Easpa ‘macántachta’ i dtaobh na teorann ag baint le cur chuige May, a deir MP de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill

Rinne Pat McFadden, an Feisire Parlaiminte do Wolverhampton Thoir Theas a bhfuil aithne mhór air i gceantar an Fháil Charraigh i nGaeltacht Thír Chonaill, cáineadh géar inné ar chur chuige Theresa May i dtaobh an Bhreatimeachta

Easpa ‘macántachta’ i dtaobh na teorann ag baint le cur chuige May, a deir MP de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill

Bhí an Feisire Parlaiminte de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill Pat McFadden ina measc siúd is láidre a labhair i gcoinne chur chuige an Phríomh-Aire Theresa May maidir leis an mBreatimeacht in Westminster tráthnóna inné.

Dúirt McFadden, a bhfuil aithne mhór air i gceantar an Fháil Charraigh i nGaeltacht Thír Chonaill, go raibh easpa ‘macántachta’ ag baint le fógra an Phríomh-Aire inné go raibh fúithi an vóta maidir leis an margadh Breatimeachta a chur siar, go háirithe i bhfianaise cheist na hÉireann.

“Tá an Príomh-Aire tagtha go dtí an Teach chun labhairt linn faoin macántacht an lá céanna go bhfuil sí ag iarraidh vóta, a dúirt sí nach dtarraingeodh sí siar é, a tharraingt siar ar mhaithe le hathrú a dhéanamh ar mhargadh a dúirt sí nach bhféadfaí é a athrú.

“Nach bhfuil sé thar am a bheith macánta faoi na gealltanais atá tugtha ag an tír seo maidir le gan aon teorainn chrua a bheith ann, na gealltanais maidir le Comhaontú Aoine an Chéasta agus na gealltanais nach ndéanfaí dochar mór don gheilleagar? Féadfaidh sí an lá ar fad a thabhairt ag caint leis an Aontas Eorpach faoin gcúlstop, ach margadh ar bith a léiríonn meas ar na gealltanais sin, fágfaidh sé go mbeidh orainn glacadh le scata rialacha comónta de chuid na hEorpa nach mbeidh aon chumhacht againn ina dtaobh, mar sin mar atá leis an mBreatimeacht i bhfírinne.

“Nach bhfuil sé in am a bheith macánta leis na cúlbhinseoirí agus leis an bpobal faoi seo, seachas a bheith ag iarraidh ciorcail a dhéanamh de chearnóga, nó níos measa, a bheith ag ceilt na bhfíricí faoin gcinneadh bunúsach seo nó go mbeimid imithe?” arsa Pat McFadden, ball de pharlaimint Westminster do thoghcheantar Wolverhampton Thoir Theas. 

Tá aithne mhór ar an bhFeisire McFadden i gceantar an Fháil Charraigh i nGaeltacht Thír Chonaill – is mac é le beirt de mhuintir na háite, Jimmy Den Rua Mac Pháidin  agus a bhean chéile Annie, arbh as an Dún Mhór iad.  Cainteoirí dúchais Gaeilge ab ea an bheirt tuismitheoirí, nach maireann, a d’fhreastail sna 1930idí agus 1940idí ar Scoil Náisiúnta Mhín Doire, scoil bheag Gaeltachta atá dúnta anois.

Thug siad aghaidh ina dhiaidh sin ar Ghlaschú na hAlban, áit ar rugadh agus a tógadh Pat McFadden agus baill eile an teaghlaigh. 

Bhí McFadden, a bhí tamall ina Scáth-Aire na hEorpa ag Páirtí an Lucht Oibre agus atá ina bhall de choiste parlaiminte an Bhreatimeachta, go mór i gcoinne an Bhreatimeachta aimsir an reifrinn agus labhair sé go minic faoin dochar a dhéanfadh imeacht na Breataine ón Aontas thall agus abhus.

Mar fhreagra ar chaint an Fheisire McFadden inné, dúirt an Príomh-Aire Theresa May go rabhthas tiomanta do theorainn chrua in Éirinn a sheachaint agus do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Idir an dá linn, tá ráite ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker go bhfuiltear sásta rudaí a shoiléiriú don Bhreatain maidir leis an margadh Breatimeachta ach nach ndéanfar aon idirbheartaíocht eile faoin margadh ná faoin gcúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Dúirt Juncker gur údar “iontais” ab ea é nár éirigh le Theresa May an margadh Breatimeachta a chur tríd an bparlaimint agus gurbh é “an margadh is fearr a bhí ar fáil”.

cainteanna éigeandála ar bun ag Theresa May le ceannairí an AE faoi athruithe a dhéanamh ar an gcúlstop, an socrú sa mhargadh Breatimeachta chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Chuir an Príomh-Aire siar an vóta faoin margadh a bhí beartaithe do Westminster inné agus d’admhaigh sí nach n-éireodh lena bplean sa pharlaimint mar gheall ar an imní a bhí ar chuid mhór feisirí faoi cheist an chúlstop.

Fág freagra ar 'Easpa ‘macántachta’ i dtaobh na teorann ag baint le cur chuige May, a deir MP de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill'

  • Liam Mac Lochlainn

    Guth láidir ciallmhar ar son na hÉireann in Westminster. Go raibh maith agat a Phádraig