‘Fanaigí laistigh de 20 ciliméadar ón mbaile’ an chomhairle ‘is déanaí’ ón Rialtas i nGaeilge faoi Covid-19

Tháinig deireadh le céim 2 den phlean díchuibhrithe breis agus coicís ó shin agus tá níos lú ná seachtain lá fágtha i gCéim 3 den phlean ach níl aon leasú déanta ar an phríomhleathanach faoin gcoróinvíreas ar shuíomh an Rialtais

‘Fanaigí laistigh de 20 ciliméadar ón mbaile’ an chomhairle ‘is déanaí’ ón Rialtas i nGaeilge faoi Covid-19

De réir na comhairle ‘is déanaí’ i nGaeilge atá á cur ag an rialtas ar an phobal maidir le Covid-19, tá an Stát fós i gCéim 2 den phlean díchuibhrithe agus “fan áitiúil” an teachtaireacht i nGaeilge atá acu.

Tháinig deireadh le céim 2 den phlean díchuibhrithe breis agus coicís ó shin agus tá níos lú ná seachtain fágtha i gCéim 3 den phlean.

Is é a deirtear sa leagan Gaeilge den phríomhleathanach faoin choróinvíreas ar www.gov.ie. 

Tá Éire anois i gCéim 2 den Treochlár chun an tSochaí agus an Ghnó a Athoscailt. Is í an teachtaireacht ná fanacht go háitiúil – laistigh de do chontae nó laistigh de 20 ciliméadar ón mbaile”.

Tá an haischlib Gaeilge #fanáitiúil, a bhí mar phríomhtheachtaireacht i bhfeachtas poiblíochta an rialtais le linn Céim 2 den phlean díchuibhrithe, fós le feiceáil ar phríomhleathanach gov.ie faoin choróinvíreas.

#StaySafe an haischlib atá á húsáid ag an rialtas mar chuid don fheachtas poiblíochta a bhaineann le Céim 3 den phlean díchuibhrithe. 

Tá cáineadh go leor déanta ar an Rialtas toisc a laghad eolais atá ar fáil i nGaeilge faoin ghéarchéim Covid-19 agus faoin mhoill mhór a bhaineann le hábhar Gaeilge chur ar fáil.

Is é an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Aindrias Moynihan, an té is déanaí a tharraing aird ar a laghad ábhair i nGaeilge a cuireadh ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi Covid-19.

I gceist Dála a chuir an Teachta Dála as Múscraí ar an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin, d’fhiafraigh Moynihan den Aire ar shíl sí go raibh sé ceart go mbeadh ar chomharchumainn Ghaeltachta, scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna eolas maidir leis an choróinvíreas a scaipeadh ar an phobal trí Bhéarla mar nár chuir an Rialtas “an fhaisnéis chuí” ó na ar fáil i nGaeilge.

Mar fhreagra ar an cheist, dúirt an tAire Martin go mbíonn ábhar maidir leis an choróinvíreas ar an suíomh gov.ie “á aistriú agus á nuashonrú go rialta”.

Ach an té a bheadh ag iarraidh ‘an nuacht is déanaí’ a léamh i nGaeilge maidir le figiúirí báis agus líon na gcásanna nua den Covid-19, bheadh air dul siar go dtí an 28 Bealtaine. Seachas an lá sin, níor cuireadh leagan Gaeilge de phreasráiteas laethúil na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa Sláinte Phoiblí (NPHET) ón 14 Aibreáin.

Sin in ainneoin gur mhaígh an tAire Catherine Martin i bhfreagra ar cheist Dála an tseachtain seo caite, go raibh gach preasráiteas ón Fhoireann Náisiúnta Éigeandála um Shláinte Phoiblí (NPHET) foilsithe ar an suíomh “in éineacht” leis an leagan Gaeilge.

Údar áthais do na Gaeil go raibh fáil acu ar leagan Gaeilge d’aip Covid Tracker Ireland an tseachtain seo caite ach níl aon eolas ar chor ar bith i nGaeilge faoin aip chéanna ar shuíomh an Rialtais.

Cé go bhfuil cuid mhaith de ghnóthaí na tíre oscailte ó dheireadh na míosa seo caite, níl aon chomhairle ar fáil i nGaeilge go fóill ar shuíomh an Rialtais do ghnóthaí atá le hoscailt arís nó oibrithe atá ag filleadh ar an obair.

Faoin mhír ‘Comhairle Sláinte’, iarrtar i mBéarla ar dhaoine fanacht sábháilte agus freagracht a ghlacadh as a sláinte féin agus sláinte daoine eile a chosaint.

Ach ar an leagan Gaeilge den leathanach céanna, tá liosta d’ocht dtír atá “thíos le leathadh Covid-19” agus iarrtar ar dhaoine iad féin a leithlisiú sa chás go raibh siad ar cuairt ar aon cheann de na hocht dtír sin le gairid.

Ar ndóigh d’fhógair an WHO ar an 12 Márta gur paindéim dhomhanda a bhí sa Covid-19 agus moltar do gach duine a thagann isteach sa tír ó aon tír eile iad féin a leithlisiú ar feadh 14 lá, is cuma cé acu an bhfuil siomptóim Covid-19 orthu nó nach bhfuil.

Caithfidh gach duine a thagann isteach chun na tíre seo eolas a thabhairt do na húdaráis maidir le cá mbeidh siad ag fanacht agus leithlisiú a dhéanamh orthu féin ar feadh coicíse.

Fiú agus iarracht á déanamh ag an rialtas iallach a chur ar dhaoine masc nó clúdach aghaidhe a chaitheamh i spásanna poiblí nach féidir cloí go héasca leis an scoitheadh sóisialta iontu, amhail siopaí agus an córas iompar poiblí, níl faic luaite go fóill i nGaeilge faoin chomhairle sin ar shuíomh an rialtais gov.ie.

Tá dul chun cinn déanta ag an rialtas maidir leis na leaganacha éagsúla de phóstaeir Covid-19 atá ar fáil don phobal i nGaeilge agus tá ráite ag lucht an Ghaeloideachais go bhfuil súil acu go leanfar leis an chur chuige seo maidir le póstaeir a bheidh le crochadh sna scoileanna a chur ar fáil i nGaeilge. 

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Sláinte maidir leis an iniúchadh atá á dhéanamh acu ar an ábhar Gaeilge ar a suíomh.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte cheana go raibh an roinn “tiomanta a cuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh” agus go ndéanann siad “gach iarracht ábhar i nGaeilge agus i mBéarla a chur ar fáil go comhuaineach nuair is féidir”.

“Sa gcás áirithe seo agus athruithe móra á ndéanamh ar ábhar le teacht leis an gcomhairle is déanaí faoin tsláinte phoiblí, tógann sé níos mó ama ná mar ba mhian linn an dá leagan a sholáthar,” a dúradh.

Dúradh chomh maith go gcuirtear ábhar ar fáil i nGaeilge go rialta ar na meáin shóisialta agus go mbíonn cainteoirí Gaeilge ag na preasócáidí de chuid NPHET a chraoltar beo gach lá. Maíodh go raibh leagan Gaeilge ar fáil “den ábhar ar fad (bileoga eolais, póstaeir etc) a chuirtear ar fáil don phobal”.

Fág freagra ar '‘Fanaigí laistigh de 20 ciliméadar ón mbaile’ an chomhairle ‘is déanaí’ ón Rialtas i nGaeilge faoi Covid-19'

  • Aidan

    An t-eolas is déanaí 11 Mí Iúil 2020?