Faoiseamh le fáil ón ocht masc aghaidhe seo…le fíon agus Netflix

Chuaigh ár gcomhfhreagraí ag cuardach i measc an líon ollmhór masc aghaidhe atá ar an margadh anois

Faoiseamh le fáil ón ocht masc aghaidhe seo…le fíon agus Netflix

Is mór an faoiseamh agus an pléisiúir é anois is arís masc aghaidhe a úsáid le beocht agus fuinneamh a chur ar ais i do chraiceann. Is deacair an sásamh atá le baint as a bhualadh, go háirithe agus tú sínte siar le gloine fíona agus Netflix tar éis seachtain mhór oibre.

Tá rogha leathan masc aghaidhe ar an margadh agus feidhm dhifriúil acu ar fad, bíodh sin craiceann a scamhadh, a hiodráitiú agus a ghealadh nó dul i ngleic le goiríní agus mar sin de. Ní gá gur masc aghaidhe amháin a d’úsáidfeá agus is mór is fiú péire a úsáid agus feidhm éagsúil ag an dá cheann.

Is mór idir na roghanna atá anois ann agus na cinn bheaga shaora a bhíodh le fáil blianta ó shin ar chúpla euro. Ba mhó an bhéim a bhíodh ar na dathanna agus an boladh cumhráin a bhíodh orthu sin agus gan maitheas ar bith iontu i ndáiríre don chúram a bhí le déanamh acu. Go deimhin, is mó dochar ná maitheas a dhéanadh siad don chraiceann.

Seo cuid de na cinn is fearr a thaitin liom féin le tamall anuas.

  

Neutrogena Hydro Boost Hydrating Hydrogel Mask ó Boots ar €4.49

Seo masc don té a bhfuil a craiceann an-tirim. Is mór is fiú an ceann seo a úsáid roimh smideadh d’ócáid speisialta agus é ar fáil go forleathan ar phinginí beaga. 

 

 

Pixi Glow Mud Mask ó ASOS ar €23

Tá an ceann áirithe seo go maith don té a bhfuil fadhb aici le goiríní dubha. Súnn an chré amach an salachar atá faoin gcraiceann ach ní thriomaíonn sé d’aghaidh. Tá 45ml ar fáil ar €23 agus neart masc aghaidhe le fáil as an méid sin.

 

 

The Ordinary AHA 30% + BHA 2% Peeling Solution ó Beauty Bay ar €7

Más scamhadh láidir atá uait déanfaidh an ceann seo an-leas don chraiceann. Tá an ceann seo chomh láidir sin nach molfainn é a úsáid níos minice ná uair sa tseachtain.

 

 

Ren Evercalm Ultra Comforting Rescue Mask ó Arnotts ar €37

Má tá do chraiceann bog soghortaithe agus faoiseamh uait, is fiú go mór an t-airgead a chaitheamh ar an masc seo ó Ren. Tá 50ml sa chrúsca agus mairfidh sin tamall maith.

 

Paula’s Choice Radiance Renewal Mask ó Cloud 10 Beauty ar €39

Is minic go dtagann lorg nó spotaí dorcha ar an gcraiceann agus duine ag dul in aois. Tá comhábhair sa cheann seo a laghdóidh na marcanna sin agus a chuirfidh cuma níos fearr ar dhath an chraicinn. 50ml atá sa chrúsca seo freisin.

 

Summer Fridays Jet Lag Mask ó Cult Beauty ar £22.50

Seo an masc aghaidhe atá mar chéad rogha ag na réalta mór le rá faoi láthair, go háirithe ón uair gur dhúirt Kim Kardashian go raibh sé iontach. Fág an masc seo ar d’aghaidh i rith na hoíche agus beidh do chraiceann maothaithe agus snas air ar maidin.  

 

 

Skyn Iceland Hydro Cool Firming Eye Gels ó Marks and Spencer ar €19

Maisc bheaga le cur faoi na súile iad seo ó Skyn Iceland. Tá siad seo thar cionn le húsáid 10 nóiméad roimh an smideadh. Moltar iad a stóráil i gcuisneoir le go mbeidh siad deas fuar.

 

Sisley Black Rose Cream Mask ó Brown Thomas ar €120

Seo ceann nár thriail mé féin fós ach fuair mé sampla tástála le gairid. Deir na saineolaithe cúram cnis go bhfuil an ceann seo ar an gceann is fearr ar fad. Is cinnte go bhfuil sé daor ach tá 60ml sa chrúsca agus mairfidh sé sin fada go leor mura gcuirtear amú é.

Fág freagra ar 'Faoiseamh le fáil ón ocht masc aghaidhe seo…le fíon agus Netflix'