‘Éagórach, míréasúnta agus in aghaidh an dlí’ marcanna measta Ardteiste a dhiúltú do dhalta a fuair a chuid oideachais sa bhaile – Breitheamh 

Caithfear múinteoirí neamhspleácha a cheapadh le marcanna measta a ríomh i gcás Elijah Burke

‘Éagórach, míréasúnta agus in aghaidh an dlí’ marcanna measta Ardteiste a dhiúltú do dhalta a fuair a chuid oideachais sa bhaile – Breitheamh 

Martina Burke agus a mac Elijah,18, as Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo

Rialaíodh san Ard-Chúirt ar maidin go raibh sé mícheart ag an Roinn Oideachais agus Scileanna diúltú torthaí Ardteiste a chur ar fáil i mbliana do dhalta as Maigh Eo a fuair a chuid oideachais óna mháthair sa mbaile seachas sa chóras foirmiúil oideachais.

Thug Elijah Burke, (18) as Caisleán a Bharraigh dúshlán na Roinne a dúirt nach bhféadfaí marcanna a thabhairt ina chás ó tharla go mbeidh coimhlint leasa i gceist sa mheastachán a dhéanfadh a mháthair mar mhúinteoir aige.

Dúirt an Breitheamh Charles Meenan go raibh seasamh na Roinne Oideachais agus Scileanna “éagórach, míréasúnta agus in aghaidh an dlí”.

Rialaigh sé go gcaithfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna an cinneadh a bhí déanta sa chás a chur ar ceal agus múinteoir nó múinteoirí neamhspleácha a cheapadh in áit mháthair an mhic léinn le marcanna measta a ríomh sa chás seo.

Meastar go mbeidh impleachtaí ag cinneadh na cúirte inniu do mhic léinn eile atá sa mbád céanna le Elijah Burke.

Tá Burke ar dhuine de dheichniúr clainne a fuair a gcuid bunoideachais agus oideachas dara leibhéal óna máthair sa bhaile. Bhí rún aige naoi gcinn d’ábhair a dhéanamh don Ardteist agus leanúint dá chuid oideachais ina dhiaidh sin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Fág freagra ar '‘Éagórach, míréasúnta agus in aghaidh an dlí’ marcanna measta Ardteiste a dhiúltú do dhalta a fuair a chuid oideachais sa bhaile – Breitheamh '