Tamall ó shin chaith mé cúpla seisiún taitneamhach ag caint le daoine óga a raibh sé curtha rompu acu bóthar na hiriseoireachta a thaisteal, ach an deis sin a fháil. Cuireann sé ríméad orm tús a bheith curtha ag cuid acu leis an aistear cheana féin.
Cheistigh duine acu mé faoin athrú ba mhó a bhí feicthe agam le himeacht na mblianta ar chraoltóireacht sa spóirt – m’fhearacht féin leis an réimse sin a bhain a shuim féin sa gceird.
Ábhar a bhí ann a bhféadfadh muid an chuid eile den tráthnóna a bhaint as agus níl mé cinnte cé chomh sásta agus a bhí sé faoin bhfreagra a fuair sé nuair a dúirt mé go raibh stáisiún raidió agus stáisiún teilifíse ina phóca ag chuile dhuine sa lá atá inniu ann.
Ní hamháin go bhfuil an té atá ina sheasamh ar Chnocáinín Aerach Chill Mhuire nó i Sraith ZZ d’Ardán Uí Ógáin ag féachaint síos ar na himreoirí, in ann imeachtaí an lae a chraobhscaoileadh as a bhéal, ach más go bacach féin é, tá sé/sí in ann freisin léiriú de chineál éicint a thabhairt air sin freisin le ceamara a theileafóin phóca.
Dá mba sa lá atá inniu ann a chaith Maois dhá scór bliain ag fánaíocht tríd an bhfásach, ba é siúd amháin a ghabhfadh a chodladh agus é aineolach ar thoradh cluiche éicint a bhí ag déanamh imní dó. Sin nó Rip van Winkle.
Athrú ollmhór eile atá tagtha ar an iriseoireacht spóirt agus go háirithe ar an gcraoltóireacht is ea an méadú as cuimse atá tagtha ar líon na bhfoinsí a bhíonn ina mbun – craoltóirí ar chuid dá ngnó é atá i gceist agam seachas ár gcairde ar an gCnocáinín Aerach nó i Sraith ZZ.
Tá siad siúd i gcomórtas lena chéile, ceann i gcónaí ag iarraidh a bheith chun cinn ar an gceann eile agus sciob sceab á dhéanamh ar aon loinnir is féidir a chur ar a gcuid mangaireachta.
Tá saolú na ceirde ar a dtugtar ‘anailísiú’ ar chuid den loinnir sin. Ach é a bheith déanta mar is cóir, cuireann sé leis an gcraoladh. Ar aon bhealach eile, is amhlaidh a mhilleann sé cúrsaí.
Tá an cúram curtha as a riocht ag an ainm féin, mar le ceart tá an cheird roinnte ina dhá leath. Is é an comhthráchtaire a bhíonn suite le hais an té a bhfuil an cúram sin air fad agus atá an imirt ar siúl. Sula dtosaíonn sin, ag leath ama agus nuair a bhíonn an fheadóg dheireanach séidte a thagann obair an anailísí i gceist.
As meascán den dá rud, tagann lagmheasarthacht agus go minic faraor, teip iomlán.
Cé mhéad uair a leithéid seo cloiste agat ó thráchtairí: ‘Agus lena dheasóg tá an liathróid báite i gcúl na heangaí aige… sin an-scór, nach ea, a X?.”
‘Sin an-scór go cinnte agus nach deas a scóráil sé é lena chos dheas’, an freagra air sin.
Cá bhfuil an cur síos a mhíníonn cén fáth gur togha cúil a bhí ann, an scil a theastaigh faoina chomhair, an cuntas ar an ngluaiseacht a chruthaigh an deis scórála, an léamh ar chomh caol agus a bhí an bealach go dtí an sprioc, nó an néal a bhí ar na cosantóirí ina thimpeall.
Obair leisciúil nach bhfuil de bhuntáiste ag baint leis ach go dtugann sé deis don tráchtaire slog a bhaint as an mbuidéal uisce.
Tuigim nach ionann cluichí páirce agus rásaíocht capall agus nach mbíonn d’fhad iontu ach cúpla nóiméad, ach éist le tráchtaire maith sa spórt sin agus ansin le Ruby Walsh, Barry Geraghty nó Tony McCoy ag tabhairt a mbarúil faoin gcaoi a bhfuil cúrsaí agus leath na hiomaíochta déanta.
Sula labhróidh mé ar an gcaoi a dtugtar faoin anailís ar na cluichí páirce ag leath-ama agus ag lán-ama, ní mó dom a rá go bhfuilim an-amhrasach gur féidir a leithéid a dhéanamh ar bhealach a thabharfadh cothrom na Féinne ina iomláine don mhéid a bhíonn tite amach san imirt ar fad atá déanta.
Sin an chúis gur bheag de a mbreathnaíonn mé air.
Go cinnte is féidir leat deich nóiméad a chaitheamh ag féachaint ar chic éirice a tugadh agus amhras ann go mba laistigh den chearnóg a tosaíodh ar an bhfeall ba chúis leis. Is féidir an réiteoir a chrochadh as an gcrann is airde le cúnamh na ndeich gceamara a chuirfidh pictiúr ar fáil ó chuile thaobh.
Ach céard faoin dosaen eachtra eile a thit amach ar fud na páirce? Cuid acu nach bhfuil fáil orthu ar aon cheamara agus a d’fhéadfadh tionchar chomh mór céanna a bheith acu ar thoradh na himeartha agus a bheadh ag an gcic éirice?
Is mór idir mé agus Solamh, ach níl a fhios agam an réiteodh eisean féin an ceann seo.
Fág freagra ar 'Éist le Ruby Walsh ag tabhairt a bharúil faoi rás capaill agus tuigfidh céard is anailís ann'