Bíonn faitíos ar phríosúnaigh sa Bhreatain Bheag an Bhreatnais a labhairt agus imní orthu go mbeidh an saol níos deacra acu má labhraíonn siad a dteanga féin.
De réir tuarascáil de chuid Choimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Hews, bíonn imní ar phríosúnaigh áirithe go dtarraingeoidh siad aird a gcomhghleacaithe nó aird na n-údarás orthu féin má labhraíonn siad Breatnais.
Deirtear chomh maith go dtarlaíonn sé i gcásanna áirithe go gcuireann baill foirne na bpríosún isteach ar phríosúnaigh a bhíonn ag iarraidh Breatnais a labhairt eatarthu féin nó le cuairteoirí.
Dúirt Meri Hews nach mar “luxury”, nó mar bhronntanas, a aithnítear cearta teanga ach lena chinntiú go mbíonn “an chóir” ar fáil.
“Baineann seo le cearta bunúsach na bpríosúnach a dteanga féin a labhairt…Is cúis díomá dom scéalta faoi oifigigh phríosúin a bheith ag cur isteach ar cheart na bpríosúnach an Bhreatnais a labhairt eatarthu féin nó lena muintir agus tá sé tábhachtach go mbeadh sé soiléir nach féidir glacadh lena leithéid,” arsa Meri Hews, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige.
Dúirt Hews, áfach, go raibh dul chun cinn déanta ag na seirbhísí príosúin le tamall de bhlianta anuas.
“Tá muinín agam go mbainfidh siad leas as torthaí agus moltaí na tuarascála seo chun gníomh fónta a dhéanamh ar leas lucht labhartha na Breatnaise.”
Chuir lucht seirbhísí príosúin sa Bhreatain Bheag fáilte roimh thuarascáil an Choimisinéara agus dúradh go raibh tús curtha cheana féin le beart a dhéanamh ar mhaithe le cainteoirí Breatnaise sna phríosúin.
Fág freagra ar 'Eagla ar phríosúnaigh sa Bhreatain Bheag a dteanga féin a labhairt'