Fáinne fí na bainistíochta romhainn agus a séasúir á mheas ag contaetha

I gcuid des na contaetha beidh scagadh agus dianscrúdú le déanamh ar an séasúr ina iomlán agus gach a raibh dearfach agus diúltach a chur faoin spotsolas

Fáinne fí na bainistíochta romhainn agus a séasúir á mheas ag contaetha

Henry Shefflin. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Bhuel tá an rás rite ag formhór na gcontaetha i gcomórtas Mhic Cárthaigh do shéasúr 2024 agus sara i bhfad beidh na contaetha sin ag díriú isteach ar chomórtais na gclubanna.

I gcuid des na contaetha beidh scagadh agus dianscrúdú le déanamh ar an séasúr ina iomlán agus gach a raibh dearfach agus diúltach a chur faoin spotsolas. Déarfainn go mbeidh cuid maith díospóireachta sa Ghaillimh faoin todhchaí agus an pháirt a bheidh (nó nach mbeidh) ag Henry Shefflin i gcúrsaí iomána sa chontae in 2025. Tá trí bliana críochnaithe aige ach ní fhéadfá a rá go bhfuil mórán dul chun cinn déanta.

Trasna na teorann tá mórán le plé i dTiobraid Árann. Is cinnte go bhfuil dream mór imreoirí óga sa chontae agus iad páirteach i gcluichí ceannais faoi 17 agus faoi 20 na hÉireann. Thug an bainisteoir Liam Cahill le fios go feargach i ndiaidh an chluiche craoibhe dheireanaigh go raibh bliain eile aige agus go raibh sé chun fanacht leis an ngnó agus an dúshlán at théann leis. Is dócha go bhfuil súil á coimeád ag Brendan Cummins ar an bpost agus dá mbeadh an chraobh faoi 20 buaite acu tá seans go mbeadh an post faighte aige cheana féin. Nár tharla a leithéid sa chontae céanna cúpla bliain ó shin! Agus céard faoi James Woodlock? B’fhéidir go mbeadh a ainm sa hata don todhchaí i ndiaidh chluiche ceannais na mionúr anocht.

Tá bliain eile le rith ag ‘conradh’ Davy Fitzgerald i bPort Láirge agus de réir tuairiscí tá sé sásta fanacht ann. Agus chun a bheith fírinneach faoi, bhí cuid mhaith den mhí-ádh ag baint le torthaí craoibhe na nDéise. Is dócha go bhfuair Fitzgerald an méid is mó a d’fhéadfadh ón bhfoireann i mbliana. Ach ní bheinn ródhóchasach fúthu in 2025. Tá imreoirí óga ar an gcaighdeán is gá gann ar an talamh ansin más aon tslat tomhais í an fhoireann faoi 20.

I Loch Garman bheinn sásta go leor leis an chéad bliain ag Keith Rossiter i gceannas. Is mór an trua go bhfuair Rory O’Connor an dara cárta buí an Satharn seo caite. B’ollmhór an chailliúint é. Ní maith liom a bheith ródhian ar réiteoirí ach cheapas go raibh an réiteoir, Johhny Murphy an-tapa agus ródhian ar fad ag taispeáint cárta buí d’O’Connor i ndiaidh daichead soicind. Chuir sé an-bhrú air féin, agus dar ndóigh ar an imreoir, agus i mo thuairim bhí an feall bog go leor. Bheinn den tuairim go bhfuil an iomad cártaí á mbronnadh i gcás feallanna boga agus go bhfuil an dainséar ann go bhfuil coilleadh á dhéanamh ar an iomaíocht i gcoitinne. Díospóireacht do lá eile!

Go dtí seo tá contae amháin ar a laghad agus muinín agus dóchas go láidir ann agus iad ag déanamh pleananna do 2025. Sea tá borradh agus fás in Uíbh Fhailí agus an contae ar ais ar an bpríomhbhóthar.

N’fheadar cad ba cheart a rá faoi chleas 2025 na hardchathrach. Chuireadar tús an-mhall lena bhfeachtas agus tháinig feabhas mór orthu ach theip orthu ar fad i gcluiche ceannais an chúige agus theip an t-aimsiú orthu i gcoinne Chorcaí seachtain o shin. Bhí gach seans ann go mbeadh an cluiche sin buaite acu dá mbeadh an ‘radar ‘ag oibriú i gceart. Bheinn sásta go leor leis an stíl iománaíochta atá á himirt acu agus i gcoitinne bheinn dóchasach go leor fúthu don chéad séasúr eile.

Beidh sé thar a bheith deacair dos na contaetha eile i gcomórtas Mhic Cárthaigh aon dul chun cinn a dhéanamh cé go gcaithfidh go bhfuil Aontroim sásta go mbeidh siad leis na boic mhóra arís in 2025.

Tá ceithre chontae fágtha fós ina seasamh agus dóchas i ngach aon cheann díobh go mbeidh an bhrionglóid fós beo faoi cheann seachtaine. Agus dar ndóigh tá ceann acu, Luimneach, ar thairseach a n-ainm a chur i dTáin éachtaí na hiománaíochta. Tuilleadh faoi sin an tseachtain seo chugainn.

Tá cluiche idirchontae mór amháin againn anocht agus craobh mhionúir na hÉireann ar siúl i bPáirc Uí Nualláin (caitheadh suas bonn leis an ionad a roghnú) idir an fhoireann baile agus Tiobraid Árann. Beidh an cluiche ar TG4.

Focal Scoir: Tá an sárchraoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh imithe ar shlí na fírinne. Bhí aithne mhaith agam air. Bhí sé ina fhear croíúil uasal Gaelach. Bhí an t-uafás ar na meáin ó fógraíodh a bhás ar an Máirt agus gan focal diúltach le rá ag éinne. Bhí sé chomh compordach riamh i measc daoine agus bíodh sé i gcónaí i measc daoine. Chaitheas roinnt mhaith ama leis roimh chluichí agus ina ndiaidh. Chaitheas seal leis i Singapore ar thuras All Stars agus i mBostún le hiománaithe Chorcaí. Ba phribhléid é a bheith ina chomhluadar.

Leaba i measc na naomh go raibh aige.

Fág freagra ar 'Fáinne fí na bainistíochta romhainn agus a séasúir á mheas ag contaetha'