“Nuair a théim a chodladh gach aon oíche, dul isteach ‘on oileán a bhím. Téim chomh fada leis an naomhóg, ach dúisím ansan.”
Is geall le script scannáin ann féin é cúlra na sraithe Cuimhní ón mBlascaod (TG4, Dé Domhnaigh). Breis agus fiche bliain ó shin d’earcaigh Fondúireacht an Bhlascaoid an stiúrthóir scannán Bob Quinn agus an bheirt Déiseach (Séamus, ceamaradóir, agus a dheartháir Brendan, fear fuaime) le hagallaimh a thaifeadadh lena raibh d’oileánaigh an Bhlascaoid fós beo in Éirinn. Rinne siad an cúram agus bhí na seanscannáin in áiléar Shéamuis Deasy ar feadh na mblianta.
Is é atá sa tsraith sé chlár seo ná na scannáin chóirithe sin mar aon le hábhar nua a taifeadadh i gCiarraí agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Turas maoithneach, brónach siar bóithrín na smaointe atá againn anseo i bhfochair leithéidí Pheaidí Mhicil Ó Súilleabháin, Cáit agus Bidí Ní Chatháin, Seán Pheats Team Ó Cearna, Mairín Ní Dhuinnshléibhe, Seán ‘Faeilí’ Ó Catháin, Micheál Ó Cearna, agus daoine eile nach iad.
Níl ach beirt ó na seanscannáin fós beo agus labhraítear le daoine eile a bhfuil tuiscint ar leithligh acu ar an oileán – Cole Moreton (a scrígh an leabhar iontach sin Hungry for Home) agus iníon le Muiris Ó Súilleabháin, Maura Kavanagh, ina measc. “Ní Éireannach mise, ach Blascaodach,” an sleais a chaith an Súilleabhánach leis an gCadhnach, a deir Máire.
Labhraíonn na daoine seo i nGaolainn mhilis Chorca Dhuibhne, nó an Bhlascaoid, ba chirte dom a rá, faoi rincí ar bharra na trá, cluichí caide idir bun agus barr an bhaile, gaineamh ón dtráigh ar úrláir na dtithe slachtmhara, mar aon le bheith ag cur prátaí, ag iasach agus ag fiach coiníní.
Ní nach ionadh bhí seatanna cuidsúlacha do thírdhreach Iarthar Dhuibhneacha ann agus iad measctha go deas le cloigne cainte, ábhar cartlainne agus ceol léanmhar.
B’fhiú an turas seo a dhéanamh.
Ní raibh an dara gála de Rebellion (RTÉ 1, Dé Domhnaigh) thar mholadh beirte agus ní dóigh liom go bhfuil seans na ngrást ag an táirge goile an lucht féachana a shásamh ag an bpointe seo. Tá sé tite idir dhá stól go hiomlán. Faoi mar a luas an tseachtain seo caite, tá na pearsana móra staire sa chúlra, gan aon fhocal fós ó Dev ná an Coileánach agus sinn i dtaobh le cúpla focal fánach ón bPiarsach, sin uile.
É sin ar fad agus míchruinneas staire á chur i leith na sraithe. Is iad scéalta an triúr ban atá chun cinn, scéalta grá dhá cheann acu, agus iarracht fhánach á dhéanamh imeachtaí móra staire a bhrú isteach taobh leo.
Bhí níos mó seatanna againn de May agus Charles ag siúl timpeall na cathrach ná mar a bhí seatanna aicsin. Ar shlí, níorbh aon drochrud é sin mar bhí cuma neafaiseach, amaitéarach ar na seatanna céanna. Cé go bhfuil an-iarracht déanta seatanna de Bhaile Átha Cliath na linne a sholáthar, bíonn tú ar cipíní ar eagla go gcífear carr, an Luas nó rud éigin eile a loitfeadh an t-eispéireas.
Tá na comhtharlúintí ag éirí tuirsiúil chomh maith, na carachtair éagsúla ag teacht trasna ar a chéile go liobarnach. Nuair a bhuail an bheirt deartháireacha le chéile ar an staighre, bhíos ullamh le mo chaipín bréidín a chaitheamh leis an gcúram.
Fág freagra ar 'Faoi gheasa ag cuimhní ón mBlascaod ach réidh leis an gcaipín bréidín a chaitheamh le ‘Rebellion’'