Eagraíocht á lorg chun plean teanga a ullmhú do Chaisleán an Bharraigh

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil sé ‘ag súil’ go mbeidh muintir Chaisleán an Bharraigh ‘sásta páirt ghníomhach a ghlacadh chun staid na Gaeilge a threisiú’ ar an mbaile, atá aitheanta le bheith ina bhaile seirbhíse Gaeltachta

Eagraíocht á lorg chun plean teanga a ullmhú do Chaisleán an Bharraigh

Tá eagraíocht á lorg ag Foras na Gaeilge chun plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm do Chaisleán an Bharraigh i Maigh Eo.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh inniu go mbeidh iarratais á lorg ag Foras na Gaeilge as seo go ceann míosa ó dhreamanna ar spéis leo tabhairt faoin bpleanáil teanga i gCaisleán an Bharraigh. Tá an baile sin ar na bailte atá roghnaithe le bheith ina mbailte seirbhíse Gaeltachta faoin gcóras pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé “ag súil” leis go mbeadh muintir an bhaile “sásta páirt ghníomhach a ghlacadh chun staid na Gaeilge a threisiú – rud a bheidh chun leasa na Gaeilge agus an bhaile araon”.

Tá mí ag daoine chun iarratas a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge le bheith mar cheanneagraíocht pleanála teanga do Chaisleán an Bharraigh. Beidh dhá bliain ag pé eagraíocht a roghnófar chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne agus beidh tréimhse seacht mbliana ansin acu chun an plean teanga a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Eagraíocht á lorg chun plean teanga a ullmhú do Chaisleán an Bharraigh'