Fan glan ar an mbuachaill sin nó is é deireadh Rasputin a bheas romhat

Ní bréag go bhfuil fáinne Super Bowl ag Vladimir Vladimirovich, agus é ar taispeáint sa Kremlin

Fan glan ar an mbuachaill sin nó is é deireadh Rasputin a bheas romhat

Tá fáinne Super Bowl ag Vladamir Putin!

Ceathrú uaire atá caite agam ag stánadh ar an scáileán seo, mo mhéaracha leagtha ar an méarchlár agam réidh le tosaí, ach go bhfuileadar drogallach. Anuas atá an t-ordú ag teacht. ‘Fainic. Fan glan ar an mbuachaill sin nó is é deireadh Rasputin a bheas romhat.’

Tá glór eile a deir. ‘Coinnigh leis an gcamán agus leis an O’Neill’s nó is gearr gur próis a bheas ag teacht i do bhealach. Ní hé branda bheairic na nGardaí a bheas air ach an oiread nuair a thiocfas sé ach branda an iolair órga – cuireadh suí chun boird leis an Ard-Ghiúiré in Íochtar Manhattan nó cuairt a thabhairt ar an FBA i Langley.’

Ach níor chaill fear an mhisnigh ariamh é. Tá sé ráite anois agam agus ar nós na huibhe nuair a fhágann sí an bhlaosc, ar ais ní thiocfar.

Ach le bheith dáiríre píre faoin scéal, ní bréag go bhfuil a leithéid ag Vladimir Vladimirovich agus é ar taispeáint sa Kremlin.

Úinéir na New England Patriots, Robert Kraft a thug dó é. Ar chuairt chun na Rúise, a dúirt Kraft a bhí sé, nuair a scar sé leis an bhfáinne a bhí aige de bharr bua na Patriots, an bua ar na Philadelphia Eagles in Super Bowl 2005. Ag an am dúirt sé go mba é an t-ómós agus an meas a bhí aige ar mhuintir na Rúise agus ar chinnireacht Putin a d’fhág go ndearna sé a leithéid.

I dtús aimsire, fleasc ina mbíodh craobhacha agus bláthanna a d’fhaigheadh an buaiteoir ar chomórtas spóirt. Bhí sin amhlaidh ó 1000RCh go dtí tús an 20ú hAois. Go deimhin is dá bharr a thugtar ‘craobhchomórtais’ ar na cinn is tábhachtaí ag Cumann Lúthchleas Gael.

Ba ag Cluichí Oilimpeacha 1896 ba thúisce a thosaigh nós na mbonn. Ar an taobh seo den domhan lean na spórtanna machaire, chomh maith leis na cleasa lúith, don nós sin.

Is iad móreagraíochtaí spóirt na Stát Aontaithe an eisceacht. Fáinní óir ina mbíonn diamaint a bhronnann an NFL ar bhuaiteoirí an Superbowl. Déanann lucht an haca oighir (NHL) an rud céanna leo siúd a bhuann an Stanley Cup, an NBA sa gcispheil mar aon leis an World Series  sa daorchluiche (MLB). Nuair a tháinig an MLS ar an saol i 1996, lean lucht an tsacair den nós iad féin.

Sna Státaí, agus tú ag cur tuairisc faoi líon na gcraobhacha atá buaite ag imreoir, is amhlaidh a fhiafraíonn tú “Cé mhéad fáinne aige ?”

Tuairim $5,000 a chosnaíonn na fáinní. Úinéirí na bhfoirne a sheasann an costas san NHL agus san MLB. An NBA fhéin a íocann as cinn na cispheile agus bronnann an NFL 150 fáinne ar bhuaiteoirí an Super Bowl.

Tá mé cinnte go bhfuil iontas á dhéanamh go mbeadh an méid sin i gceist, ach chomh maith leis na himreoirí (52) cuimhnigh go bhfuil beagnach an méid céanna oiliúnaithe, lucht leighis agus cúltaca ag na foirne NFL.

Le bheith fírinneach is ceadaithe do chumainn bhuacacha oiread fáinní agus is mian leo a thabhairt amach ach iad a cheannacht as a bpócaí féin. Níos minice ná a chéile faigheann lucht na hoifige ceann, mar aon le hoibrithe tánaisteacha eile.

Má bhreathnaíonn tú ar an liosta díobh siúd is mó a bhfuil fáinní Super Bowl acu, feicfidh tú Bill Belichick ar barr – 8 gcinn.  Mar phríomhchóitseálaí leis na Patriots a bhuaigh sé leathdhosaen acu agus mar chomhordaitheoir leis na Giants an péire eile.

Bhuaigh Tom Brady seacht gcinn ar pháirc na himeartha agus tá 14 duine a bhfuil 6 fháinne acu. Úinéirí, feidhmeannaigh, cóitseálaithe, scabhtaí agus taighdeoirí iad ar fad cé is moite de ‘Mean’ Joe Greene a bhuaigh ceithre cinn ag imirt do na Pittsburgh Steelers agus péire mar ‘chúntóir speisialta d’úinéirí’.

Mar phointe eolais, is é Robbie Keane an t-aon Éireannach a bhfuil fáinne MLS aige – bhuaigh sé 3 cinn leis an LA Galaxy in 2011, ’12 agus ’14.

Tá sé tamall anois ó luaigh mé nach bhfuil ach triúr d’fhoireann Shasana a bhuaigh Corn Sacair an Domhain i 1966 fós i seilbh na mbonn a fuaireadar – Roger Hunt, Bobby Charlton agus clann a dhearthár siúd, Jack.

£200,000 a íocadh ar bhonn Alan Ball, an ceann ba dheireanaí a cuireadh ar ceant.

D’fhéadfaí neamhní eile a chur lena dheireadh sin ach an fáinne ceart a bheith agat sna Stáit Aontaithe. Sna 1990idí cheannaigh an t-aisteoir Charlie Sheen roinnt de chuimhneacháin spóirt Babe Ruth, fáinne an World Series 1927 ina measc.

Ná fiafraigh díom céard a d’íoc sé air, ach fuair sé $2 milliún air nuair a dhíol sé féin arís é cúpla bliain ó shin.

Maidir le fáinne ár gcara Vladimir, bhí beagán d’athrú scéil ag Robert Kraft nuair a d’fhill sé abhaile ón Rúis agus nuair a tosaíodh á cháineadh as a raibh déanta aige.

“I took out the ring and showed it to Putin, and he put it on and he goes, ‘I can kill someone with this ring’,” a dúirt Kraft in 2013. “I put my hand out and he put it in his pocket, and three KGB guys got around him and walked out.”

Mmmmmmmm !

Fág freagra ar 'Fan glan ar an mbuachaill sin nó is é deireadh Rasputin a bheas romhat'