Enda Kenny ag dul ar mhalairt treo agus clár Gaeilge á chur i láthair aige

Sean-iarnróid na hÉireann is ábhar do chlár nua de chuid RTÉ atá á chur i láthair ag an iarThaoiseach

Enda Kenny ag dul ar mhalairt treo agus clár Gaeilge á chur i láthair aige

An t-aon uair riamh ar chas Enda Kenny orm bhíomar beirt ag tosú amach ar ghairmchonair nua – mise iarrachtín glas fós i gcúrsaí teilifíse, Enda dulta le polaitíocht Dála. D’iompaigh Enda amach ina Thaoiseach agus táim fós ar an tsluasaid i gcúlgharraí fánach na teilifíse. Bain do chiall féin as sin.

Ach anois tá Enda ag dul sa bhfiontar i gcúrsaí teilifíse. B’in nuacht domsa nuair a chuir Sonas Productions i mBéal Feirste an méid sin ar mo shúilibh dom. Thairis sin, ba mhaith leo go gcuirfinn mo luach leathphingine isteach sa script.

‘Cén t-ábhar?’ arsa mise.

‘Sean-iarnróid na hÉireann,’ ar siad.

Bhrúdar isteach orm ina sruth, na cuimhní. Mé i mo bhabaí i mbaclainn Mrs. Heff ón tSráid Ard i gCorcaigh agus í dom ardú chun na spéire ar Dhroichead Thobar an Chaipín gach lá le go bhfeicfinn seó Ifreanda thraein Iarthar Chorcaí. Chuir an scamall deataigh is gaile idir sceitimíní agus sceon orm agus a bealach á dhéanamh go toirniúil ag an 10.20 ar an mbóthar iarainn, an West Cork, a rith sa chlais ar chúl an tí sin againne ar Bhóthar Thobar an Chaipín i ndeisceart Chathair Chorcaí.

An mheisce chéanna tráth na Nollag gach bliain agus mo lámh bhog thais i lámh Bridie nó Pat ag fuinneog shiopa Kilgrews thíos fán mbaile – na súile ar leathadh arís ag ‘Flying Scotsman’ Hornby-Doublo agus í ag dul timpeall is timpeall ar thraic leictreach. Thuigeas i mo chroí istigh gur seit traenach a bhí ann nach dtiocfainn go deo air maidin Lá Nollag ag bun na leapan ag 1a Bóthar Thobar an Chaipín.

Ach fillim ar an nglaoch teileafóin ó Sonas Productions i mBéal Feirste. ‘Bóithre iarainn dhearmadta na hÉireann’ a bheadh faoi chaibidil, a chuala.

Leagfaí le cleite mé. ‘Aililiú’, a dúirt, agus más ar buile a bhí an poc áirithe seo ba le teann áthais é. Ghlacas leis an gcuireadh agus chuireas peann le pár.

Mura raibh an West Cork san áireamh an babhta seo, bhí an West Clare, seans an bealach iarnróid is cáiliúla díobh ar fad. Tharraing sin aoir Percy French, Are You Right There Michael, Are You Right?, atá ina rosc geanúil aitheantais ag an líne ó shin.

Cuireann Enda conairí cáiliúla eile de ar a rothar freisin, thuaidh is theas: Port Rois go Clochán an Aifir, Port Láirge go Dún Garbhán, Cathair na Mart go hOileán Acla, Dún Dealgan go hIúr Chinn Trá, agus Doire Cholmcille go hAilt a’ Chorráin – ‘An Swilly’, mar a bhaisteann Conallaigh uirthi le gean, fiú go dtí an lá atá inniu ann.

Deineann Iarnród Enda ceiliúradh ar dhaoine, ar thírdhreach, is ar scéal agus seanchas fholínte beaga iarnróid na tíre. Turas cuardaigh atá ann. Creideann Enda go bhfuil eochair na turasóireachta atá glas, sláintiúil agus inbhuanaithe le haimsiú ar chonair sheaniarnróid dhearmadta na hÉireann.

Sraith sé chlár atá déanta do RTÉ ag Sonas Productions í Iarnród Enda a fuair maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann. Méabh O’Hare agus Karol Lynch a chum is a cheap, agus craolfar an chéad eagrán anocht ar RTÉ 1 ag 8.30pm.

– ‘Iarnród Enda’, RTÉ 1, anocht, Luan Cásca, 8.30pm

Fág freagra ar 'Enda Kenny ag dul ar mhalairt treo agus clár Gaeilge á chur i láthair aige'