Tá glactha ag oibrithe RTÉ Raidió na Gaeltachta le socrú nua a chuirfidh deireadh leis an neamhréir idir scálaí pá RnaG agus RTÉ.
D’fhógair Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí (NUJ) go raibh baill an cheardchumainn i RnaG tar éis vótáil chun glacadh le comhaontú nua ó RTÉ.
Tá an socrú nua mar thoradh ar idirbheartaíocht ag binse caidrimh thionsclaíoch idir RTÉ agus oifigigh ón NUJ.
Tá ceist an phá ina cnámh spairne ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta le blianta fada agus daoine in RTÉ a bhíodh ag obair trí Bhéarla ag fáil pá níos mó ná a gcomhghleacaithe a bhíodh ag obair trí Ghaeilge le Raidió na Gaeltachta.
Chuir RTÉ socrú nua faoi bhráid RnaG in 2024 ach lean an idirbheartaíocht ar aghaidh agus ceist ann faoin tionchar a bheadh ag an socrú nua ar dhaoine a bhí ag obair i Raidió na Gaeltachta le fada agus atá ar tí dul ar scor. Deir an NUJ go ndéanfar na cásanna sin a mheas astu féin.
Gheobhaidh foireann uile Raidió na Gaeltachta dhá íochaíocht bhreise mí an Mheithimh i mbliana mar chuid den socrú.
Agus é ag cur fáilte roimh an gcomhaontú, dúirt rúnaí an NUJ in Éirinn, Séamus Dooley, nach raibh údar riamh leis an gcinneadh iriseoirí i Raidió na Gaeltachta a íoc ag leibhéal difriúil díreach mar gheall go mbíodh siad ag obair trí Ghaeilge. Dúirt sé go raibh baill an cheardchumainn i Raidió na Gaeltachta ag obair le fada chun an scéal a réiteach.
Nuair a ceapadh Kevin Bakhurst ina ardstiúrthóir ar RTÉ in 2024, dúirt sé go raibh sé ag iarraidh réiteach a fháil ar an neamhréir pá agus is ina dhiaidh sin a mhol RTÉ socrú nua.
Dúirt Séamus Dooley gur cuireadh fáilte roimh idirghabháil Bakhurst ach go raibh comhairliúchán breise faoin socrú molta ag teastáil, go háirithe maidir le cén chaoi a bhféadfaí cothrom na Féinne a chinntiú dóibh siúd a bhí fágtha faoi mhíbhuntáiste le fada.
“Chuaigh an NUJ i mbun idirbheartaíochta agus lorgaíodh cabhair an bhinse caidrimh thionsclaíoch,” a dúirt Dooley.
“Mar thoradh ar mholadh an bhinse, gheobhaidh an fhoireann uile incrimint nua, sa mbreis ar an méid a aontaíodh cheana féin san idirbheartaíocht. Is toradh dearfach é seo agus is mór an teist é ar dhiongbháilteacht na n-oifigeach sa gcraobh i Raidió na Gaeltachta agus na foirne idirbheartaíochta.
“Tugann sé sásamh ar leith dom go bhfuil sé aitheanta ag an mbinse gur chóir cásanna iad siúd atá ag obair le fada agus atá ar tí dul ar scor a mheas astu féin.”
Dúirt Dooley go raibh sé tuillte ag an “mbuíon bheag seo” barr an scála nua a bhaint amach toisc chomh fada atá siad ag obair le Raidió na Gaeltachta agus as an tseirbhís atá tugtha acu.
Dúirt sé go raibh Raidió na Gaeltachta “ar cheann de sheoda RTÉ”.
Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag an NUJ roimh socrú nua a chuirfidh deireadh le neamhréir pá oibrithe RnaG'