Ealaíontóir ón nGaeltacht roghnaithe do bhailiúchán náisiúnta na Breataine

Ní raibh aon aithne ar shaothar John Joe Sheehy as Baile na hEaglaise i gCorca Dhuibhne go dtí cúpla bliain ó shin

Ealaíontóir ón nGaeltacht roghnaithe do bhailiúchán náisiúnta na Breataine

Tá ealaíontóir ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, nach raibh aon aithne ar a shaothar go dtí cúpla bliain ó shin, roghnaithe mar dhuine de 25 ealaíontóir a mbeidh a saothair mar chuid de cheann de na bailiúcháin náisúnta ealaíne is mó sa Bhreatain.

Thug John Joe Sheehy as Baile na hEaglaise in iarthar Duibhneach tamall i mbun tógála agus tamall eile gan dídean agus ag díol an Big Issue i Sasana sular thug sé faoin ealaíon 20 bliain ó shin agus é 51.

Ba in 2015 a fuair Mark Perronet, úinéir gailearaí i Londain, amach mar gheall ar an Sítheach, a raibh na mílte saothar ealaíne carntha aige ina árasán beag in Upper Holloway i ngan fhios don saol mór.

18 bliain i ndiaidh dó tús a chur lena shaol mar ealaíontóir le tacaíocht ghrúpa ealaíne an Big Issue, bhí a chéad thaispeántas ag fear Bhaile na hEaglaise, a chuaigh ar imirce go dtí Sasana agus é 16 bliain d’aois.

Cuirfear a thuilleadh lena cháil anois agus cúig shaothar leis i measc 47 saothar le 25 ealaíontóir atá roghnaithe ag Comhairle Ealaíon na Ríochta Aontaithe don bhailiúchán náisiúnta is mó atá acu.

Bhronn an Sítheach, ar deartháir é leis an scríobhneoir aitheanta Domhnall Mac an tSíthigh a cailleadh anuraidh, dhá shaothar ar lucht an bhailiúcháin náisiúnta agus ceannaíodh uaidh trí cinn eile.

Taispeánadh na pictiúr seo den chéad uair i Studio Voltaire in 2017, an chéad thaispeántas in institiúid phoiblí ag an ealaíontóir ildánach a bhíonn ag plé chomh maith leis an dealbhóireacht, an drámaíocht, an fhilíocht agus an ceol.

Bíonn idir phortráidí, thírdhreacha agus saothair theibí á ndéanamh ag an gCiarraíoch a bhíonn ag tarraingt ar an saol i Londain agus in Éirinn dá phictiúir.

Tá na mílte saothar déanta ag Sheehy agus dar leis go mbaineann siad ar fad le haon scéal amháin.

Deir Comhairle Ealaíon na Ríochta Aontaithe go raibh bua “neamhshaolta” ag baint le hobair an tSíthigh nuair a mheastar a shaothar ina iomlán.

“Seachas iad a bheith maoithneach, is cuntas iad seo ar shaol an duine,’ a deir an Chomhairle.

Dúirt John Joe Sheehy féin cúpla bliain ó shin nach raibh “aon rogha aige” ach a bheith ag ealaín.

“Caithfidh mé é a dhéanamh. Riachtanas atá ann. Tugann sé tríd an an lá mé, an dtuigeas tú? Tá sé riachtanach. Muna ndéanaim é, beidh lá saghas cruaidh agam. Tá sé mar a bheifeá ag dul ar phláinéad eile.”

Fág freagra ar 'Ealaíontóir ón nGaeltacht roghnaithe do bhailiúchán náisiúnta na Breataine'

  • An Theanga Bheo

    Beir Bua a Sheáin……….. go néirí go geal leat………….. Gael i gcéin.

  • Des O Murchu

    Da mbeach se in Eireann ni thabharfai aitheantas do mar ealiontoir! Des O Murchu