‘Faoiseamh’ do chúig Ghaelscoil agus cead tugtha an obair forbartha a atosú

Léiríodh míshuaimhneas an mhí seo caite nuair a d’fhógair an Roinn Oideachais go raibh stop curtha le hobair thógála i mbeagnach trí scór scoil sa stát de bharr cúinsí airgeadais

‘Faoiseamh’ do chúig Ghaelscoil agus cead tugtha an obair forbartha a atosú

Údar faoisimh agus dóchais é go bhfuil tús le cur in athuair le hobair forbartha i gcúig Ghaelscoil ar fud na tíre, a deirtear.

Léiríodh míshuaimhneas an mhí seo caite nuair a d’fhógair an Roinn Oideachais go raibh stop curtha le hobair thógála i mbeagnach trí scór scoil sa stát de bharr cúinsí airgeadais ach d’fhógair an tAire Norma Foley go bhfuil cead tugtha anois dul ar aghaidh leis na tograí seo.

Is iad na Gaelscoileanna gur féidir leo leanúint ar aghaidh lena bhforbairtí ná Gaelscoil Phádraig i mBaile Breac i mBaile Átha Cliath, Gaelscoil Lir i dTeach Sagard in iarthar na hardchathrach, Gaelscoil na gCeithre Máistrí i mBaile Dhún na nGall, Gaelscoil an Inbhir Mhóir i gCill Mhantáin agus Gaelscoil Eois i gCluain Eois.

Tá an cúig scoil sin faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta agus dúirt Ard-Rúnaí na heagraíochta, Caoimhín Ó hEaghra go bhfuil ríméad air faoin scéal.

“Is féidir lenár scoileanna breathnú chun cinn le dóchas anois agus iad ag súil lena gcóiríocht nua,” a dúirt Ó hEaghra.

Bhí na foirgnimh nua atá geallta do na scoileanna in ainm is a bheith ag dul ar aghaidh chuig céim na tairisceana agus na tógála nuair a tháinig an scéal go raibh stad curtha ag an Roinn leis an bpróiseas, cinneadh nach raibh aon choinne ag lucht na scoileanna féin leis.

Bhí Roise Uí Labhraidh, Príomhoide Ghaelscoil Phádraig, ina measc siúd a chuir fáilte roimh an scéal go mbeadh tús á chur leis an obair forbartha arís.

“Tá faoiseamh orainn go bhfuil réiteach faighte ar an moill seo,” a dúirt sí.

“Tá súil againn go ndéanfaidh an Roinn Oideachais gach iarracht na tionscnaimh a bhogadh ar aghaidh chomh tapa agus is féidir.”

Dúirt Uí Labhraidh chomh maith go bhfuil sí ag súil go dtabharfar tosaíocht do scoileanna atá ag fanacht ar fhoirgneamh buan le fada an lá. Tá Gaelscoil Phádraig ag fanacht seacht mbliana is fiche chun cóiríocht bhuan a fháil.

Tá Gaelscoil an Inbhir Mhóir ar cheann de na scoileanna atá ag éileamh foirgneamh ceart le fada an lá agus an scoil i bhfoirgnimh shealadacha le breis is 25 bliain.

Agus í ag fógairt an scéil an tseachtain seo, dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go mbeadh a Roinn i dteagmháil leis na scoileanna ar fad maidir leis na chéad chéimeanna eile sa phróiseas.

Fág freagra ar '‘Faoiseamh’ do chúig Ghaelscoil agus cead tugtha an obair forbartha a atosú'