Beidh an fhéile dhátheangach ‘Tonnta’ ar siúl i nGaillimh deireadh seachtaine na Féile Bríde don dara bliain as a chéile. Déanann an fhéile nua seo ceiliúradh ar chathair na Gaillimhe mar chathair dhátheangach agus imeachtaí dátheangacha ar fad atá ar chlár na féile a bheidh ar bun ón 30 Eanáir go dtí an 2 Feabhra.
Togra de chuid Gaillimh le Gaeilge é ‘Tonnta’ agus iad ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta, Éire Ildánach agus Plean Teanga Chathair na Gaillimhe.
Tháinig an smaoineamh don fhéile chun cinn mar thoradh ar an obair a rinneadh chun Plean Teanga na Gaillimhe a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm, a deir Bríd Ní Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Gaillimh le Gaeilge.
“Is iad Gaillimh le Gaeilge an cheanneagraíocht leis an bplean seo a chur i bhfeidhm i gcomhpháirt leis an gComhairle Cathrach agus páirtithe leasmhara eile.
“Nuair a bhí an fhoireann in Ollscoil na Gaillimhe ag obair ar an bplean teanga, an Dr John Walsh agus an Dr Dorothy Ní Uigín agus an fhoireann a bhí acu, na rudaí is mó a tháinig chun cinn sna comhráite a bhí acu leis an bpobal ná go raibh daoine ag iarraidh níos mó deiseanna sóisialta nach raibh róchostasach chun nasc a dhéanamh leis an nGaeilge arís.”
Thuig an fhoireann nach aon dream amháin a bhí sna daoine le Gaeilge sa gcathair agus go raibh go leor éagsúlachtaí taobh istigh den phobal sin.
“Tá na daoine a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu nó atá líofa anseo, na foghlaimeoirí agus na daoine ansin a bhfuil dea-thoil acu don Ghaeilge ach go mb’fhéidir nach bhfuil mórán Gaeilge acu féin. Bhí muid ag iarraidh freastal a dhéanamh orthu sin uilig ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.”
Labhair Gaillimh le Gaeilge le daoine sna grúpaí éagsúla sin chun smaointe a fháil ar na bealaí a bhféadfaidís cur leis an obair a bhí á déanamh ag an eagraíocht. Ceann de na ceisteanna a bhí acu féin ná, ‘céard go díreach a bhí i gceist acu leis an dátheangachas?’.
“Bhí muid ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil air sin agus ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge i mbéal an phobail. Ceann de na moltaí a tháinig chun cinn ná go gcuirfí féile ar bun.
“Ar ndóigh, nuair a thosaíonn tú ag caint ar fhéile bíonn maoiniú ag teastáil lena cur ar bun, chuir muid isteach ar chiste an Chrannchur Náisiúnta agus d’éirigh linn €10,000 a fháil ón gciste sin agus shocraigh muid é a chur i dtreo na féile.”
Trí mhí a bhí acu chun an fhéile a chur ar bun den chéad uair ag tús na bliana seo caite. Shocraigh siad ar dheireadh seachtaine Lá Fhéile Bríde don fhéile Tonnta mar gur am den bhliain a bhí ann i gcathair na Gaillimhe nach raibh aon fhéile ná mórimeacht eile ar bun. Ní raibh mórán ama acu, ach deir Bríd Ní Chonghóile gur chabhraigh sé sin leo ar bhealaí go leor.
“Bhí sé teann, ach uaireanta nuair atá spriocdháta teann agat cuireann sé fuadar níos mó fút agus tugann sé spreagadh níos mó duit. Fuair muid tacaíocht ó go leor dreamanna chun é sin a bhaint amach anuraidh, leithéidí Fíbín sa Taibhdhearc, agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe is Comhlacht Cultúir na Gaillimhe, Fáilte Ireland agus a leithéidí. Is d’éirigh thar cionn leis.”
Faigheann an fhéile tacaíocht freisin ó Cúla4, Comhar Creidmheasa an Chladaigh, RTÉ – Ag Tacú leis na hEalaíona, agus TG4.
“Murach go bhfuil na grúpaí ar fad ag teacht le chéile chun an fhéile ar chur ar bun, ní bheimis in ann é a dhéanamh arís i mbliana,” a deir Bríd Ní Chonghóile.
Tá clár mór leagtha amach d’fhéile na bliana seo ag tosú ar an Déardaoin, an 30 Eanáir agus ag dul ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh, an 2 Feabhra.
Beidh ceolchoirmeacha le ceoltóirí éagsúla ar siúl, ina measc beidh Pádraig Jack in Amharclann na Cathrach, agus An Chéad Ghlúin Eile i dteannta Ríoghnach Connolly sa Taibhdhearc Dé Sathairn, an 1 Feabhra, le Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh. Cuirfear Céilí Mór ar bun ar an bhFaiche Mhór i lár na cathrach i rith an lae agus beidh drámaí, ceardlanna, taispeántais agus turas bia i measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar bun ar fud chathair na Gaillimhe i rith na féile.
Imeachtaí dátheangacha ar fad atá i gceist leis an bhféile seo agus cuirfear fáilte roimh dhaoine beag beann ar a leibhéal líofachta sa teanga.
Tá clár na féile anseo.
Fág freagra ar 'Fáilte roimh gach uile duine ar spéis leo an Ghaeilge agus Féile Tonnta ar ais i nGaillimh'