scuad don chluiche seo in aghaidh Shasana agus don cheann i gcoinne na Gréige Dé Máirt.
Cinnte, níl aon athrú mór ann i dtaobh na n-imreoirí a roghnaíodh. Fágann gortuithe nach bhfuil Gavin Bazunu ná Josh Cullen ar fáil agus tá Kasey McAteer, cliathánaí a imríonn le Leicester City, tugtha isteach sa scuad den chéad uair.
Gan aon chluiche aige le foireann na hÉireann go fóill, ní féidir a bheith go hiomlán cinnte cén cur chuige a ghlacfaidh Hallgrímsson, ach is féidir buille faoi thuairim a thabhairt bunaithe ar na postanna eile a bhí aige agus ar an méid atá ráite aige ó ceapadh é ina bhainisteoir ar Éirinn.
Deir Hallgrímsson go bhfuil sé ag iarraidh “filleadh ar na bunphrionsabail” agus cé nár mhínigh sé go díreach céard iad na prionsabail a bhí i gceist, is féidir glacadh leis go mbeidh sé ag díriú ar chur chuige na foirne agus iad i mbun cosanta. Beidh sé mar phríomhaidhm aige gan cúil a ghéilleadh agus is ina dhiaidh sin a dhíreofar ar an leath eile den pháirc agus ar chúil a scóráil.
Gach seans go mbeidh an stíl ag Hallgrímsson níos cosúla le stíl Martin O’Neill ná le stíl Stephen Kenny agus ní hé gach duine a bheidh sásta leis sin. Tá Kenny le moladh as an misneach a léirigh sé agus é ag iarraidh stíl eile a chur i bhfeidhm ach is é fírinne an scéil é go raibh sé chomh leadránach a bheith ag breathnú ar fhoireann na hÉireann ag deireadh ré Kenny is a bhí ag deireadh ré O’Neill nó Giovanni Trapattoni.
Ní gá go dtabharfaí cúl uile le stíl níos oscailte Kenny, ach is é an rud is tábhachtaí do Hallgrímsson ná cúpla toradh maith a fháil luath sa ré nua seo agus dóchas a thabhairt don lucht tacaíochta arís.
Ba mhór an chabhair a bheadh i dtaispeántas maith i gcoinne Shasana inniu ach ní fhéadfá a bheith ag súil le mórán.
Ní fios go fóill cén tionchar a bheidh ag Lee Carsley ar fhoireann Shasana ach is beag seans go mbeidh sé ag iarraidh aon athrú ollmhór a dhéanamh ar an gcur chuige a thug Sasana chomh fada le cluiche ceannais na Euros i rith an tsamhraidh. Bíonn stíl chomhaimseartha in úsáid ag Carsley agus beidh seilbh acu ar an liathróid d’fhormhór mór an chluiche anocht. Níl leithéidí Jude Bellingham, Phil Foden ná Cole Palmer ar fáil do Shasana ach tá caighdeán na n-imreoirí atá acu fós i bhfad níos airde ná mar atá ag Éirinn. Léirigh an greadadh 3-0 a tugadh dúinn in Wembley in 2020 an bhearna idir na foirne i láthair na huaire.
Fág freagra ar 'Ardú meanman is mó a theastaíonn ag tús ré Hallgrímsson'