FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Gheobhaidh tú ábhar machnaimh agus argóna i bprós an Direánaigh

Tá scóip leathan fairsing ábhar in aistí an Direánaigh, a bhaineann le polaitíocht, le pearsana agus leis an éigse féin

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Gheobhaidh tú ábhar machnaimh agus argóna i bprós an Direánaigh

Ceist mhór mhaith is ea cén bhaint atá ag scríbhneoireacht phróis an fhile lena shaothar filíochta? B’fhéidir gur bheag í, seachas go bhfuil go maith nó leathchuibheasach ina cáilíocht féin.

Níor stop Máirtín Ó Direáin de bheith ag saothrú an phróis le linn a bheatha pinn, agus tá cnuasach aistí dá chuid curtha le chéile go slachtmhar is go tuisceanach ag Síobhra Aiken in An Chuid Eile Díom Féin: aistí le Máirtín Ó Direáin (CIC €15). Rogha dá shaothar a foilsíodh i nuachtáin, in irisí agus in irisleabhair idir 1931 agus 1984.

Cuirfear suim iontu seo, gan amhras, toisc go mbaineann siad leis an sárfhile, ach b’fhéidir nár leor sin dá lán mura mbeadh siad spreagúil iontu féin.

D’fhiafraigh Liam Ó Muirthile de Sheán Ó Ríordáin tráth ar ‘dhánta nár tháinig’ cuid dá aistí próis. Shíl Liam féin gurb ea, ach ní fios cén intinn a bhí ag an Ríordánach ina leith.

Ní móide gur féidir an rud céanna a rá mar gheall ar aistí an Direánaigh, fág gurb é an t-ábhar céanna a bhíonn idir chamáin phléite aige go minic.

Caithfead a rá gur chuir teidil roinnt de na haistí ábhar scanraidh orm i dtosach: ‘Cleamhnas Mhicil Úna’ nó ‘Imeacht na gCoiníní as Árainn.’ Mheabhraigh siad dom go raibh dráma dar teideal ‘Bó i bPoll’ ann aimsir na hathbheochana, agus alt sa nuachtán Inniu agus é ar a chosa deiridh ag cásamh ‘Ganntanas na nAsal in Ros Muc.’

Níor ghá aon bhuairt a bheith orm, áfach, óir tá scóip leathan fairsing ábhar sna haistí a bhaineann le polaitíocht, le pearsana agus leis an éigse féin. Bhí ardmheas aige ar James Connolly, mar shampla, agus ba lag aige an beann a bhí ag daoine ar ríogacht ná ar fhuilchraos impireachta.

Ba mhór aige Seán Ó Ríordáin agus scríbhneoirí eile, John McGahern ina measc.

Dúirt sé gur cúrsaí focal a bhíodh á bplé aige leis, cé gur cuimhin liom McGahern ag rá uair amháin nuair a thagann scríbhneoirí le chéile gurb é an t-airgead an t-ábhar cainte a bhíonn eatarthu.

Ní shílim gur ag smaoineamh ar scríbhneoirí na Gaeilge a bhí sé.

Fág gur aistí ó na 30idí agus ó na 40idí a bhformhór seo, is léir gurb iad na ceisteanna móra céanna fós a bhíonn ag déanamh scime do lucht litríochta na Gaeilge –

  • Na duaiseanna móra litríochta do scríbhneoirí Béarla amháin
  • Deighilt idir an scríbhneoir Gaeilge agus an scríbhneoir Béarla
  • An solas ag dul as don drámaíocht
  • An féidir úrscéal Gaeilge a scríobh mar gheall ar shaol na cathrach (tuilleadh gruaige stoite dem cheann)
  • Easpa tacaíochta don scríbhneoir Gaeilge (ní hé nach bhfuil feabhas éigin, éigin)
  • Agus cad é an gnó atá ag an bhfile inniu?

Is tú a gheobhaidh ábhar machnaimh agus argóna sa mhéid seo féin, seachas taitneamh a bhaint as stíl éasca réidh chomhráitiúil an Direánaigh.

Maidir le stíl de, mar sin, níl an stíl aige chomh sainiúil le Seán Ó Ríordáin, ná chomh fíochmhar le hÓ Cadhain, ná chomh géar le Breandán Ó hEithir, ná chomh haorach le Myles, ná chomh greannbhlastúil le Críostóir Ó Floinn, ná chomh snasta le Liam Ó Muirthile, ach is é is Direánúla díobh ar fad, agus is é sin amháin a mheánn.

Tá fios riamh gurbh é bua na filíochta an bua ba mhó a bhí aige, ach tá an prós ag seasamh ar a chaint féin, ar chaint a mhuintire, ‘an uirlis is fearr a fuair sé’, dála an Chadhnaigh.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Gheobhaidh tú ábhar machnaimh agus argóna i bprós an Direánaigh'

  • Fearn

    Tá mé buíoch d’Alan as a ghrinneas léitheoireachta a roinnt liom. Is fiú i gcónaí á léamh.

    Anois, cá háit ar an idirlíon dorcha a bhfuil a shuíomh i dtaobh na leabhra Gaeilge le fánacht amach uathu ar chraiceann do chluaise?