D’imigh Edna Ní Chinnéide go ciúin uainn ar shlí na fírinne inné – ar an 11 Samhain 2018 agus comóradh á dhéanamh ar fud na hEorpa ar dheireadh an Chogaidh Mhóir. Cé ná raibh sí ar fónamh le tamall agus í trí bliana déag in éineacht lena ceithre fichid, mar sin féin do bhain a bás preab as mhórán daoine i gCorca Dhuibhne agus i gcríocha níos faide ó bhaile ná sin.
Bean ar leith ba ea i – bean láidir dhíograiseach dhílis chróga fhuinniúil agus bhí an t-ádh leo siúd ar fad a raibh sí mar chrann taca acu agus iad sin iomadúil go maith agus an scríbhneoir seo ina measc. Thar aon rud eile, máthair iontach ba ea í dá clann mhac agus iníon agus ba iad sin an chloch ba mhó ar a paidrín i gcónaí.
Ó Chontae Mhaigh Eo ab ea Edna Kileen ó dhúchas agus do cháiligh sí mar mháistreás bunscoile. Phós sí Caoimhín Ó Cinnéide, bunmhúinteoir eile ó Bhaile an Mhúraigh, láimh leis an bhFeothanaigh agus thógadar a gclann ansin. Mhair ochtar dá gclann – ceathrar mac agus ceathrar iníon.
Ar ndóigh, bhí ardcháil ar Chaoimhín Ó Cinnéide mar ghníomhaí pobail agus mar chumadóir amhrán agus meas mór air i measc na cosmhuintire.
Deir a lán dá hiardhaltaí gur mhúinteoir den scoth ba ea í a spreag a gcuid spéise i gcúrsaí ceoil agus cultúir agus bhí an-chion uirthi mar oide.
In éis do Chaoimhín bás d’fháil do ghlac sí uirthi féin a clann ar fad a threorú chun dul chun cinn sa tsaol, rud a rinne sí gan cháim.
Agus an méid sin déanta aici b’eo léi ag fónamh ar an bpobal Gaeltachta a bhí ina timpeall agus bhí sí ina crann taca do mhórán gluaiseachtaí pobail tar éis dí éirí as an múinteoireacht.
Do bhí sí mórtasach as an gceangal gaoil a bhí ag a céile, Caoimhín, le Cathánaigh an Bhlascaoid agus, in éineacht lena clann agus daoine eile, do bhí sí thar a bheith gníomhach i mbunú agus i gcur chun cinn Fhondúireacht an Bhlascaoid a tháinig ar an bhfód i 1985. Ní raibh traochadh ná tuirse uirthi agus í coitianta i mbun saothair chun go mbeadh cuimhne bhuan ar shaol agus ar shaothar na mBlascaodach.
Do dhíol sí ticéid crannchuir chun síntiús áitiúil a chur ar fáil d’Oifig na nOibreacha Poiblí chun ionad mínithe a thógaint i nDún Chaoin – Ionad an Bhlascaoid, mar a thugtar inniu air.
Bhí sí ina heagarthóir ar iris na Fondúireachta An Caomhnóir agus thug sí blianta fada ag gníomhú ar choiste Cheiliúradh an Bhlascaoid. Ba mhaith an sás í chun dul i ngleic le haon duine ar cheap sí a bheith siléigeach in aon chuma i gcur chun cinn chuspóirí na Fondúireachta agus níor lig sí a maidí le sruth riamh sna cúraimí sin.
Ar nóta pearsanta, do bhí Edna ina crann taca ag an scríbhneoir seo agus é ag iarraidh Ionad an Bhlascaoid a chur ar a chosa sna blianta tosaigh in éis don Ionad oscailt ar dtús i Lúnasa 1993.
Comhbhrón lena clann agus lena muintir ar fad.
Seán Míchaél Ó Donnchadha
Crann eile ar lár, mr an trua.