Éiginnteacht faoi mholadh go mbeadh rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla i nGaeilge

Deir urlabhraí sláinte Fhianna Fáil go mbeadh sé sásta leasú reachtaíochta a d’fhágfadh go mbeadh rabhadh sláinte dátheangach ar dheochanna meisciúla a tharraingt siar

Éiginnteacht faoi mholadh go mbeadh rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla i nGaeilge

Ligfeadh Fianna Fáil do rabhadh sláinte a bheith i mBéarla amháin ar dheochanna meisciúla sa chás go gcuirfeadh a leithéid reachtaíocht nua i mbaol.

Tá leasú molta ag Fianna Fáil ar reachtaíocht nua a chuirfeadh iallach ar chomhlachtaí dí rabhadh sláinte a chur ar a gcuid táirgí i mBéarla agus i nGaeilge.

Ach dúirt urlabhraí sláinte an pháirtí, Stephen Donnelly go dtarraingeofaí siar an leasú sin sa chás go mbeadh baol ann “dáiríre” i dtaobh reachtú an Bhille nua.

Dúirt Stephen Donnelly gur mhol sé an leasú faoin nGaeilge ar an mBille Sláinte Phoiblí (Alcól) chun a chinntiú go dtabharfaí feidhm don bhille agus chun aitheantas a thabhairt don Ghaeilge.

Ag labhairt dó leis an Irish Times, áfach, dúirt Donnelly gur phléigh sé leis an Aire Sláinte Simon Harris nithe a d’fhéadfadh moill a chur leis an mbille agus thug sé le fios gur luadh sa phlé sin an leasú a d’fhágfadh go mbeadh rabhadh sláinte dátheangach ar dheochanna meisciúla.

“Má léirítear agus tuilleadh plé á dhéanamh faoi seo sa Dáil leis [an tAire Sláinte] gurbh amhlaidh go bhfuil baol dáiríre ann d’fheidhmiú an Bhille, tarraingeoidh mé siar an leasú,” a dúirt urlabhraí sláinte Fhianna Fáil. 

Tuairiscítear go bhfuil imní ar dhaoine áirithe atá ag tacú leis an mbille nua faoin leasú maidir leis an nGaeilge agus iad buartha go ndéarfadh an Coimisiún Eorpach gur bhac ar thrádáil a bheadh ina leithéid. 

Dá mba ghá an Coimisiún a chur ar an eolas faoin leasú, chuirfeadh sé moill eile ar an reachtaíocht. 

Dúirt Stephen Donnelly gur chreid sé go bhféadfaí cás dlí a thógáil anseo i dtaobh na reachtaíochta mura ndéanfaí í a leasú chun go mbeadh an rabhadh sláinte dátheangach. 

Ní cosúil go bhfuil aon treoir tugtha ag an Aontas Eorpach faoin gceist seo. D’fhágfadh sin gur cheist bhunreachtúil don tír seo amháin a bheadh ann cén teanga nó cé na teangacha a d’úsáidfí don rabhadh sláinte.

I gás an rabhadh sláinte ar bhosca toitíní, ghéill an rialtas do dhúshlán dlí a tugadh toisc nach raibh an rabhadh sin dátheangach. De réir rialacha na hEorpa, chaithfeadh an rabhadh sláinte ar bhoscaí tobac a bheith i ngach teanga oifigiúil de chuid na tíre ina raibh an rabhadh á thabhairt.

Bhí an riail chéanna ann i gcás eile a bhain le pacáistiú agus lipéid earraí leighis, ach in 2008 d’éirigh le rialtas na tíre seo tabhairt ar an Aontas Eorpach an treoir sin a athrú ionas nach mbeadh gá eolas faoi na hearraí sin a thabhairt ach ‘i dteanga oifigiúil amháin’. Dá bharr sin, is i mBéarla amháin a bhíonn an t-eolas ar phacáistiú agus lipéid earraí leighis sa tír seo.

I mí Iúil na bliana seo, éisteadh cás san Ard-Chúirt faoi gan ach Béarla amháin a bheith á úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar na táirgí sin sa tír seo.

Faoi réir na treorach áirithe sin, a d’eisigh an tAontas Eorpach in 2001, caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina mbíonn na táirgí á ndíol.

De réir na dréachtreachtaíochta nua chuirfí rabhadh ar aon phacáistiú nó fógraíocht a bhaineann le deochanna meisciúla. Thabharfaí le fios sa rabhadh sláinte sin go bhfuil nasc idir alcól agus ailsí marfacha. Dá dtabharfaí an reachtaíocht nua isteach, bheadh Éire ar an gcéad tír ar domhan ina mbeadh a leithéid de rabhadh sláinte i bhfeidhm inti. 

Fág freagra ar 'Éiginnteacht faoi mholadh go mbeadh rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla i nGaeilge'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní theastaíonn an rabhadh sláinte uaimse in aon teanga agus ar an gcaoi sin dá laghad teangacha ina mbíonn sé sea is fearr liom ar an mbuidéal.

    Níor mhiste do lucht na Gaeilge an fuinneamh a choinneál le clampar a thógáil faoi nithe atá tábhachtach ó thaobh cearta teanga agus éirí as a bheith ag díriú ar cásanna seafóideacha a throid, nach bhfuil mórán céille leo, cosúil le lipéadaí ar cogaisí leighis a bheith i nGaeilge, amhail is go léifeadh aon duine iad.

    Go praicticiúl ní ionann an dá theanga oifigiúla atá againn sa tír, cuma céard atá sa mbunreacht. Tuigeann agus usáideann mórán chuile dhuine ceann amháin de na teangacha sin. Tuigeann agus usáideann mionlach an bheag an ceann eile. Tá sé thar am dúinn glacadh leis an bhfíric sin.