Fáilte go Aberwla, baile na réaltachta fíorúla atá ag cabhrú le foghlaim na Breatnaise

Tá baile samhailteach cruthaithe d’fhoghlaimeoirí óga Breatnaise atá i mbun cúrsa tumoideachais in Gwynedd

Fáilte go Aberwla, baile na réaltachta fíorúla atá ag cabhrú le foghlaim na Breatnaise

Tá baile réaltachta fíorúla ina labhraítear Breatnais amháin bunaithe chun cabhrú le páistí an teanga a fhoghlaim.

Aberwla is ainm don bhaile VR agus táthar ag súil go gcabhróidh sé chomh maith leis an Rialtas a sprioc ó thaobh na teanga a bhaint amach, is é sin go mbeadh milliún cainteoir Breatnais faoin mbliain 2050.

Animated Technologies a chruthaigh an baile d’fhoghlaimeoirí óga Breatnaise atá i mbun cúrsa tumoideachais in Gwynedd. Tá an baile VR dírithe ar pháistí a thagann chun cónaí sa chontae ó áiteanna eile agus gan an Bhreatnais ar a dtoil acu.

Tugtar deis do pháistí a thugann cuairt ar Aberwia a slí a dhéanamh timpeall an bhaile VR trí cheisteanna a fhreagairt. Bíonn deis acu a scileanna teanga a chleachtadh le páistí eile atá ar cuairt ar an mbaile samhailteach.

An aidhm atá leis an áis nua oideachais seo, nach bhfuil ach leagan píolótach di ar fáil go fóill, ná cabhrú le páistí atá nua sa cheantar an Bhreatnais a shealbhú sula dtéann siad isteach sa ghnáthchóras oideachais.

Dúirt Anna Burke, duine de bhunaitheoirí Animated Technologies, go raibh sí ag súil go mbainfeadh páistí atá ag freastal ar chúrsa tumoideachais deich seachtaine Gwynedd taitneamh as a bheith ag foghlaim i mbaile samhailteach Aberwla.

“Tá a fhios againn gur bealach éifeachtach foghlama é an VR agus léiríonn staidéir áirithe go gcuimhnítear ar 75% níos mó eolais le teicneolaíocht mar seo seachas mar a dhéantar sa ghnáthsheomra ranga. Tá daoine an-tógtha cheana féin leis, is breá le daltaí seal a chaitheamh in Aberwla na réaltachta fíorúla.”

Dúirt sí gurb í an chéad chéim eile ná cur le domhan Aberwla le cabhrú le páistí cur lena stór focal agus lena muinín as a gcumas sa Bhreatnais.

Dúirt an Comhairleoir as Gwynedd atá freagrach as cúrsaí oideachais, Beca Brown, go raibh sé tábhachtach deis a thabhairt do dhaoine óga atá nua sa cheantar an Bhreatnais a fhoghlaim ionas go bhféadfaidís lántairbhe a bhaint as an saol lena gcairde nua ina bpobal nua.

“Déanfaidh an togra nua seo an méid sin agus chomh maith leis sin, cabhróidh sé le sprioc Rialtas na Breataine go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise ann faoi 2050.”

Fág freagra ar 'Fáilte go Aberwla, baile na réaltachta fíorúla atá ag cabhrú le foghlaim na Breatnaise'