Tá an briseadh síos ar an maoiniú don Ghaeilge i mBuiséad 2026 deimhnithe agus idir mholadh agus cháineadh faighte ag an Rialtas.
€25 milliún breise, ardú 23%, a cuireadh ar leataobh do Roinn na Gaeltachta don bhliain seo chugainn agus dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary inniu gur “toradh an-dearfach” a bhí ann agus gurb é an méadú is mó don teanga le blianta fada.
Airgead caipitil atá i €13 milliún den airgead breise. Baineann €7.5 milliún de sin le forbairt Ionad Gaeilge agus Cultúir ar Shráid Fhearchair, agus baineann €5.3 milliún le forbairt Áis Oideachais agus Óige nua in Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Beidh €10 milliún breise d’fhorbairt ché Inis Oírr i mbuiséad na n-oileán an bhliain seo chugainn, forbairt ar thug Aire na Gaeltachta Dara Calleary “an togra is mó i stair na Roinne” uirthi inniu.
Fógraíodh chomh maith inné €5.4 milliún breise i soláthar na Roinne Cumarsáide do TG4.
€11.8 milliún breise a bheidh i mbuiséad reatha Roinn na Gaeltachta an bhliain seo chugainn – €2.5 milliún d’Údarás na Gaeltachta, €2 milliún don Fhoras Teanga, €3 milliún don phleanáil teanga, €2 milliún do scéimeanna tacaíochta don Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus €1.5 milliún do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta.
Dúirt an tAire Calleary go gcaithfí cuid den airgead reatha ar sheirbhísí óige don Ghaeltacht, ar scéim na bhfoghlaimeoirí teanga (na coláistí samhraidh) ar fhorbairt na hearnála luathoideachais Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus ar chur chun cinn na Gaeilge i measc lucht gnó sa Ghaeltacht.
“Fuair mé méadú an-suntasach do chlár na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán,” a dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary agus sonraí faoin mbuiséad á thabhairt aige ag preasócáid i mBaile Átha Cliath ar maidin.
“Tá pleananna fíor-uaillmhianacha againn chun tacú le pobal na Gaeltachta agus leis an nGaeilge araon. Leis an maoiniú seo, cinnteofar gur féidir linn dul chun cinn suntasach a dhéanamh leis na pleananna sin a chur i bhfeidhm in 2026.
“Sílim gur léir do chách an dearfacht atá mórthimpeall na teanga anois agus bainfidh muid lántairbhe as seo trí infheistíocht i réimsí maoinithe reatha agus caipitil araon.”
Chuir Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge fáilte roimh Bhuiséad 2026 agus an scéala go mbeidh níos mó airgid ar fáil don Fhoras ach tá imní léirithe ag an gConradh faoin socrú maoinithe thuaidh/theas.
Chuir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, fáilte roimh Bhuiséad 2026 agus an €2 milliún a bheidh ar fáil don Fhoras Teanga an bhliain seo chugainn, agus dúirt go léiríonn fógra an lae inné go bhfuil tábhacht ag baint le hAire sinsearach a bheith ag plé le cás na teanga.
“Léiríonn an méadú suntasach ar mhaoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sna meastacháin cháinaisnéise tiomantas an Aire Calleary, agus an tábhacht a bhaineann le hAire sinsearach a bheith ag plé leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ag Bord an Rialtais,” a dúirt sé.
Dúradh i ráiteas a d’eisigh an Foras go gcabhróidh an €2 milliún a chuirfidh Roinn na Gaeltachta ar fáil dóibh in 2026 “le haghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí maoinithe stairiúla” atá ag an eagraíocht ag dul siar chomh fada le 2008.
Dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh an deis ann “aghaidh a thabhairt ar athnuachan ar roinnt scéimeanna maoinithe” a bhí “reoite” le blianta beaga anuas.
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte dhoicheallach roimh an mBuiséad, ó tharla nach raibh san airgead a fógraíodh inné ach “51% den mhéid a lorg pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”. Dúirt siad gur “pointe tosaigh suntasach agus dearfach” a bhí sa soláthar Gaeilge Bhuiséad ach go bhfuil “easnaimh mhóra” fós ann.
“Ní leor an €2 milliún atá luaite d’Fhoras na Gaeilge chun na fadhbanna maoinithe ag eagraíochtaí Gaeilge fud fad na tíre atá maoinithe tríd an bhForas a réiteach. Chomh maith leis sin, mura réitítear an struchtúr maoinithe thuaidh/theas, ní féidir an t-airgead seo a úsáid trí Fhoras na Gaeilge féin, rud a fhágann go mbeidh Foras na Gaeilge i mbaol ciorruithe a dhéanamh ar eagraíochtaí teanga arís,” a dúirt an Conradh.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go léiríonn an méadú ar an mbuiséad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht “an tábhacht a bhaineann le hAire sinsearach” a bheith ann le “héilimh an phobail a chur san áireamh in obair an Rialtais”.
Mhol Julian de Spáinn an tAire Calleary as “éisteacht leis an bpobal” agus as méadú a bhaint amach don mhaoiniú Gaeilge agus Gaeltachta.
“Cé go gcuirimid fáilte roimh aon airgead breise a théann i dtreo na Gaeilge agus na Gaeltachta, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimid aghaidh ar chuid de na bearnaí móra atá ann fós, go háirithe an easpa maoinithe d’Fhoras na Gaeilge.
“Ní réiteoidh an dá mhilliún bhreise seo fadhbanna lárnacha, agus ar an drochuair, beimid ar ais san áit chéanna arís an bhliain seo chugainn mura ndéanfar beart.
“Anuas air seo, táimid ag éileamh go n-úsáidfear cuid den mhaoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta chun roinn tithíochta a bhunú san Údarás, agus táimid ag éileamh go mbeidh pleanáil teanga i measc an aosa óig i measc na mbarrthosaíochtaí leis an airgead atá luaite don phleanáil teanga,” a dúirt sé.
Dúirt an brúghrúpa tithíochta Bánú go raibh “díomá mhór” orthu nach raibh aon mhaoiniú sa bhuiséad le “ról gníomhach” a thabhairt do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí taithíodh.
“Níl sé sásúil, beag ná mór gur fógraíodh ardú suntasach i gcaiteachas an rialtais an chéad bhliain eile ar an
nGaeltacht agus ar an nGaeilge, ach go ndearnadh neamhaird ar an ngéarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta, atá ag cur todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail i mbaol.”
“Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an tAire Gaeltachta, Dara Calleary, dáiríre faoi ról a bheith ag Údarás na
Gaeltachta maidir le tithíocht a chur ar fáil sa nGaeltacht do chainteoirí Gaeilge.”
Dúirt Sinn Féin go raibh “easpa airgid” agus “easpa físe” don Ghaeilge i mBuiséad 2026.
“Faraor, in ainneoin gur fógraíodh ardú i mbuiséad na Gaeilge, tá roinnt cur i gcéill ar siúl ag airí Fhianna Fáil agus Fhine Gael,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.
“Pinginí rua a bhéas á chaitheamh i dtreo leithéidí Údarás na Gaeltachta agus gan ach €2.5 milliún dóibh agus €2 milliún don Fhoras, sop in áit na scuaibe tar éis na mblianta d’easpa maoiniú.
“Is léir nach bhfuil an Rialtas tar éis éisteacht leis an 25,000 duine a ghlac páirt san agóid Cearta ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le déanaí ag lorg maoiniú cóir don earnáil.”
Dúirt Ó Snodaigh gur trua nach raibh tagairt ar bith don ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ná don ghaeloideachas sa bhuiséad.
Chuir Ard-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín fáilte roimh an mBuiséad agus “an tacaíocht fhlaithiúil” do TG4 ann. Dúirt sí go raibh sí “buíoch go háirithe don aitheantas atá tugtha do sheirbhísí nuachta níos leithne a chur ar fáil”.
Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh ardú buiséid don Ghaeilge ‘ach bearnaí’ fós ann'