‘Everyone in this room is now dumber for having listened to it’ – díospóireacht na dTóraithe

Ba léir gurb é an sprioc a bhí ag Boris Johnson ná gan stumpa amadáin a dhéanamh de féin agus is dócha gur éirigh leis é sin a dhéanamh

‘Everyone in this room is now dumber for having listened to it’ – díospóireacht na dTóraithe

“What you’ve just said is one of the most insanely idiotic things I have ever heard. At no point in your rambling incoherent response were you even close to anything that could be considered a rational thought. Everyone in this room is now dumber for having listened to it.”

Billy Madison, 1995

Is ait agus is cuí gur i scannán de chuid Adam Sandler, saoiste na truflaise, a gheofaí an cur síos is fearr ar an raiméis a bhí le cloisint aréir i ndíospóireacht na n-iarrthóirí do phost an cheannaire ar Pháirtí na gCoimeádach, agus, dá réir sin, post Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe (BBC1).

Go deimhin d’fhéadfaí an ráiteas céanna a úsáid le cur síos a dhéanamh ar go leor den mhéid a bhí le clos sa ghaoth anoir ó cuireadh tús le seó bóthair an Bhreatimeachta.

Taibhsíodh dom riamh nach mbíonn díospóireachtaí do phost ceannaire páirtí thar mholadh beirte; iad rócháiréiseach, róchúirtéiseach.  Ní féidir dul ag cogaíocht le comhghleacaí nuair a bheidh ort dul ag comhghuaillíocht leis lá arna mhárach. Cogadh na mba maol a bhí ann arís aréir mar sin, ach bhí sé níos patuaire fós óir go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil rith an ráis le Boris Johnson agus go bhfuil an dream eile ag faire ar a jabanna.

Bíodh sin mar atá chuir an láithreoir Emily Maitlis in iúl dúinn ag tús an chláir go mbeifí ag ceistiú an chúigear fear a bhí fós sa roinnt. Cuireadh Dominic Raab bocht de dhroim seoil dhá uair an chloig roimhe sin agus gan fágtha anois ach Boris Johnson, Jeremy Hunt, Michael Gove, Sajid Javid agus Rory Stewart. Cuireadh roinnt na suíochán ar chrannaibh agus avae linn.

Ba í an chéad díospóireacht teilifíse cheart í óir go raibh Boris béalscaoilteach ar a theitheadh ón gcomhrac béil ar eagla go ndéanfadh sé pleota de féin, rud is dual dó a dhéanamh go minic. Cé gur mheasas nach raibh Maitlis os cionn a buille mheabhraigh sí cuid de bhriathra buile Boris dúinn: an uair úd gur chuir sé an teorainn ó thuaidh i gcomparáid leis an teorainn idir Islington agus Westminster; agus an uair eile sin gur mhaígh sé go bhfuil cuma an robálaí nó an bhosca poist ar mhná Moslamacha a chaitheann caille.

Bhíos amhrasach faoin tseift baill den phobail ar fud na Ríochta Aontaithe a bheith beo ar scáileán ag raideadh ceisteanna chuig na hiarrthóirí. Is dóigh liom gur chuir sé Maitlis dá buille agus chuir caint mhilis, comhbhá bhréagach agus dearcadh uasal le híseal na n-iarrthóirí pip orm. Thosnaíomar amach in Norwich le ceist ar an mBreatimeacht agus as sin go Southampton agus Béal Feirste mar a raibh dhá cheist eile againn faoin ábhar céanna. Ní nach ionadh bhain an ceann deireanach acu sin leis an teorainn agus ba ansin is mó a thosaigh comparáidí le carachtair Adam Sandler ag ráthaíocht im intinn.

Ba léir gurb é an sprioc a bhí ag Boris ná gan stumpa amadáin a dhéanamh de féin agus is dócha gur éirigh leis é sin a dhéanamh. Ba é Rory Stewart is mó a dhein a iomaire féin a threabhadh ach dar liom gurb é Jeremy Hunt is fearr a chruthaigh. Is cuma mar tá a chip is a mheanaí á mbailiú i gceann a chéile ag Johnson is é ag triall ar uimhir a 10.

An-seans gur mó de cheart a bhainimis de Adam Sandler, nó duine dá charachtair bhuile.

Fág freagra ar '‘Everyone in this room is now dumber for having listened to it’ – díospóireacht na dTóraithe'