Fainic na Muimhnigh agus iad faoi bhrú

Beifear ag súil go lasfar splanc na hiomaíochta sna cluichí idir na cúigí an deireadh seachtaine seo

Fainic na Muimhnigh agus iad faoi bhrú

Fiú muna raibh cluichí idirchúige an deireadh seachtaine seo caite thar mholadh beirte le linn an chuid is mó den imirt, is cinnte go raibh deireadh drámatúil leo.

Ba mhór an trua gur thóg sé chomh fada sin ar na ceithre fhoireann splanc na hiomaíochta a lasadh. Níorbh aon easpa tacaíochta don dá fhoireann baile, Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht  ba chúis leis sin. Iontas go deimhin a bhí ann gurbh iad na cuairteoirí, Cúige Laighean agus Cúige Uladh, a thug an lá leo cé gur beag a scar na foirne ag deireadh an dá chluiche, in ainneoin an aiséirí a chonaic muid ó na Muimhnigh agus ó na Connachtaigh sa deich nóiméad deireanacha den dá chluiche.

An deireadh seachtaine seo, tá turas fada go Béal Feirste roimh na Muimhnigh, foireann atá ar bharr ‘an tábla idirchúige’ le deich bpointe, pointe amháin níos mó ná Cúige Laighean agus iad ar a míle dícheall ag iarraidh filleadh ar an gcur chuige a chinntigh bua sa gcéad chúig chluiche de chomórtas URC na bliana seo dóibh. Ní hamháin sin ach is cinnte go léimfidh Cúige Laighean chun cinn ar Chúige Mumhan ar má theipeann ar na cuairteoirí anocht. Spreagadh ann féin é sin do na Muimhnigh, shílfeá.

Mar sin féin bheadh díchéille ar an té a chuirfeadh na hUltaigh as an áireamh d’aon chluiche sa gcomórtas seo ,go háirithe agus buntáiste an bhaile acu. Cuimhnigh gur thug siad a ndóthain le déanamh do Chúige Laighean (24-20) agus iad ag imirt in aghaidh churaidh an chomórtais i Stáid Aviva i mBabhta 7. Ní raibh mórán laigeachtaí ag baint le himirt na nUltach ar an mBóthar Beag i mBabhta 8 ach oiread.

Is cinnte gurb é an cluiche seo rogha an dá chluiche idirchúige. Is cinnte freisin gur le Cúige Uladh atá aon bhuntáiste atá ar fáil roimh thús an chluiche. Ach fainic na Muimhnigh agus iad faoi bhrú mar atá siad faoi láthair agus Cúige Laighean ag drannadh leo, ní hamháin ar an tábla idirchúige ach ar thábla an URC chomh maith.

Seans gur roimh Chúige Chonnacht agus iad ag imirt amárach i Staid Aviva i gcoinne Chúige Laighean atá an dúshlán is mó an deireadh seachtaine seo. In ainneoin cúpla tréaniarracht agus cúpla aiséirí agus iad beagnach scriosta i gcúpla cluiche,  tá Cúige Chonnacht sáinnithe i lár tábla. Ní hamháin sin ach tá caint fós faoin iarracht náireach sin i gcoinne na nDragons i mBabhta 7 (48-28). Cé go bhfuil Leo Cullen ag tabhairt scíth do chúpla imreoir roimh fhilleadh na gcluichí móra Eorpacha faoi cheann seachtaine, ní cosúil go mbeidh tada eile againn seachas bua eile do na curaidh.

Mar sin féin ní dhéanfaidh cúpla pointe bónais cailliúna nó fiú ceann ceithre úd dochar ar bith do Chúige Chonnacht. Cuimhnigh nach bhfuil siad ach dhá phointe níos ísle ná an fhoireann atá sa seachtú háit ar an tábla faoi láthair agus tá cluiche le spáráil acu ar go leor foirne eile. Níl foireann na Gaillimhe as an rása seo fós.

 

Fág freagra ar 'Fainic na Muimhnigh agus iad faoi bhrú'